Réamhrá

Chonaic mé an chéad díospóireacht uachtaránachta i mbliana, idir Donald Trump agus Joe Biden. Scríobh mé alt faoin díospóireacht thubaisteach sin, inar scríobh mé: “I mo thuairim, an rud is fearr a d’fhéadfadh Joe Biden a dhéanamh anois ná tarraingt amach as an rás gan mhoill – ach beag an baol.”

Thit cúpla rud amach ina dhiaidh sin, ar tuar dóchais iad. Ar an gcéad dul síos, tharraing Joe Biden amach as an rás uachtaránachta. Ar dtús, sheas sé an fód ag rá gurb é féin an t-aon duine amháin a d’fhéadfadh Trump a shárú. Ach bhí sé soiléir nár aontaigh daoine eile leis sin, fiú amháin daoine ina pháirtí féin – na Daonlathaithe, agus go háirithe Nancy Pelosi iar-Spéicéir Theach na nIonadaithe. Tá an-údarás le tuairim Nancy Pelosi, go háirithe sa chás seo. Tá sí beagáinín níos sine ná Biden ag 82 bliain d’aois, agus chomh maith leis sin, d’éirigh sí as a post féin mar Spéicéir le déanaí, ag rá nach mbeadh sí ag iarraidh an ról a fháil arís, tar éis di dhá théarma de ceithre bliana a bheith sa phost (2007-2011 agus 2019-2023). Faoi dheireadh, ghéill Biden d’fhírinne a cháis agus tharraing sé amach. Ansin, tharla an dara rud suntasach, agus thug na Daonlathaithe go léir tacaíocht do Kamala Harris mar iarrthóir uachtaránachta gan aon chomórtas. Roghnaigh sí Tim Walz mar chomhiarrthóir leasuachtaránachta agus thosaíodar feachtas bríomhar gan mhoill. Thiomsaigh a bhfeachtas $361 milliún i mí Lúnasa, beagnach trí huaire níos mó ná feachtas Trump ($130 milliún). Laghdaigh an bhearna eatarthu sna pobalbhreitheanna go dtí go raibh siad gob ar ghob. Agus ansin tar éis cúpla sonra a oibriú amach, d’aontaigh Trump agus Harris díospóireacht uachtaránachta a bheith acu ar fhad uair go leith.

An Díospóireacht

raibh aon chosúlacht idir an díospóireacht seo agus an ceann deireanach. Ag tús na díospóireachta, shiúil Harris anall chuig Trump agus chroith sí lámh leis. Sa tslí sin, rinne sí pointe tábhachtach nach raibh faitíos uirthi roimhe, ach a mhalairt. Réitigh an comhartha sin an bealach faoi choinne a bhí le teacht thuas ar an stáitse in Philadelphia, Pennsylvania. Seo ceithre thátal a bhain mé as an díospóireacht.

1 Lagaithe Trump

Thug Harris laigí bunúsacha Trump chun solais go soiléir, rud nach raibh ar chumas Biden a dhéanamh sa chéad díospóireacht, lena n-áirítear:

 Taifead coiriúil Trump. Nuair a dúirt Trump gur coirpigh iad formhór na n-imirceach ag teacht isteach sa tír, thug Harris an freagra seo: “Nach greannmhar go ndéarfása é sin. Ag teacht ó dhuine a ionchúisíodh as coireanna slándála náisiúnta, coireanna eacnamaíocha, cur isteach neamhdhleathach ar thoghcháin, a fuarthas ciontach i leith ionsaí gnéis, agus a bheidh os comhair na cúirte i mí na Samhna ag a phianbhreith choiriúil féin.
 Ról Trump maidir le hionsaí Eanáir 6, 2021. Dúirt Trump: “Ní raibh baint ar bith agam leis sin seachas gur iarr siad orm óráid a thabhairt. Dúirt Harris: “Do gach duine ag féachaint, a chuimhníonn cad a tharla ar 6 Eanáir, deirim, Ní gá dúinn dul ar ais. Ná rachaimid ar ais. Nílimid ag dul ar ais. Tá sé in am an leathanach a chasadh.”
 Seasamh Trump ar ghinmhilleadh. Dúirt Trump go bhfuil na Daonlathaithe ar son linbh nuabheirthe a mharú. Ach dúirt an modhnóir Davis nach raibh sé sin fíor. Nuair a d’iarr modhnóir ar Trump an síneodh sé cosc náisiúnta ar ghinmhilleadh, níor fhreagair sé an cheist. Chuir Harris brú air é a fhreagairt, ach dhiúltaigh sé arís.

