An tSiria!
“Bíonn deicheanna de bhlianta nuair nach dtarlaíonn dada; agus bíonn seachtainí ina dtarlaíonn deicheanna de bhlianta.” – Vladimir Lenin, bunaitheoir Pháirtí Chumannach na Rúise.
Tháinig deireadh tobann go dtí an cogadh cathartha a bhí ar siúl sa tSiria ón mbliain 2011 – Earrach na nArabach, am a bhí léirsithe agus agóidí ar siúl sa domhan Arabach, an tSiria san áireamh. Sheas an deachtóir Bashar al-Assad an fód an t-am sin. Bhí arm láidir aige agus le cabhair ón Liobáin (agus go háirithe fórsaí Hezbollah), ón Rúis agus ón Iaráin, chuir sé an t-éirí amach faoi chois go brúidiúil. Tuairiscítear gur maraíodh níos mó ná leathmhilliún Siriach agus gur ruaigeadh na milliúin as a gcuid tithe le linn an chogaidh, agus go bhfuil sé milliún teifeach i dtíortha eile dá bharr sin.
Ní raibh an bua aige in aghaidh na reibiliúnach an uair seo. Cén fáth?
Lag Trá Comhghuaillíochtaí!
Bhí gach rud difriúil an t-am seo. Ghearr fórsaí na reibiliúnach tríd an tír mar scian trí im, agus ba ar éigean a chuir an t-arm oifigiúil ina gcoinne in aon chor. Is é an grúpa is mó i measc na reibiliúnach ná “Hayat Tahrir al-Sham” (HTS), grúpa míleatach Ioslamaíoch a bhfuil Abu Mohammad al-Jolani i gceannas air. Cé go bhfuil na grúpaí sin ann ó thús an chogaidh, d’aithin siad laigí ar thaobh Uachtarán Bashar al-Assad, agus go háirithe i gcúpla tír thábhachtach a bhí i gcomhghuaillíocht leis – An Rúis agus an Iaráin. Thapaigh HTS an deis stairiúil sin, agus d’éirigh go hiontach leo. Ach cén fáth nach raibh dé ná deatach ar an Rúis agus an Iaráin an t-am seo?
An Rúis
Chonaic an domhan cá ndeachaigh an deachtóir gránna Bashar al-Assad nuair a d’fhill an feall ar an bhfeallaire. Rinne sé mar a dhéanfadh aon mheatachán sceimhlithe agus theith sé chomh luath agus ab fhéidir leis. Agus cá ndeachaigh sé ach go Moscó, áit ina bhfuil sé slán sábháilte, faoi choimirce an uachtaráin – Vladimir Putin. Beidh siad in ann comhbhrón a dhéanamh le chéile faoi cad a tharla sa tSiria. Bhain na caillteanais ollmhóra ní hamháin do al-Assad, ach do Putin freisin. Mar a dúirt iar-aire gnóthaí eachtracha na hÚcráine Dmytro Kuleba: “Chaith Putin faoin mbus Bashar al-Assad, ionas go mbeadh sé in ann fad a chur leis a chogadh san Úcráin. Tá ganntanas acmhainní air, agus níl sé chomh láidir agus a ligeann sé air féin!” Bhí cúpla focal le rá fiú ag Donald Trump, a dúirt: “Toisc go bhfuil an Rúis chomh cheangailte suas san Úcráin, agus toisc gur chaill sí níos mó ná 600,000 saighdiúir ann, ní raibh sé de chumas aici stad a chur leis an máirseáil tríd an tSiria, tír a chosain siad le blianta anuas.”
Níl aon dabht ach gur léirigh an bua a fuair fórsaí na reibiliúnach ar réimeas al-Assad nach bhfuil ar bun ag Putin taobh amuigh den Rúis ach buaileam sciath.
