Ar an drochuair, níl mé bródúil as ár stair sa tír seo maidir le ceisteanna comhionannais. Sa bhliain 1945, sheol an Roinn Dlí agus Cirt memram chuig rialtas na hÉireann ag rá go soiléir gur teifigh míchuibhiúla iad na Giúdaigh agus mar sin bheadh sé níos fearr gan iad a ghlacadh isteach sa tír.  Dar leis an Roinn, ní mheascfadh na Giúdaigh go maith le pobal na hÉireann agus mar sin méadfaí líon na nGiúdach go suntasach cruthódh sé sin fadhbanna soisialta sa tír.

Cruálacht gan chúis a bhí ann, go háirithe nuair a chuimhníonn tú an bealach ar caitheadh leis na Giúdaigh sa dara cogadh domhanda.  Féach ar na Giúdaigh sna Stáit Aontaithe – nár mheasc siad isteach go maith le pobal na tíre sin? Go deimhin, mheasc siad, mar chuir an rialtas agus an pobal fáilte rompu teacht isteach sa tsochaí agus a bheith páirteach ar bhonn cothrom. Is tuar féinchomhlíntach é a rá nach mheascfadh daoine isteach nuair nach glactar leo sa chéad áit!

.

Dá gceapfá nach dtarlódh a leithéid in Éirinn sa lá atá inniu ann, bheadh tú mícheart! an ciníochas beo beathach in Éirinn fós. Is féidir linn a dhéanamh i bhfad níos fearr ná sin. Ach ar dtús, is gá dúinn admháil go bhfuil fadhb ann.

.

Ní hamháin in Éirinn atá fadhbanna mhóra maidir le teifigh faoi láthair. Tá rialtas na Breataine ag íocadh airgid go Rwanda mar chúiteamh ar teifigh a ghlacadh ón mBreatain. Sna Stáit Aontaithe, scair riarachán Trump páistí agus a dtuismitheoirí óna chéile, agus tearmann á iarraidh acu.  Íocann an t-Aontas Eorpach le Libia chun teifigh a ghabáil ar a slí go tíortha san AE agus iad a chur isteach in ionaid coinneála, inar sáraítar a gcearta daonna.

.

Na hÚcránaigh – cás speisialta?

I ngach cás thuasluaite, daoine de dhath atá i gceist. Ach cad faoi na teifigh as an Úcráin? Daoine geala atá i gceist sa chás sin, atá ar a dteitheadh ó scrios na Rúisigh, a rinne ionradh ar a dtír.  An bhfuil aon difríocht sa bhealach ar caitheadh leis na teifigh geala agus na teifigh de dhath?  

Chuir an AE an Treoir um Chosaint Sealadach i bhfeidhm chun dídean a thabhairt do na hÚcráinigh ag teitheadh ón gcogadh, agus thug sé sin cosaint láithreach agus stádas dlíthiíil do na milliúin daoine. Ach níor chuir an AE an Treoir céanna i bhfeidhm sa bhliain 2015 nuair a bhí breis is milliún daoine de dhath ón tSiria, ón Iaráic agus tíortha eile ag lorg dídine san AE. Níor cuireadh an Treoir i bhfeidhm an bhliain seo caite, ach an oiread, nuair a theith go leor daoine ón Afganastáin tar éis imeacht na Meiriceánaigh. Cén difríocht a dhéanann an Treoir sin san AE agus in Éirinn?

Ní hamháin go ndéanann an treoir é níos éasca do dhaoine teacht anseo, ach bíonn a saol níos éasca tar éis teacht anseo freisin. Mar shampla, cuirtear uimhir PSP ar fáil láithreach do dhaoine a thagann isteach go hÉirinn faoin Treoir sin agus leis sin, bíonn seirbhísí poiblí ar fáil acu (leas, oideachas, sláinte) agus bíonn siad in ann obair sa tír.

Is mór idir é seo agus an proiseas do teifigh ón tSomáil, ón tSiria, ón Aetóip, nó ón Afganastáin atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta. Tosaíonn a n-iarratais ar chosaint idirnáisiúnta nuair a thagann siad go hÉirinn agus de ghnáth tógann an proiseas faofa sin traidhfil de bhlianta. Le linn an ama seo, bíonn siad i dteideal soláthar díreach. Ciallaíonn sé seo go bhfaighidh siad áit éigin le maireachtáil, béilí agus íocaíocht beag seachtainiúil, ach seachas sin, bíonn cearta agus teidlíochtaí an-teoranta acu maidir le leas, oideachas, sláinte agus obair.  Ach cé gur ionann na cásanna ina bhfuil siad ag teitheadh, na teifigh geala agus iad de dhath, tá sé soiléir nach ionann an slí ar caitear leo, ar chor ar bith! Níos measa ná sin, dá mhéad acmhainní breise a úsáidtear ar na teifigh as an Úcráin, is ea is lú acmhainní a úsáidtear ar an gcóras soláthair dhídigh. Is ábhar imní freisin é cur i bhfeidhm an Pháipéir Bháin um sholáthar díreach, atá déanach cheana féain agus atá ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin acmhainní níos mó anois.

Tá muintir na tíre an-fhlaithiúil maidir leis na teifigh Úcráinigh, fiú ag oscailt a dtithe féin dóibh uaireanta. Cé go bhfuil sé go hiontach lámh fhial thacúil na tíre a fheiceáil i gcás na teifigh Úcránaigh, nach mbeadh sé i bhfad níos fearr an lámh fhial thacúil céanna a fheiceáil i gcás na teifigh nach iad.

Ní teachtaireacht éasca é seo a chur amach. Sa lá atá inniu ann, ní mór ár bhfreagairt mar shochaí a bheith cóir cothrom do gach teifeach, is cuma cad as dó/di nó cén dath craiceann atá air/uirthi. Ní mór dúinn gan deighilt agus doicheall a chur i measc na ndaoine atá ag lorg cosanta anseo.

.

xxx

.

Caithfimid labhairt faoi chine. An bhfuil sé cuma go bhfuil an chuma ar an gcuid is mó de mhuintir na hÚcráine “díreach cosúil linne”, nó go raibh siad “i gceannas ar ghnáthshaol” go dtí gur bhuail an ghéarchéim seo iad? Cén fáth a ndéanaimid an t-idirdhealú seo? Cén fáth nár úsáideadh na frásaí céanna sin chun cur síos a dhéanamh ar na daoine a bhí ag teitheadh ​​ó thubaiste san Aetóip, sa tSiria, san Afganastáin? An gcuireann éagsúlacht reiligiúnach lenár smaointeoireacht? Cén chaoi a bhfuil ár laofachtaí á múnlú seo?

.

.

.

Is féidir linn an chaoi a bhfreagraímid a roghnú; mar Stát trí dhul i gcoinne córas dhá shraith agus trí dheireadh a chur le soláthar díreach, mar shochaí trí iad siúd atá ag lorg cosanta a cheiliúradh agus a chothú, mar phobal trí leanúint ar aghaidh ag síneadh céad míle fáilte, agus mar dhaoine aonair trí mhachnamh a dhéanamh ar ár ndearcadh agus ar ár gcion féin .

.

gaGaeilge