2 Bréaga Trump

D’inis Trump lán mála bréag, agus seo ach cúpla sampla:

 Tá na Daonlathaithe ar son linbh nuabheirthe a mharú.
 Tá na Daonlathaithe ag tabhairt vótaí dinimircigh neamhdhleathaigh.
 Tá eachtrannaigh gan doiciméad ag gabháil bailte, ag gabháil foirgneamh.
 In Springfield Ohio tá na hinimircigh ag ithe na gcat agus na madraí.

3 Cás paiseanta maidir le ginmhilleadh

Dúirt Harris go dtacaíonn sí le Roe v. Wade a athbhunú. “Tá sé maslach do mhná Mheiriceá. … Bíonn ar dhaoine oibre, mná oibre atá ag obair post nó dhó, a bhfuil orthu cúram leanaí a fháil gur ar éigean d’acmhainn dóibh, taisteal go stát eile ar eitleán, a bheith ina suí in aice le strainséirí, chun an cúram sláinte a theastaíonn uathu a fháilar éigean d’acmhainn dóibh. Agus tá sé neamhscrupallach iad a chur tríd sin.”

4 Príomhthéama Trump – Inimircigh gan doiciméad agus a gcoireanna

Dar leis na Poblachtaigh, is é polasaithe na nDaonlathaithe maidir le hinimirce a laige is mó, agus chuir Trump an bhéim ar chúrsaí inimirce chomh minic agus ab fhéidir. D’inis Trump bréag i ndiaidh bréaga ar an ábhar, agus luaigh mé ceann cheana inar mhaígh sé go raibh inimircigh ag ithe na bpeataí in Springfied. Seo cúpla sampla eile a bhí le rá aige faoin imirce.

“Thug siad (na Daonlathaithe) cead do choirpigh,” a dúirt Trump, ag maíomh gan aon fhianaise go raibh “na milliúin” coirpeach ann. “Thug siad cead do sceimhlitheoirí. Cheadaigh siad coirpigh shráide coitianta. Thug siad deis do dhaoine teacht isteach, do mhangairí drugaí teacht isteach inár dtír.” Dúirt Trump ag pointe eile: “Is é an droch-inimirce an rud is measa a d’fhéadfadh tarlú dár ngeilleagar. Tá siad agus tá sí (Harris) ag scriosadh ár dtíre lena bpolasaí. Tá sé sin craiceáilte.”

Conclúid

Dar le formhór na n-anailísithe, bhí an bua ag Harris sa díospóireacht. Aontaím leis sin, ach ní hionann sin agus a rá go mbeidh an bua aici sa toghchán. Bhuaigh Hilary ar Trump sa trí dhíospóireacht a bhí eatarthu in 2016, dar leis na hanailísithe agus dar leis an bpobal ach in ainneoin sin, bhí an bua ag Trump sa toghchán uachtaránachta. Agus cé go bhfuil eolas ag gach duine faoi Trump agus a chur chuige, níl mórán eolais ag go leor daoine faoi Harris agus na difríochtaí idir polasaithe Biden agus a polasaithe féin. Rinne Harris sárjab sa díospóireacht agus sin céim mhaith, ach tá go leor le déanamh aici fós, agus níl mórán ama fágtha aici chun é a dhéanamh. Mar fhocal scor dearfach, phostáil Taylor Swift a tacaíocht ar son Harris dá lucht leanúna (283 milliún) ar Instagram, tar éis na díospóireachta. Ní drochrud é sin!

.

gaGaeilge