Nuair a shroicheamar California na blianta ó shin, ní raibh mótarbhealach nó saorbhealach feicthe againn riamh cheana ach amháin ar an teilifís. Bhí an débhealach ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Nás an rud ba chosúla a bhí againn in Éirinn an tráth sin.

Bhí eagla an domhain orm rompu agus rinne mé mo dhícheall fanacht glan orthu. D’éirigh liom ar dtús, ach tháinig deireadh leis sin go tapa nuair a thiomáin mé suas caolbhealach isteach de thaisme. Ní raibh faic le déanamh ansin ach dul leis an sruth agus ansin bhíomar ar an saorbhealach! Bhí greim báis ar an roth stiúrtha agam agus mé cromtha anuas air. Bhí mé ag bárcadh allais! D’fhan mé sa lána mall agus lean mé ag tiomáint. Thuigeamar go mbeadh orainn tiomáint amach caolbhealach amach chomh luath agus ab fhéidir linn nó chríochnóimis suas i San Francisco.

Faoi dheireadh, d’éirigh liom éalú ón saorbhealach ag áit ar a dtugtar ‘Pacific Palisades’ air. Seans go n-aithneofá an t-ainm mar tá sé i mbéal an phobail ar fud na cruinne faoi láthair.

Sna laethanta luatha sin cheapamar go raibh muid i Neamh ar thalamh. Bhí an aimsir go breá gach lá agus bhí cultúr na caoithiúlachta i bhfeidhm. Ba ghearr a mhair sé, ar an drochuair, agus tháinig deireadh tobann lenár mí na meala lá amháin nuair a bhí crith talún ann. Bhí an teilifís ar siúl againn agus chuaigh an tuairisceoir nuachta i bhfolach faoin deasc nuachta gan mhoill. Bhí ár bhfoirgneamh ag luascadh anonn is anall ach d’fhan sé slán. Shílfeá nach stopfaí an croitheadh, ach faoi dheireadh stad sé.

Rinne sé go leor báistí ann le linn sa chéad gheimhreadh a bhíomar inár gcónaí i Los Angeles, agus dá bhrí sin bhí sciorrthaí talún agus láibe agus scriosadh roinnt tithe.

Cé gur tharla falscaithe inár laethanta tosaigh i gCalifornia a rinne damáiste suntasach, d’éirigh cúrsaí níos measa le himeacht ama. Tarlaíonn falscaithe níos minice agus iad níos contúirtí sa lá atá inniu ann ná riamh. Is dócha go bhfuil baint ag téamh domhanda leis sin. Bhíomar inár gcónaí ar imeall cainneoin ar feadh roinnt mhaith blianta, agus muid aineolach go hiomlán ar chontúirt dóiteáin. Cheannaíomar teach in aice na farraige fiche cúig bliana ó shin ionas go mbeimis níos gaire dár n-ionaid oibre, agus táimid ann fós. Níor thuigeamar ag an am go raibh buntáiste mór ag baint leis sin – is annamh a bhíonn falscaithe anseo, mar níl na sléibhte gar dúinn. Bhí falscaí uafásach sa chontae seo (San Diego) sa bhliain 2003, agus chaill roinnt mhaith de mo chomhghleacaithe a tithe san fhalscaí sin –  an ‘Cedar Fire’. Bhí ar mo mhac agus mé féin tiomáint in aice leis an bhfalscaí sin agus muid ag teacht abhaile tar éis turas bóthair. Chuir sé eagla an domhain orainn a bheith gar do lasracha a theagmhaigh leis an spéir féin. Bhí an t-aer te agus bhí boladh dó láidir ann. Bhíomar in ann cnagarnach challánach na tine a chloisteáil freisin. Nuair a fheiceann tú agus cloiseann tú falscaí chomh mór sin agus chomh gar duit, bíonn tuiscint nua agat faoi dhainséar, scála agus scóip falscaithe. Fanann tuiscint mar sin leat go deo.

