Níl mé an-bhródúil asam, mar buaileadh bob orm le scéim cham. A Dhiabhail! Nach mé an cnapán folamh! Bhí mé idir dhá chomhairle faoin rud arbh fhearr dom a dhéanamh, ach faoi dheireadh shocraigh mé go roinnfinn mo scéal leat.  Cheap mé go mb’fhéidir go n-oibreodh mo bhotúin mar shaghas rabhadh duit, ionas go mbeifeá in ann an cleas suarach sin a sheachaint.

Ar dtús, caithfidh mé a rá nach dtarlódh a leithéid dom, murach géarchéim an choróinvíris. De ghnáth, bím ar m’fhaichill agus mé ag ceannach ar líne, mar tá a fhios agam a chontúirtí is atá sé.  Úsáidim suímh ghréasáin atá ar eolas agam le fada agus gan aon fhadhb agam leo, cosúil le Amazon agus Ebay. Úsáidim PayPal chun íoc as mo cheannacháin, mar bíonn siad ina n-idirghabhálaí idir díoltóirí agus ceannaitheoirí, agus tá próiseas acu chun fadhbanna a réiteach eatarthu. Beidh tuilleadh le rá agam faoin bpróiseas sin níos déanaí.       

Ar aon nós, mar is eol do chách, chomh luath is a thosaigh an ghéarchéim bhí sciob sceab ar pháipéar leithris, agus i bpreabadh na súl, bhí na soláthairtí go léir ídithe. Iompar gan chiall, a cheap mé ar dtús. Ach ar an taobh eile den scéal, ar an drochuair, ní raibh ach cúpla rolla leithris inár dteach ag an am sin. Bhí brú mór orm sa bhaile an fhadhb a réiteach gan mhoill! Mar sin, thosaigh mé ag obair ar an misean práinneach seo.

Léim mé isteach i mo charr, agus ar aghaidh liom ag lorg na cloiche ba mhó ar mo phaidrín, rollaí trídhualacha! Níor thuig mé a dheacra is a bheadh sé na rollaí céanna a fháil. Baineadh siar asam, mar a shamhlófá, agus gan a oiread is rolla amháin ar na seilfeanna sna hollmhargaí go léir ar chuardaigh mé iontu.  D’éirigh mé go moch an mhaidin dár gcionn agus amach an doras liom ag lorg rollaí arís. Nuair a shroich mé an chéad ollmhargadh, chonaic mé bean agus rollaí ina lámha aici, agus í chomh sásta le píobaire! Isteach liom ar nós na gaoithe, ach ní raibh an t-ádh liom mar ní raibh aon pháipéar leithris fágtha. Bhí an scéal céanna ag fanacht liom i ngach ollmhargadh agus siopa ar thug mé cuairt orthu agus dá mhéad a chonaic mé is ea is mó buaireamh a tháinig orm.  Dúirt fear amháin liom go raibh daoine ag fanacht i líne ar feadh breis is uaire sular osclaíodh na hollmhargaí. Cé go raibh mé i mbarr mo chéile anois, ní raibh mé réidh fós le seasamh i líne ar feadh uaire go moch ar maidin, chun páipéar leithris a fháil. Nach raibh mé níos cliste ná sin!  

.

Siopadóireacht ar líne

.

Ar an drochuair, ní raibh cúrsaí i bhfad níos fearr ar líne. Bhuail leath an domhain go ceart cóir mé. Chun rudaí a dhéanamh níos measa, bhíomar ag teacht gann i bpáipéar leithris sa bhaile. Mhothaigh mé mo chroí ag preabadh, agus mé ag imeacht chun scaoll. As sin amach, ní raibh ach smaoineamh scaipthe agam agus nochtadh laige bhunúsach ansin! Thosaigh mé ag googláil go hainrianta, ag úsáid gach téarma ag baint le páipéar leithris ar féidir liom smaoineamh air. Bhain mé triail as athlódáil a dhéanamh go leor uaireanta ar shuímh shiopadóireachta nach raibh páipéar leithris ar fáil acu, ag súil go n-athródh sé agus go dtiocfadh cinn isteach idir cliceanna. Bhí mé an-sásta ar fad nuair tar éis athlódáil amháin ar shuíomh áirithe, bhí páipéar leithris ar fáil. Chuir mé isteach ordú, d’íoc mé as, agus ansin léim mé suas san aer! Is dócha go raibh boc mearaí orm! Bhí mé róluath ag ceiliúradh mo bhua, mar chúpla uair ina dhiaidh sin, fuair mé ríomhphost, ag gabháil leithscéil mar ní raibh m’ordú ar fáil níos mó. Bhí a oiread scaoill orm ansin go ndearna mé mo bhotún. Thosaigh mé ag googláil arís, agus ag leanúint gach leid ar chaith mo chuardach suas. Chonaic mé tairiscint speisialta le fáil ar pháipéar leithris trídhualacha, mura miste leat! B’fhéidir go mbeinn ar mhuin na muice faoi dheireadh! Chuaigh mé isteach, agus iontas na n-iontas, bhí an páipéar leithris sin i stoc. Chuir mé isteach m’ordú ar an toirt, agus nuair a chonaic mé gur féidir íoc as le Paypal, bhrú mé ar an deilbhín agus chríochnaigh mé an t-idirbheart.

Tuilleadh le teacht an tseachtain seo chugainn…

.

.

  .

.

  .

.

.

.

gaGaeilge