Léirmheas Scannáin – A Complete Unknown
Tagann an fear óg seo ar an láthair gan choinne agus níl a fhios againn dada faoi. Níl fíorainm an fhir seo ar eolas ag an gcuid is mó againn fós, tar éis na ndeicheanna de bhlianta dó sa spotsolas. Ach abair a ainm stáitse – ‘Bob Dylan’ – agus beidh eolas ag beagnach gach duine faoin réalta seo. Léirigh sé conas a mhothaigh glúin nua a d’fhás aníos sna seascaidí i Meiriceá tar éis an Dara Cogadh Domhanda i measc sochaí ina raibh cúrsaí an-mhíshocair agus ag athrú go tapa. Ba ghlúin í a bhí ag lorg síochána, ag lorg cearta comhionanna, agus nach raibh sásta a bheith sáite i gcogadh gan bhrí i Vítneam. Lena chuid ceoil, d’éirigh le Dylan meon a glúine agus fiú meon na tíre a chur in iúl ag uain chinniúnach i stair Mheiriceá.
Dá mbeadh orm tráth ríthábhachtach a roghnú sna seascaidí nuair a thug glúin amháin an lóchrann don chéad ghlúin eile, is é Féile Ceol Tíre i Newport, Rhode Island sa bhliain 1965 a roghnóinn, nuair a phlugáil Dylan isteach a ghiotár leictreach.
Is scannán seanré iontach é ‘A Complete Unknown’ a thugann an cúlra agus an stair ag baint leis an gceolchoirm eachtrach seo. Tosaíonn an scannán ag tús na bliana 1961, le Dylan (Timothée Chalamet) ag 19 mbliana d’aois ag tabhairt cuairt ar a laoch, Woody Guthrie (Scoot McNairy), a bhfuil galar Huntington air, agus é faoi éagumas. Ba é Guthrie guth a ghlúine féin, an ghlúin díreach roimh ghlúin Dylan. Díríonn sé a mhéar i dtreo ghiotár Dylan, agus seinneann Dylan amhrán a scríobh sé ina ómós darb ainm ‘Song to Woody’. Aithnímid ar a ghnúis go dtuigeann Woody gurb é Dylan a chomharba dealraitheach. Ag deireadh an amhráin, buaileann Woody buillí troma dá dhorn ar an mbord cois a leapa.
Ní mó ná gur bheannaigh Dylan don duine eile sa seomra, Pete Seeger (Edward Norton). Is cosúil go dtuigeann Seeger go bhfuil sé ag féachaint ar thús ré nua, ré Dylan.
Chomh luath agus a fheiceann sé Dylan den chéad uair, bogann an tionscnóir iomráiteach Albert Grossman (Dan Fogler) isteach mar a bhainisteoir. Chomh luath agus a chloiseann Joan Baez é ag seinm, tuigeann sí ar an toirt go bhfuil sí ag féachaint ar a hiomaitheoir. Is tallann iontach na ré í féin, le guth gléghlan agus le raon beagnach gan teorainn. Beidh sí le feiceáil roimh i bhfad ar chlúdach na hirise Time. Ach fiú níos mó ná Baez, is é Dylan a mheallann an lucht féachana, lena phearsantacht neamhghnách ach fós maighnéadach.
Níl ach teip i ndiaidh teipe i ndán do Dylan maidir le cúrsaí grá, b’fhéidir toisc go bhfuil sé i ngrá lena chuid ceoil den chuid is mó. Bíonn caidreamh aige leis an bpéintéir Sylvie Russo (Elle Fanning), leagan ficseanúil dá chailín fadtréimhseach Suze Rotolo, agus ansin níos déanaí caidreamh le Joan Baez (Monica Barbaro).
Duine leithleach is é Dylan, agus is annamh a thugann sé aitheantas do cheoltóirí eile. Mar shampla, cé go bhfuil Seeger i gcónaí ag obair ar a shon, is léir nach bhfuil meas ag Dylan ar Seeger mar cheoltóir. Eisceacht amháin is é fear na gormacha Jesse Moffet (Big Bill Morganfield), mac Muddy Waters féin (a raibh cáil mhór air lena linn féin mar cheoltóir na gormacha). Nuair atá Dylan déanach le haghaidh beo-léiriú ar an teilifís, seasann Moffet isteach ina ionad. Ach tagann Dylan isteach cé go bhfuil sé déanach agus tosaíonn sé ag caint le Moffet agus ansin tosaíonn Moffet ag seinm ar a ghiotár. Tá Dylan tógtha leis a bhfuil á dhéanamh ag Moffet, agus é á staidéar go cúramach an t-am go léir.
Nuair a shroicheann Dylan Newport i 1965, tá an domhan ar fad ag faire agus ag fanacht le léiriú íocónach agus sainiúil ón máistir. Ach nuair a ardaíonn sé an fhuaim ar a ghiotár leictreach agus nuair a sheinneann sé ‘Maggie’s Farm’, déanann leath an slua faireach faoi. Tá fearg ar Seeger agus déanann sé gach iarracht an chumhacht a ghearradh, ach ní éiríonn leis. Tar éis an tríú hamhrán, fágann Dylan an stáitse. Tugann Johnny Cash (Boyd Holbrook), atá le feiceáil i radhairc eile ag canadh a aintiúin féin, a ghiotár acústach dó. Filleann Dylan ar an stáitse agus seinneann sé ‘It’s all over now, Baby Blue!’
Níl i bhfad níos mó eolais agat faoi Bob Zimmerman ag deireadh an scannáin ná mar a bhí agat ag a thús. B’fhéidir gurb é sin an pointe – is daoine dothuigthe iad ceannródaithe dá shórt. Ar thaobh amháin, feicimid agus cloisimid torthaí a shaothair agus cé chomh hiontach is atá siad. Ar an taobh eile, feicimid duine mar chách ina shaol príobháideach. Is léir agus is suimiúil an chodarsnacht idir na gnéithe sin, atá leagtha amach go soiléir sa scannán.
Mar a deir Dylan féin le Sylvie: “Bíonn ceist ag daoine cárbh as na hamhráin, ach nuair a bhreathnaíonn tú ar a n-aghaidh, ní hé sin atá á n-iarraidh acu. Tá siad ag iarraidh a thuiscint cén fáth nár chum siad féin iad.” Cé gur féidir linn cruthaitheacht in airde láin mar sin a fheiceáil, níl sé de chumas ionainn an draíocht ag baint leis a thuiscint go hiomlán. Is oiriúnach an radharc deiridh – Dylan ag reibheáil a ghluaisrothar agus ag imeacht síos an bóthar, de réir mar a thiteann dorchacht ar an scáileán. Don uair dheireanach, éalaíonn an príomhphearsa uainn.
Tá portfóilió láidir ag stiúrthóir agus comhscríbhneoir na scripte, James Mangold. I measc na scannán a stiúir sé tá ‘Girl, Interrupted’ (1999), ‘Walk the Line’ (2005), a chomh-scríobh sé freisin, ‘3:10 go Yuma’ (2007), ‘The Wolverine’ (2013), agus ‘Logan’ (2017). Rinne Mangold jab iontach ag cruthú peirspictíochta úrnua faoi Dylan, bunaithe ar an leabhar le Elijah Wald dar teideal ‘Dylan Goes Electric!’
Bhí na haisteoirí go hiontach agus an-diongbháilte dá róil – ach go háirithe Timothée Chalamet agus Monica Barbaro. Chaith an bheirt acu tamall fada ag foghlaim agus ag cleachtadh a ról mar Dylan agus Baez, ar gach gné a saoil. Beidh fiú lucht féachana nach raibh aon eolas acu faoi Dylan nó Baez roimh ré, ag teacht amach as an amharclann ina lucht leanúna na n-amhránaithe. Ná caill an deis chun an scannán seo a fheiceáil ar an scáileán mór!