Saol uaigneach é saol an scríbhneora, agus tú i mbun méarchláir! Is gá iarracht a dhéanamh briseadh saor ó am go ham agus a bheith i dteagmháil le daoine eile. Tá sé ag teacht chun solais níos soiléire le déanaí cé chomh tábhachtach is atá caidreamh sóisialta dúinn. Má bhíonn saol sóisialta bríomhar agat, gach seans go mbeidh níos lú struis ort, go mbeidh sláinte níos fearr agat, agus go mairfidh tú saol níos faide dá bharr sin. Bhíomar go léir scoite amach ón gcuid eile den phobal i ré na paindéime COVID-19, mar ní raibh an dara rogha againn. De ghnáth, ní rud maith é sin, ach bhí sé deacair go leor an nós sin a bhriseadh go ceann tamall fada ina dhiaidh na paindéime, agus a bheith ag meascadh le daoine arís. Táim fós ag aimsiú deiseanna caint agus comhrá a bheith agam le daoine éagsúla.

Mar sin, nuair a léigh mé faoi rang filíochta a bheadh ar siúl i mo cheantar, músclaíodh mo spéis. Seo an blurba a léigh mé:

“Uaireanta mothaíonn an scríbhneoireacht mar iarracht uaigneach, ach is féidir le grúpa léitheoireachta agus critice idir thacaíocht agus aiseolas a thabhairt duit, a chuirfidh le d’fhéinmhuinín agus a thabharfaidh léargas nua duit ar do chuid scríbhneoireachta. Tosaíonn an rang le grinnléamh ar dhánta scríofa ag filí comhaimseartha, chun smaointe nua a chothú. Ansin, roinnfimid míreanna dár n-iarrachtaí féin, agus beidh deis ag daoine a dtuairimí a chur in iúl don údar.”

Cé go raibh mé neirbhíseach go leor faoi, chláraigh mé don rang. Scríobh mé dán roimh ré chun é a roinnt sa rang.

Bhí mé ábhairín déanach don chéad rang, mar ní raibh sé éasca spás páirceála a fháil. Bhí na scríbhneoirí eile agus Anna, an múinteoir, ina suí timpeall boird. Tharraing mé isteach cathaoir, agus shuigh mé síos.

Ansin, chuireamar ar fad sinn féin in aithne le chéile. Thug mé faoi deara go rabhamar go léir, seachas Anna, faoin tuairim chéanna aoise. Bhí sise deich mbliana níos óige, ar a laghad. Bhí aithne ag formhór na ndaoine ar a chéile cheana féin, mar d’fhreastalaíodar ar ranganna eile le hAnna. Níor thóg sé mórán ama domsa a thuiscint go raibh sí thar barr mar mhúinteoir agus éascaitheoir. Ar an gcéad dul síos, bean chroíúil, chairdiúil a bhí inti, a bhí breá ábalta bheith ag comhrá.

Ar dtús, dháil sí cúpla dán comhaimseartha ar an rang, agus léigh duine againn ceann acu os ard. Ansin léigh duine eile ceann eile. Ina dhiaidh sin, chuir sí ceisteanna éagsúla orainn maidir le gach dán. Mar shampla:
“Cad é bhur meas faoin dán?”
“Cad atá á rá ag an bhfile, in bhur dtuairim?”
“Cad iad na gnéithe is fearr libh, agus cén fáth?”

Bhí plé agus díospóireacht an-bhríomhar againn faoi na dánta, agus bhí sé an-suimiúil dom éisteacht le tuairimí na ndaoine eile, Anna san áireamh. Bhí orm mo chuid smaointe féin a chur le chéile agus a chur in iúl don rang freisin. Ní raibh na dánta léite agam cheana féin, agus d’aimsigh mé aoibhneas filíochta comhaimseartha nua. D’fhoghlaim mé faoi fhilí nár léigh mé a ndánta riamh cheana – Derek Sheffield, Sharon Olds agus Mike Saye san áireamh. Chuaigh a ndánta go mór i gcion orm agus bhí glaine ar leith ag baint lena n-íomhánna. Bhí mothúcháin éagsúla curtha in iúl go láidir ina ndánta freisin, agus bhí na filí in ann é sin go léir a dhéanamh ar bheagán focal. Sin draíocht na filíochta – rud atá iontach spreagúil.

Tús maith leath na hoibre, mar a deir an seanfhocal, agus sa chás seo b’fhíor é. Sa dara cuid den rang, tháinig an bhéim orainnse, na scoláirí. Ceann ar cheann, léamar amach ár ndánta féin, agus d’éisteamar le haiseolas an ranga fúthu. Roimh an rang, cheap mé go mbeadh náire orm mo dhán a léamh os ard do dhaoine nach raibh aithne agam orthu, agus chun tarcaisne a chur i gceann na héagóra sin, éisteacht leo ag déanamh critice ar mo shaothar luachmhar.

Ach ní mar a shíltear a bhítear. Bhí Anna an-mhaith mar éascaitheoir, agus rinne sí cinnte go raibh aon chomhrá faoi dhánta na scoláirí ag dul sa treo ceart. Mhol sí cad a bhí scríofa againn, ach bhí sí in ann ár n-aird a tharraingt ar lochtanna agus fadhbanna, gan olc a chur orainn. Thug sí dea-shampla dúinn go léir conas ab fhéidir linn critic a dhéanamh i slí dhearfach, agus rinneamar mar an gcéanna. Chothaigh Anna atmaisféar sábháilte sa rang, agus bhíomar in ann a bheith oscailte lena chéile.

Léigh mé mo dhán amach, agus fuair mé aiseolas an-úsáideach ar fad. Bunaithe ar sin, d’athscríobh mé an dán, agus bhí mé an-sásta leis ansin. Gan dabht, táim ag baint tairbhe iontach as an rang seo, agus tá áthas orm gur sháraigh mé mo dhrogall faoin rang. Má bhíonn seans agat dul amach, casadh le daoine eile, agus rudaí a dhéanamh le chéile agus a roinnt le chéile, ná bí buartha faoi, ná smaoinigh faoi – déan é!

I spiorad na hoscailteachta sin, críochnóidh mé leis an dán sin a scríobh agus a d’athscríobh mé. Bain sult as!

Scríobhaim

Daid ag cnagadh ar a shean-Olivetti,
A eochairbhuillí mar bhuillí croí ár n-óige.
Gach ciúnas agus boladh Tippex
mar shioncóipiú sa cheol cúlra—
Ceol deasghnátha an tsaoil.

Sna sosanna gearra ina lá fada –
físeanna leabharlann-spreagtha ag Mam,
faoi dhomhan níos cineálta, níos gile.

Ón ithir thorthúil chruthaitheach seo,
D’fhás peann i mo lámha óga díograiseacha.
Bhínn ag scríobh, ag scríobh, ag scríobh,
go dtí gur lean foirm feidhm,
agus sa deireadh thiar thall –
nochtadh an scríbhneoir ionam.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

gaGaeilge