Tús maith, leath na hOibre!

Don chéad uair ó thús na paindéime, tá tumchúrsaí Gaeilge ar siúl arís. Bhraitheamar uainn iad, mar tugann cúrsaí mar sin deis iontach dúinn feabhsú a chur ar ár gcuid Gaeilge. Ní haon ionadh é mar sin gur chláraigh mé féin agus mo bhean chéile do chúpla tumchúrsa i mbliana, ceann amháin i nDún na nGall, agus ceann eile i gColáiste na Rinne i gContae Phort Láirge. San alt inniu, déanfaidh mé cur síos ar an tumchúrsa i gColáiste na Rinne.

Faoin am ar chláraigh mé don chúrsa, ní raibh mé in ann lóistín a fháil ar dtús, ach tar éis go leor glaonna fóin, chuir mé leaba is bricfeasta in áirithe nach raibh baint aige leis an gColáiste. Chuir mé ár n-ainmneacha ar liosta feitheamh le bean an tí amháin freisin, ar eagla na heagla. Ar an lá díreach roimh an chúrsa, ghlaoigh an bhean an tí sin orm, agus dúirt sí go raibh seomra ar fáil anois dúinn. Bhí orainn go léir tástáil choróinvíris a dhéanamh agus toradh diúltach a fháil, chun a bheith in ann freastal ar an gcúrsa. Bhí fear mí-ámharach tar éis toradh dearfach a fháil, agus ní raibh an dara rogha aige ach an cúrsa a chur ar ceal. Is mar sin a fuaireamar lóistín thar barr, gar do Choláiste na Rinne.

Clár an Chúrsa

Bhí clár iontach eagraithe dúinn, agus go leor ar siúl gach lá, ó mhaidin go hoíche. Bhí na ranganna roinnte i gceithre shruth bunaithe ar do leibhéal teanga, ó thosaitheoirí go hardleibhéal. Sa tslí sin múineadh an Ghaeilge dúinn i ngrúpaí beaga a d’éascaigh comharfhoghlaim.

Bhailímis gach maidin, idir mhúinteoirí agus scoláirí, sa seomra bia ag 8:30 ar maidin agus d’ithimis ár mbricfeasta le chéile, agus muid ag labhairt Gaeilge an chuid is mó den am, go háirithe na daoine a raibh Gaeilge líofa acu.

Thosaíodh na ranganna ag 9:30 agus leanaidís ar aghaidh go dtí a haon sa tráthnóna, le sos tae ag 11:00. Bhíodh ceithre thréimhse gach maidin againn, trí cheacht ar dtús (ginearálta, léitheoireacht agus gramadach) agus ansin sa tréimhse deireadh, taispeántaí gearrscannán Gaeilge dúinn. Go minic, bhrisimis i ngrúpaí beaga chun plé ar ábhar éigin, agus ansin thuairiscíodh urlabhraí gach grúpa ar ais chuig an rang agus thugaidís achoimre a ndíospóireacht dúinn. Mar sin, bhíodh go leor deiseanna againn chun ár nGaeilge labhartha a chleachtadh le chéile. Bhí na modhanna teagaisc a bhí á gcleachtadh sa chúrsa an-éifeachtach ar fad, agus bhain gach duine tairbhe as an gcúrsa dá bharr sin.

Tar éis an lóin ar thrí lá sa tseachtain, bhíodh ciorcail comhrá againn (ag leibhéil éagsúla) ar feadh uaire a chloig, agus ansin ceardlann (bodhrán, damhsa sean-nós, damhsa seit agus amhránaíocht san áireamh) ar feadh uaire eile a chloig. Ar dhá thráthnóna sa tseachtain, bhíodh turas suimiúil eagraithe – mar shampla turas go hAird Mhór Eochaill.

Bhíodh an dinnéar againn le chéile ag 6:00 agus de ghnáth ag 7:00 bhíodh gníomhaíochtaí ar siúl. Mar shampla, uair amháin thugamar cuairt ar chomhlacht áitiúil darb ainm Nemeton, a oibríonn díreach le stáisiúin teilifíse, agus go háirithe TG4, chun cluichí iománaíochta agus peile a chraoladh le tráchtaire as Gaeilge. Uair eile, bhí cur i láthair faoi stair an Choláiste, a bhí an-spéisiúil. Uair eile fós, bhí ceolchoirm iontach eagraithe ina raibh teaghlaigh an cheantair ag seinm cheoil.

Nuair a bhíodh tart ar chuid againn tar éis eachtraí an lae, théimis go Tigh Mooney nó Tigh Mhuirithe chun deoch a fháil. Is croílár an phobail áitiúil iad na tithe tábhairne sa Rinn, ina mbíonn comhrá, seisiúin cheoil agus amhránaíocht ar siúl iontu go minic.

Moladh

Bhí an cúrsa ar fheabhas mar ní hamháin ranganna a bhí i gceist gach lá, ach gníomhaíochtaí éagsúla freisin. Bhíomar ag úsáid na teanga an t-am go léir, agus gan dabht tháinig feabhas ar ár gcuid Gaeilge i rith an chúrsa.

D’aontaigh na scoláirí go léir gur tumchúrsa thar barr a bhí i gceist. Bhí meascán iontach éagsúil ann, idir cheachtanna agus gníomhaíochtaí, agus an deis againn an t-am go léir ár nGaeilge a labhairt agus a chleachtadh le chéile. Bhí béilí blasta againn gach lá. Bhí múinteoirí thar barr againn, cé gur bhraith mé féin uaim go mór Micheál Ó Máirtín an t-am seo. Bhí Micheál mar mhúinteoir agam gach uair eile ar fhreastal mé ar thumchúrsa sa Choláiste, agus is annamh a chastar le múinteoir chomh maith nó le fear chomh deas leis, i mo thuairim.  

Mholfainn duit freastal ar an tumchúrsa seo gan agó agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ag an suíomh www.anrinn.com.

.

.

gaGaeilge