Bhí plé bríomhar againn an tseachtain seo caite, agus muid ag caint faoin gcaoi a n-úsáidtear claontacht dearbhaithe chun dúshaothrú a dhéanamh orainn ar an idirlíon, go háirithe ar Google agus Facebook agus a macasamhail.  Sa lá atá inniu ann is é an t-idirlíon a scaipeann scéalta agus táim cinnte go rabhamar ar fad aontaithe faoi na contúirtí ag baint leis sin.  Déanta na fírinne, tá dhá chontúirt bhunúsacha ann. Sa chéad áit, roghnaíonn algartaim na míreanna nuachta a chuirtear faoinár mbráid. Sa dara háit, chomh maith le nuacht ó fhoinsí iontaofa, tá a lán bréagnuacht amuigh ansin ar an idirlíon, agus go minic níl sé éasca idirdhealú a dhéanamh eatarthu.  Dá bharr sin, táimid go léir i mbaol dúshaothraithe agus d’fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann, go háirithe nuair a úsáideann drochdhaoine na laigí sin chun muid a ionramháil chun a leasa féin.        

I rith na Cásca seo caite, cuireadh fiche túr ‘5G’ trí thine sa Bhreatain Mhór. Cén fáth? Scaipeadh bréagnuacht ar an idirlíon, ag maíomh gurbh é 5G an cúis leis an ngalar COVID-19.  Cé gur teoiric áiféiseach atá ann, ina ainneoin sin creideann riar maith daoine an tseafóid sin. Is dócha gur scriosadh an t-infreastruchtúr tábhachtach de bharr na bréagnuachta sin. Sin ach sampla amháin, sampla dochreidte den damáiste is féidir le bréagnuacht a dhéanamh. Nach rud iontach é cé chomh héasca is atá sé dubhéitheach a chur ina luí ar roinnt dhaoine?   Is rud iontach é, gan dabht, ach an mise ceann de na daoine ar cuireadh dallamullóg air? Ní dócha sa chás seo, ach céard faoi gach am eile atáim ag sú rudaí isteach ón idirlíon? Tá sé deacair a rá! Céard a d’fhéadfainn a dhéanamh faoi?

Seachain eolas nach bhfuil iontaofa!

Tá foinsí eolais agus nuachta ar fáil a bhfuil sé léirithe arís agus arís eile acu gur foinsí iontaofa iad. Mar shampla, b’fhéidir gur léigh tú an ‘Irish Times’ le fada, agus tá tú sásta nach bhfuil aon aidhm fholaigh ag an bpáipéar bréaga a insint duit! Aontaíonn tú le fealsúnacht an fhoilseacháin an chuid is mó den am freisin.  

Ach nuair atá nasc postáilte ar do mheáin sóisialta nach bhfuil eolas agat air mar gheall ar an suíomh (URL), is fearr gan é a chliceáil. Níos fearr fós, molaim go láidir duit gan do mheáin sóisialta a úsáid mar fhoinse nuachta, ar chor ar bith. Úsáid do mheáin sóisialta chun a bheith i dteagmháil le do chairde, agus nuacht pearsanta á roinnt agaibh. Agus úsáid foinsí dílse chun do nuacht eile a fháil.  

Foinsí

Ní mór duit eolas a bheith agat faoi d’fhoinsí.  Is é an rud is tábhachtaí ná cé hé/hí an t-údar. Go minic, ní thugann an léitheoir faoi deara cé scríobh an colún atá á léamh aige/aici. Sin dearmad mór is dócha, mar sa chás sin níl cliú aige/aici faoi dhintiúr an údair.  Mura bhfuil taithí agat ar scríbhinní agus dearcadh an údair, chaith súil ghrinn ar an gcolún. Ach má léann tú colúin an údair go minic agus má tá meas agat air/uirthi, beidh tú in ann a bheith níos compordaí ag glacadh céard atá scríofa aige/aici.

Claonadh

Níl aon dabht ach gur fearr linn nuacht a léamh nó a fheiceáil atá ar aon intinn linn.  Tá sé tábhachtach go bhfuil na fíricí cruinn mar sin féin, agus is nós maith na fíricí agus na tagairtí a sheiceáil má tá aon rud i gceist agat. Tá acmhainní iontaofa iontacha ar fáil ar an idirlíon, cosúil le www.factcheck.org, www.snopes.com, agus www.politifact.com. Cé go bhfuil sé beagáinín pianmhar, is nós maith é freisin nuacht a léamh ó fhoinsí iontaofa a bhfuil dearcadh eile acu, nach n-aontaíonn tú leo.  Saghas seiceáil slánchéille é sin!

Mothúchán

Má airíonn tú mothúchán éigin géar, bí cúramach! Níl tú in ann smaoineamh go soiléir nuair a bhíonn tú i staid mhothúchánach, agus tá a fhios ag drochdhaoine faoi sin.  Má ghineann alt nó físeán mothúcháin láidre ionat, tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil sé bréagach, agus drochdhuine ag iarraidh dul i gcion ort. Lorg an t-eolas céanna ar dhóigh eile.

Tá a lán moltaí eile ann, ach is iad na moltaí thuasluaite na cinn is tábhachtaí.  Bain triail astu, agus cuimhnigh – tá dualgas saoránaigh ort do dhícheall a dhéanamh a bheith i gcónaí ar an eolas, chomh maith agus is féidir leat.  B’fhéidir go bhfuil todhchaí ár sochaí féin ag brath air seo!

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge