Fuair an Úcráin a neamhspleáchas sa bhliain 1991 tar éis thobchliseadh an Aontais Shóivéadaigh. Ag an am, gealladh athbheochan na hÚcráinise, teanga dhúchais na tíre. Is míorúilt go raibh sé fós beo, mar rinne Impireacht na Rúise agus níos déanaí an tAontas Sóivéadach an méid sin damáiste do mhuintir, do chultúr agus do theanga na hÚcráine leis na céadta bliain. Tá míorúilt eile faoi lánseol san Úcráin faoi láthair, maidir le hathbheochan na hÚcráinise. Roimh dom an mhíorúilt sin a nochtadh, is fiú cúpla focal a scríobh faoi cé chomh deacair is a bhí sé do na hÚcráinigh a gcultúr agus a dteanga a thabhairt slán trí na géarchéimeanna eisiacha a tharla dóibh in imeacht na mblianta. Leis an eolas sin, beidh tuiscint níos doimhne againn faoin míorúilt féin.

Go gairid i ndiaidh di teacht i gcumhacht i 1762, chuir an Banimpire Rúiseach Catherine II cosc ​​ar theagasc na hÚcráine ag an Acadamh Kyiv-Mohyla, an t-ionad cultúrtha ba thábhachtaí san Úcráin ag an am. Ní ba dhéanaí, thug orduithe do na heaglaisí seirbhísí eaglasta a dhéanamh i Rúisis amháin agus do na scoileanna Rúisís a bheith mar ábhar éigeantach acu.

Sa 19ú haois, rinne Impireacht na Rúise géarleanúint arís agus arís eile ar chultúr na hÚcráine agus go háirithe ar Úcráinis, ar eagla gur bhagairt mhór a bheadh ann d’aontacht na hImpireachta. Sa bhliain 1804 cuireadh cosc ​​ar an Úcráinis mar ábhar agus mar theanga theagaisc sna scoileanna.

Ach lean bearta fiú níos déine i 1863 nuair a rinne an tAire Impiriúil Gnóthaí Baile Pyotr Valuev forógra chun deireadh a chur le foilsiú leabhar as Úcráinis. Dar leis an bhforógra, “ní raibh Rúisis Bheag (a chiallaíonn Úcráinis) ann riamh agus ní bheidh ann.”

Sa bhliain 1922, gan mhoill i ndiaidh Réabhlóid na Rúise, slogadh an Úcráin isteach san Aontas Sóivéadach, agus ansin cuireadh polasaithe nua i bhfeidhm ann, ar tugadhUkrainization orthu. Athrú iomlán a bhí i gceist agus ní raibh aon chosc ar úsáid na hÚcráinise níos mó.

Ba ghearr a mhair an ‘Ukrainization’, áfach, mar chuir an deachtóir Joseph Stalin ar ceal é sa bhliain 1933. Níos measa ná sin, maraíodh roinnt mhaith de lucht intleachta na hÚcráine, scríbhneoirí agus ealaíontóirí cáiliúla san áireamh, sa ‘Purgú Mór’ i 1937. Tar éis báis Stalin i 1953, bhláthaigh athbheochan cultúrtha agus ina theannta sin, tháinig glúin úr scríbhneoirí agus ealaíontóirí.

Nuair a fuair an Úcráin a neamhspleáchas i 1991, thug an rialtas gealltanas tacaíocht a thabhairt don chultúr agus don teanga. Ach bhí drochthionchar na Rúise ar an Úcráinis fós le feiceáil sa tír nua agus fada ina dhiaidh sin, bhí teilifís na hÚcráine, a nuachtáin, agus fiú ainmneacha a sráideanna fós as Rúisis den chuid is mó. Ní raibh sé in am fós.

Leis an Réabhlóid EuroMaidan i 2013-2014, cuireadh amach réimeas a bhí ar son an Kremlin, agus cuireadh isteach réimeas ar son na hÚcráine ina áit. Níor ghlac Vladimir Putin leis sin, agus ghabh an Rúis seilbh ar an gCrimé i 2014. Go luath ina dhiaidh sin rinne an Rúis ionradh ar oirthear na hÚcráine, ag gabháil codanna de na réigiúin fhéinrialaitheacha de Donetsk agus Luhansk. Cuireadh srianta géara ar úsáid na hÚcráinise sna críocha gafa sin mar pháirt den ghabháil.

Faoi dheireadh i 2019, ritheadh Acht na Teanga san Úcráin, a bhunaigh an Úcráinis mar theanga oifigiúil na tíre, agus leis sin cuireadh iallach ar na meáin, ar an gcóras oideachais agus ar chomhlachtaí poiblí an teanga a úsáid go poiblí.

Ansin, sa bhliain 2022 d’ionsaigh fórsaí Putin an Úcráin go brúidiúil, agus cé gur cheap Putin go mbeadh an bua aige laistigh de chúpla lá, tá an cogadh fós ar siúl dhá bhliain go leith ina dhiaidh na hionsaithe. Agus impiriúlachas na Rúise le feiceáil faoi lánseol, tháinig borradh mór ar athbheochan na hÚcráinise. Bhí muintir na tíre tiomanta d’aon ghnó a dteanga dhúchais a labhairt, beag beann ar a gcumas sa teanga. Is ansin a tharla an mhíorúilt agus insíonn na fíricí an scéal. Ocht mí tar éis an ionsaithe, dúirt 71% do phobal na tíre go raibh siad ag labhairt Úcráinise níos mó, agus d’athraigh 33% mhuintir Kyiv ó Rúisís go hÚcráinis mar a dteanga labhartha.

Ó mhí Aibreáin 2023 amach, is gá daon duine ag iarraidh a bheith ina shaoránach pas a fháil i scrúduithe Úcráinise (scrúdú scríofa agus scrúdú béil). “Tá muid ag dul faoi athbhreith na teanga. Nílimid ach ag fáil amach cad a bhí againn i gcónaí,” a dúirt Volodymyr Dibrova, scríbhneoir agus aistritheoir a mhúineann Úcráinis ag Harvard. Ní reiligiún ná críoch, ach teanga, a dúirt Dibrova, an fachtóir a dhéanann an t-idirdhealú is suntasaí idir iad agus a namhaid. “Tá sé amhail is go bhfuil muintir na tíre tar éis dúiseacht agus ag fiafraí díobh féin: Cé muidne? Cad í ár bhfíor-stair? Cad í ár bhfíor-theanga? Más í an Úcráinis ár bhfíor-theanga, cén fáth nach labhraímid í an t-am ar fad? Cén fáth nach labhraímid Úcráinis mar theanga ár gcaidrimh agus ag gach ócáid –idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil? Bhí na freagraí an-soiléir do mhuintir na tíre, agus thuig siad go maith gur phríomhpháirt dá bhféiniúlacht mar phobal agus mar náisiún í a dteanga. Sin an fáth gur thosaigh siad í á foghlaim nó á athfhoghlaim agus á labhairt an oiread agus ab fhéidir leo. Thuig siad go raibh a gcultúr agus go háirithe a dteanga fite fuaite lena bhféiniúlacht náisiúnta. Agus chuaigh siad sa bhearna bhaoil agus sheas siad an fód ar son na féiniúlachta céanna sin!

Molaim go hard gach rud atá á dhéanamh ag muintir na hÚcráine maidir lena dteanga, in ainneoin an chogaidh fhíochmhair a ar siúl. Ardaíonn sé cúpla ceist dúinn féin freisin, maidir leis ár gcultúr agus ár dteanga. muidne? Cad í ár bhfíor-stair? Cad í ár bhfíor-theanga? Más í an Ghaeilge ár bhfíor-theanga, cén fáth nach labhraímid í an t-am ar fad? Cén fáth nach labhraímid Gaeilge mar theanga ár gcaidrimh agus ag gach ócáid –idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil? Agus faoi dheireadh an cheist is tábhachtaí dúinn a fhreagairt – cad is gá tarlú dúinn ionas go ndúiseoimid as ár stipéar sula mbeidh sé ródhéanach agus ár dteanga a shábháil – gann ar chogadh?

gaGaeilge