Coicís roimh ár n-eitiltí ar ais go dtí na Stáit Aontaithe, sheol United Airlines r-phost chugam ag rá go raibh athrú déanta acu ar an áirithint. D’athraigh siad ár gcéad eitilt (ar Aer Lingus) ó mheán lae go 6:00 A.M., ionas go mbeadh seacht n-uaire againn i Heathrow roimh an dara heitilt. A dhiabhail – an raibh siad in ann athrú mar sin a dhéanamh gan mo chead? I ndáiríre!

Chuir mé glaoch ar United Airlines, agus tháinig gníomhaire ar an líne gan mhoill. Bhí sí cabhrach, agus rinne sí áirithint eile dúinn gan aon fhadhb – an chéad eitilt go Chicago (ar United) ag meán lae, agus uair ina dhiaidh sin an dara heitilt (ar United) go Los Angeles.  B’fhearr linn na socruithe nua, ar dhá chúis. Sa chéad áit, sheachnóimis aerfort Heathrow. Sa dara háit, bheadh seans níos fearr ag ár mbagáiste gan ach aerlíne amháin (United) i gceist.

Bhaineamar féin agus ár mbagáiste ár gceann scríbe amach gan fadhb, agus bhíomar sásta le United Airlines, mar, cé go raibh fadhb bheag againn ar dtús, chuir siad gach rud i gceart dúinn gan mhoill.

Liveline

Cúpla lá ina dhiaidh sin, bhí mé ag éisteacht le ‘Liveline’ le Joe Duffy, agus baineadh stangadh asam nuair a chuala mé faoi suas go 9,000 paisinéir ar fud na hEorpa a d’fhág Aer Lingus idir dhá thír iad!

Dúirt na glaoiteoirí nach raibh tásc ná tuairisc ar Aer Lingus chun cabhrú leo in am a n-éigin. Ní raibh RTE féin in ann urlabhraí Aer Lingus a fháil mar aoi speisialta ar an gclár. Bhí cúpla scéal uafásach le cloisteáil ar ‘Liveline’.

Scéal Emmet

Bhí Emmet agus a bhean chéile ar tí dul go Meiriceá ar mhí na meala. Bhí siad chun eitilt go Heathrow ar dtús, agus ansin ó Heathrow go Miami. Bhí aistear mara curtha in áirithe acu don lá dár gcionn.

Sheiceáladar isteach gan fadhb ar bith, chuadar tríd an ionad slándála agus ansin go dtí an geata. Ag 10 A.M, ceathrú uaire roimh am a n-eitilt amach, chuir Aer Lingus in iúl do phaisinéirí go raibh fadhb theicneolaíochta faisnéise acu. Níor chuala Emmet a thuilleadh go dtí 4 P.M. nuair a d’fhógair Aer Lingus go raibh a n-eitilt curtha ar ceal. De bharr sin, chaill siad a n-eitilt ó Heathrow go Miami, agus chaill siad an t-aistear mara freisin. Chaith an lánúin beagnach €5,000 ar a socruithe taistil, agus bhí siad as póca anois mar gheall air, gan aon eolas faoi aisíocaíocht.

Is é tuairim na lánúine go raibh Aer Lingus freagrach as an airgead sin ar a laghad, mar ba iad cúis na faidhbe sa chéad áit.

Scéal Michelle

Níor chuala Michelle faic ón aerlíne, ach nuair a chonaic Michelle ar na meáin sóisialta go raibh fadhbanna móra le heitiltí Aer Lingus, thuig sí láithreach go raibh sí i dtrioblóid. Ansin, chuaigh sí i dteagmháil lena teaghlach agus a cairde. Nuair a fuair sí amach nach raibh ach trí eitilt sa tseachtain ag imeacht ó Chorfú, an áit ina raibh sí, bhí a fhios aici go raibh sé ríthábhachtach di deifir a dhéanamh chun filleadh abhaile chomh luath agus is féidir.

Bhí uirthi eitiltí nua a chur in áirithe le hEurowings, ionas nach mbeadh uirthi fanacht i gCorfú le trí lá eile. Bhí uirthi €850 a chaitheamh ar dhá thicéad ar Eurowings. Fiú nuair a shroicheadar aerfort Baile Átha Cliath, bhí an t-aerfort ina chíor thuathail ar fad. Bhí siad ag fanacht beagnach leathuair san eitleán leis na staighrí chun teacht amach. Ansin, bhí siad ina suí thart ag fanacht lena gcuid bagáiste, mar ní raibh láimhseálaithe bagáiste ar fáil ar chor ar bith. Bhí an críochfort plódaithe le daoine agus le bagáiste. Ach bhí siad sásta go raibh siad ar ais i mBaile Átha Cliath.

Leithscéal?

Faoi dheireadh ghabh Aer Lingus leithscéal le custaiméirí a bhí buailte nuair a cuireadh 51 eitilt ar ceal ar deireadh seachtaine 10-9-2022.  Dúirt urlabhraí na haerlíne: “Gabhaimid leithscéal ó chroí le custaiméirí as an gcur isteach mór dóibh de bharr fadhbanna leis ár gcóras ríomhaireachta. Tá na fadhbanna sin réitithe agus tá ár ngnáth sceideal i bhfeidhm arís”.

Dúirt an aerlíne freisin go mbeidh na custaiméirí i gceist in ann a bpleananna taistil a athrú saor in aisce.

Tá súil agam go bhfuil ceacht foghlamtha ag Aer Lingus, agus go mbe i dteagmháil leis a gcustaiméirí chun cabhair a thabhairt dóibh aon uair a tharlódh a leithéid as seo amach. Má thugann Aer Lingus neamhaird mar sin dá gcustaiméirí arís, caillfidh siad iad go deo!

.

gaGaeilge