Gan dabht, chonaic tú na falscaithe i ‘Pacific Palisades’ agus in ‘Altadena’ ar an teilifís, agus chuala tú an nuacht go léir faoi. Tá na falscaithe ag réabadh agus ag scriosadh gach rud ina bealach, beag, meánach nó mór agus tá na fobhailte sin díreach sa bhealach. Idir ‘Pacific Palisades’ agus ‘Altadena’, dódh níos mó ná 12,000 foirgneamh go dtí seo. Fuair 25 duine ar a laghad bás faoin am seo. Is tubaiste uafásach é ag cur isteach go mór ar go leor teaghlaigh, agus beidh sé an-deacair dóibh siúd le blianta fada as seo amach.

Tá dhá phríomhchúis leis na falscaithe uafásacha seo. Ar an gcéad dul síos, táimid buailte ag triomach le 8 mí anuas. Dá bhrí sin, tá an fásra go léir an-tirim. Ar an dara dul síos, tá gaotha tirime na bhfásach (‘Santa Anas’) ag séideadh ina ngála le seachtain anuas, ar ardluas suas go 160 km san uair. Le dálaí aeráide mar sin, ní thógann sé ach spréach amháin chun falscaí a lasadh agus is é sin díreach a tharla sna cásanna seo.

Bíonn sé deacair i gcónaí déileáil le tubaistí chomh mór sin de réir mar a tharlaíonn siad, agus cé go raibh foireann dóiteáin ar an láthair tapa go leor, agus cé go raibh aerárthaigh múchta tine ag ligean anuas dómhoillitheach, tháinig fadhbanna éagsúla chun solais go luath. Níl a dóthain acmhainní ar fáil ag an bhfoireann dóiteáin, dá bhrí leithdháileadh a buiséid a bheith ciorraithe bliain i ndiaidh bliana. Chomh maith leis sin, thriomaigh cuid de na hiodraint dóiteán níos faide suas na sléibhte, ionas nach raibh uisce ar fáil do chomhraiceoirí dóiteáin ag am criticiúil. Níl an córas uisce cónaithe deartha chun déileáil le héilimh chomh mór agus a cuireadh air. Déanfar go leor imscrúduithe chun na ceisteanna seo a phlé agus a thuiscint chun féachaint cad is féidir linn a dhéanamh chun cúrsaí a fheabhsú.

Faoi láthair, tá 8 bhfalscaí ar lasadh sa réigiún, agus tá na mílte comhraiceoirí dóiteáin ag obair go dian chun iad a mhúchadh. Tháinig comhraiceoirí dóiteáin ó gach cearn le cuidiú – ó Chalifornia, ó stáit eile sna Stáit Aontaithe, ó Cheanada agus ó Mheicsiceo. Tá FEMA (an tÚdarás Feidearálach um Bainistiú Éigeandála) ar an talamh ag tabhairt aire agus comhairle d’íospartaigh na tubaiste, agus ag cur airgid ar fáil dóibh. Tá na céadta póilíní (LAPD) agus gardaí náisiúnta ar patról sa cheantar, chun coireacht a chosc.

Is tréimhse an-deacair é dóibh siúd a bhfuil baill teaghlaigh nó cairde caillte acu. Níl sé éasca dóibh siúd atá gan dídean anois ach an oiread, go háirithe iad ar dódh amach as a gcuid tithe iad. Tá beagnach 100,000 duine faoi ordú aslonnaithe faoi láthair, agus an-deacair dóibh dídean a fháil anois. Tógfaidh sé go leor ama chun glanadh suas a dhéanamh, agus na blianta fada chun atógáil a dhéanamh.

Ach is é fírinne an scéil go bhfuil Deisceart California faoi bhagairt leanúnach maidir le tubaistí nádúrtha, creathanna talún san áireamh. Is dócha go n-éireoidh na falscaithe, na tuilte agus na sciorrthaí níos measa le himeacht ama. Leis sin, méadóidh na dúshláin romhainn agus beidh sé níos dainséaraí a bheith inár gcónaí anseo. Cé gur Neamh ar thalamh é formhór an ama, is Ifreann ar thalamh é uaireanta eile!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge