Fuair an scannán ‘American Fiction’ duais Oscar sa chatagóir ‘An Script Scannáin is Fearr Cóiriú. Tá sé rud beag íorónta, mar is scannán faoi scríbhneoir é an scannán féin. Tá script an scannáin bunaithe ar úrscéal foilsithe i 2001, dar teideal ‘Erasure’, scríofa ag Percival Everett. Is aoir nimhneach atá ann, ag déanamh cur síos ar an mbrú a chuireann an domhan litríochta ar dhaoine nach den chine geal iad cloí le steiréitíopaí cine a léiríonn iad ar bhealach mífhabhrach.

Erroll McDonald, leas-uachtarán agus eagarthóir feidhmiúcháin, ar cheann den líon beag eagarthóirí dubha mór le rá i dtionscal na foilsitheoireachta. Dúirt go bhfuil go leor de na téamaí i leabhar Everett díreach chomh húr inniu agus a bhí siad i 2001. Dúirt sé freisin go raibh sé ró-eolach faoin mbealach a roghnaíonn eagarthóirí agus foilsitheoirí geala scéalta a threisíonn steiréitíopaí faoi dhaoine dubha, seachas scéalta a léireodh iad mar ghnáthdhaoine, cosúil le gach uile dhuine eile.

An Plota

Scríbhneoir acadúil agus Ollamh sna daonnachtaí is é TheloniousMonk Ellison (Jeffrey Wright). Ach níl sé sásta sa ról agus cuireanna thuairimí conspóideacha in iúl dá mhic léinn go neamhbhalbh, beag beann ar na hiarmhairtí. Déantar gearáin le húdaráis na hOllscoile faoi na rudaí gránna a dúirt Monk sa rang, agus socraíonn a bhainisteoirí saoire gan pá a thabhairt dó. Téann Monk abhaile go Bostún, agus mar is scríbhneoir é, freastalaíonn sé ar fhéile leabhar atá ar siúl ann. Ritheann cúpla rud le Monk agus é ag freastal ar an bhféile. Ar an gcéad dul síos, níl a scríbhinní ag teacht leis atá á lorg ag an margadh leabhar ó scríbhneoirí dubha cosúil leis. Agus cad atá á lorg ag an margadh leabhar? Daoine dubha i róil steiréitipiciúla agus droch-chaint na sráide á labhairt acu ina dteanga choiteann. Is léir é seo ón úrscéal We’s Lives in Da Ghetto, úrscéal scríofa ag an sár-réalta Sintara Golden (Issa Rae). Nuair a léann Sintara amach sliocht as a leabhar, feiceann Monk na mná bána meánaosta sa lucht féachana ag sméideadh mar chomhartha aontaithe.

Tuigeann Monk freisin, in ainneoin go bhfuil drogall air dul i dteagmháil lena theaghlach, go bhfuil siad ag streachailt ar go leor bealaí agus go bhfuil sé tábhachtach dó a bheith ann agus cabhair a thabhairt dóibh in am a ngátar – go háirithe ós rud é go bhfuil galar Alzheimer ar a mháthair, Agnes (Leslie Uggams).

Chun a mhíshástacht agus a fhrustrachas a léiriú, suíonn Monk síos oíche amháin agus tosaíonn sé ag scríobh leabhair. Is é teideal an leabhar ná ‘My Pafology’, scéal faoi dhronga agus gunnaí, agus drochdhaoine dubha. Scríobhann sé an leabhar faoin ainm cleite ‘Stagg R. Leigh.’ Mar nach bhfuil Monk in ann a aghaidh a thaispeáint mar Stagg agus é i dteagmháil le foilsitheoirí éagsúla, ligeann sé air féin gur coirpeach é atá ag éalú ón dlí, nach bhfuil in ann freastal ar chruinnithe go pearsanta. Ansin, tarlaíonn rud nach raibh sé ag súil leis ar chor ar bith. Nuair a sheoltar an lámhscríbhinn amach, tugann ceann de na foilsitheoirí móra tairiscint dó atá deacair a dhiúltú – $750,000! nach dteastaíonn uaidh é a ghlacadh, níl an dara rogha aige, mar cúram leighis de dhíth ag a mháthair. Ansin ainmnítear a leabhar do mhórdhuais agus bíonn an-rath go deo air.

Conclúid

Oibríonn an scéal ar dhá leibhéal, ar dtús mar léirmheas ar na brúnna curtha ar dhaoine dubha ag obair sna healaíona. Ag an am céanna, feiceann tú saol Monk agus a theaghlach go soiléir. Is ollamh é féin, is cliniceoir í a dheirfiúr agus is máinlia plaisteach é a dheartháir ag tabhairt droim láimhe leis na steiréitíopaí cine á scaipeadh ag na meáin. Cruthaíonn an dá leibhéal sin atá in éadan a chéile an t-uafás teannais sa scannán. Agus taispeánann sé go soiléir freisin nach bhfuil bunús dá laghad leis na steiréitíopaí a gcreideann roinnt mhaith daoine iontu.

Tá an aisteoireacht thar barr sa scannán, agus Jeffrey Wright dochreidte i ról Monk. Braitheann tú a fhrustrachas agus a phian an t-am go léir, fiú amháin agus go háirithe b’fhéidir, nuair a bhíonn an-rath aige mar údar.

Mholfainn an scannán seo gan cheist. Scalann sé solas uilíoch ar ábhar tromchúiseach, ach pléitear an t-ábhar ar bhealach spraíúil agus siamsúil.

.

.

.

gaGaeilge