An Iaráin
Le míonna beaga anuas, níorbh fhéidir leis an Iaráin bac a chur ar oibríochtaí Iosrael. Maraíodh ceannaire polaitiúil Hamas, Ismail Haniyeh, i dTehran. Rinne Iosrael ionsaithe ar timpeall 20 targaid mhíleata san Iaráin. Tar éis feachtas míleata ina n-aghaidh, tá Hamas agus Hezbollah buailte go dona ag Iosrael, agus a gcumhacht mhíleata déghrádaithe. Bhí an Iaráin ag tabhairt tacaíochta do Hamas agus Hezbollah mar bíonn siad ag troid ar a son. Bhí an Iaráin agus Hezbollah ag úsáid na Siria chun airm agus soláthairtí a iompar go dtí an Liobáin. Níl an rogha sin ar fáil acu níos mó, agus mar sin tá an Ais Fhrithbheartaíochta (an Iaráin, an tSiria suas go dtí seo, Hezbollah, Hamas, na Houthi ón Éimin agus cúpla grúpa eile san Iaráic) thíos chomh dona sin, go gceapfá go bhfuil sí marbh. Feicfimid linn.
An tSiria
Cad atá i ndán don tSiria féin? Tá HTS ag iarraidh rialtas idirthréimhseach a chur in áit, le Mohammed al-Bashir mar thaoiseach. Bhí sé ina thaoiseach ar chríocha HTS in iarthuaisceart na tíre roimhe seo. Beidh go leor deacrachtaí ag an taoiseach agus ag HTS cobhsaíocht a bhaint amach don tír.
Tá grúpaí eitneacha éagsúla sa tír: Arabaigh, Coirdigh, Turcánaigh, Asairigh, Airméanaigh, Ciscisigh, Druze, Alawítigh, Yazidigh agus teifigh Phalaistíneacha. Chomh maith leis sin, tá reiligiúin éagsúla ann: Moslamaigh (idir Sunni agus Shia), Alawítigh, Críostaithe, Yazídigh, Ismailigh agus Giúdachas.
Tá drochbhail ar gheilleagar na tíre mar iarsma den chogadh cathartha. Tá an geilleagar ag crapadh le breis is 13 bliain anuas – aon séú chomh mór faoi láthair agus a bhí sé roimh an gcogadh.
Tá breis is leath de dhaonra na tíre díláithrithe, agus meastar go bhfuil cúnamh ag teastáil ó 16.7 milliún duine. Is dídeanaithe nó iarrthóirí tearmainn thart ar 6.3 milliún, agus tá go leor daoine ag iarraidh filleadh abhaile anois.
Is tír straitéiseach í an tSiria sa Mheánoirthear, agus tá teorainneacha aici leis an Tuirc ó thuaidh, an Iaráic san oirthear, an Iordáin ó dheas, agus Iosrael agus an Liobáin san iardheisceart. Beidh an tír in ann tionchar mór a bheith aici ar chothromaíocht na cumhachta sa Mheánoirthear, agus gan dabht beidh leas dílsithe ag go leor tíortha eile sa tSiria dá bhrí sin.
Lámh shocair?
Suas go dtí seo, ní fhaca mé ach cúpla tír atá páirteach sa tSiria – Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael. Ach in ionad cabhair a thabhairt don tír, bhíodar ag buamáil targaidí míleata go trom ann. Cén saghas cabhair í sin? Ní chuireann iompar mar sin an teachtaireacht cheart in iúl don tSiria, nó fiú don domhan mór.
Ach is féidir tacaíocht a thabhairt don tSiria tríd an ngéibheann. Ba cheart do na tíortha a bhfuil smachtbhannaí acu ar an tSiria iad a mhaolú go luath, agus maoiniú a ghealladh di chun a hinfreastruchtúr a atógáil. Tá géarchéim dhaonnúil sa tír freisin, agus tá cabhair dhaonnúil ag teastáil go géar. Chomh maith leis sin, bheadh sé oiriúnach do na Náisiúin Aontaithe fórsa coimeádta síochána a thabhairt isteach mar bheart eatramhach, go dtí go mbeidh téarnamh marthanach agus cobhsaíocht pholaitíochta le feiceáil sa tír.
Cé gur ábhar dóchais é gur cloíodh réimeas uafásach al-Assad, níl deireadh déanta fós, agus níl ach suíochán leochaileach sa tSiria faoi láthair. Bímis ag súil nach é sin an ciúnas roimh anfa, ach tá sé róluath a rá fós.