Meastar gur meascán de dheasghnátha MhéisíMheiriceá, cultúr na Spáinne agus reiligiúin na hEorpa é Día De Los Muertos. Thosaigh sé mar fhéile na nAstacach timpeall 3,000 bliain ó shin. Bhain an hAstacaigh úsáid as blaoscanna chun ómós a thabhairt dá mairbh, agus is é blaosc fós an príomhshiombail fhéile Día de los Muertos sa lá atá inniu ann.

Ceiliúrtar Día de los Muertos i Meicsiceo, i Meiriceá Láir agus in áiteanna ina bhfuil daonra mór ann ó na tíortha sin – Los Angeles agus Nua-Amhrac sna Stáit Aontaithe, mar shampla.

De réir traidisiún Día de los Muertos, osclaítear geataí na bhflaitheas ag meán oíche ar an 31 Deireadh Fómhair ar feadh 24 uair an chloig, agus ar an 1 Samhain is féidir le biotáillí na leanaí nach maireann a bheith i gcomhluadar lena ngaolta. Ar an 2 Samhain, is iad biotáillí na ndaoine fásta nach maireann a bhíonn i gcomhluadar lena ngaolta.  Tarlaíonn sé seo toisc go gcreidtear go ndíscaoilfear an teorainn idir an saol fíor agus an domhan spioradálta ag an am speisialta seo.

.

Ofrendas (altóirí)

Chun fáilte a chur rompu, ullmhaíonn daoine altóirí (‘ofrendas’) gcuid gaolta agus cairde atá imithe ar shlí na fírinne.  Titeann solas bog ó choinnle lasta ar ghrianghraif an nach maireann, agus bíonn bláthanna de shaghas cempasúchil (lusanna buí Francacha) timpeall na haltóra, chomh maith le túis cópail ag , chun an biotáille a threorú abhaile leis an mboladh láidir astu.  Bíonn gach saghas bia agus dí ab ansa leo ar an altóir – rudaí cosúil le tamales, chiles, tequila agus pan de muerto.  Bíonn ainmneacha na marbh scríofa ar bhlaoscanna múnlaithe as cré agus maisithe le cleití, scragall agus reoán. Bíonn siombailí ann a sheasann do na ceithre eilimint: talamh, gaoth, uisce agus tine. Uaireanta, bíonn cros chéasta nó íomhá den Mhaighdean Guadalupe (naomhphatrún Meicsiceo) le feiceáil ar an altóir freisin. Léann baill teaghlaigh litreacha agus dánta agus insíonn siad scéalta dáiríre agus scéalta grinne faoi na mairbh a bhíonn á comóradh acu.

Glanann teaghlaigh na huaigheanna ag na reiligí, agus ar oíche an 2 Samhain, tugann daoine bia agus deochanna ann chun na biotáillí a mhealladh agus chun a bheith páirteach i gceiliúradh poiblí.  

Casann bannaí ceol agus bíonn daoine ag damhsa chun siamsa a dhéanamh do na hanamacha ar cuairt.

.

Día de los Muertos i gcomparáid le hOíche Shamhna

Ceiliúrtar Oíche Shamhna ar an 31 Deireadh Fómhair, an oíche roimh tús Día de los Muertos.  Bhí féilte le fada an lá ag an Eaglais ar an 1 Samhain – Lá Fhéile na Naomh Uile, agus ar an 2 Samhain – Lá Fhéile na Marbh, agus is cosúil gur mheasc an Eaglais Samhain agus Día de los Muertos isteach leo, mar bhí an téama céanna i gceist mar gheall ar an mbéim ar na mairbh.  I gcás Día de los Muertos, bhíodh an bhéim ar fháilte mhór a chur roimh ghaolta éagtha agus a saolta a cheiliúradh. I gcás Oíche Shamhna, ar an taobh eile den scéal, bhíodh an bhéim ar ainspioraid agus ar shlite chun iad a sheachaint. Mar sin, bhíodh nósanna difriúla sa dá chás.

.

Día de los Muertos i Tijuana

Bhí mé ar cuairt go Tijuana i Meicsiceo i mbliana ar an 1 Samhain, agus chonaic mé le mo dhá shúil féin muintir na háite ag ceiliúradh Día de los Muertos. Lá saoire poiblí atá ann i Meicsiceo, agus bhí atmaisféar ceiliúrtha agus cairdiúil le feiceáil i ngach áit. Chuamar ar cuairt go bunscoil, agus bhí imeachtaí ar siúl ann ag ceiliúradh na marbh. Bhí aghaidheanna péinteáilte ar na daltaí agus na múinteoirí, agus iad go léir ag caitheamh cultacha ildaite. Thug na daltaí sárthaispeántais dúinn – ag canadh, ag damhsa, agus ag siúl i bparáid na féile.

Bhí ‘ofrenda’ i seomra amháin sa scoil freisin, agus iad ag ceiliúradh saol múinteora a fuair bás de bharr COVID. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm.

Nuair a bhíomar ar tí imeacht, fuaireamar cúpla cuireadh ó teaghlaigh teacht leo chun a ‘ofrenda’ a fheiceáil. Bhraith gur mór an phribhléid dom é, agus fíorfháilte romhainn i ngach áit. Ní raibh mórán ag na daoine sin ar chas mé leo an lá sin, agus chuir siad i gcuimhne dom na scéalta a d’insíodh m’athair dom faoina mhuintir féin in Iorras i gContae Mhaigh Eo nuair a bhí sé óg. Ní raibh mórán acusan, ach an oiread, ach bhí nasc láidir eatarthu, agus daoine an-chairdiúil a bhí iontu. In ainneoin na ndúshlán mór ina saolta féin, roinnfidís a raibh acu leat.  Nach moladh maith dúinn go léir é sin – ár gcroíthe a oscailt le gach duine!  

.

.

.

.

.

gaGaeilge