Is ábhar polaitíochta é an coróinvíreas i gcúpla tír anois, sna Stáit Aontaithe go mór mór. Níor láimhseáil an PríomhÚtamálaí Trump an ghéarchéim mar is ceart ó thús na pandéime seo. Ar dtús, shéan go raibh aon fhadhb ann agus cailltear am luachmhar chun dul i ngleic leis. Ar an drochuair, chaill a lán daoine a mbeatha de dheasca na moille seo. Lena chois sin, bhí fadhb mhór leis na fearais tástála a d’fhorbair an Lárionad um Ghalair a Rialú (CDC). Bhí moill shíoraí tar éis sin, tuairim is seachtaine breis, fad is a bhí an CDC agus an tÚdarás Bia agus Drugaí (FDA) ina gcíor thuathail ag iarraidh an fhadhb a shocrú, agus iad báite i sraitheanna maorlathais. Ansin, bhí fadhb mhór le trealamh cosanta pearsanta (PPE) agus aerálaithe, mar bhí ganntanas mór ann. Thosaigh an PríomhÚtamálaí ag argóint leis na Stáit, ag go raibh siad freagrach as iad a fháil. Bhí mearbhall mór ansin agus na Stáit in aghaidh a chéile sa phróiseas tairisceana ar PPE agus aerálaithe. Lean cúrsaí ar aghaidh mar sin agus chuaigh siad ó mhaoil go mullach. Mhol Trump do dhaoine hydroxychloroquine a úsáid, nach raibh aon fhianaise eolaíoch ann. Níos measa fós sin, mhol Trump do na saineolaithe taighde a dhéanamh ar dhíghalrán agus solas ultraivialait mar leigheasanna do COVID-19. Le déanaí, ionas go bhfuil tástáil COVID-19 ag méadú faoi dheireadh agus mar sin ag aimsiú níos cásanna COVID-19, dúirt an PríomhÚtamálaí go gcuirfeadh moill ar an tástáil sin! D’fhéadfainn leanúint ar aghaidh an ar fad, ach cuirfidh an bhéim ar an rud deiridh seo ghlacann le comhairle a rialtas féin maidir leis an víreas! níos soiléire gach gur dea-chomhairle é clúdach a chaitheamh ar d’aghaidh mbeifeá i spás cúng gan deis agat fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile. chaitheann an PríomhÚtamálaí masc ar chor ar bithag déanamh neamhaird go hoscailte le moladh an CDC agus ag tabhairt drochshampla do mhuintir na tíre. Ach hamháin sin ach leis a dhrochiompar tiontaíodh ceist sláinte phoiblí ina ceist pholaitiúilagus rud maith é sin!

Cén fáth go bhfuil an oiread sin clampair faoi mhaisc sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe nuair a chuireann san áireamh go bhfuil an ghéarchéim ag dul in olcas ann?  

Sna Stáit Aontaithe, fiú sular tharla an pandéim seo, bhí cultúr polaitiúil gangaideach ann. dhá phríomhpháirtí ann. Ar thaobh amháin, na Poblachtaigh a thugann tacaíocht do na gnóthaí móra agus a chreideann go bhfuil an iomarca rialacháin rialtais ann. Ar an taobh eile, na Daonlathaithe atá ar thaobh na gnáthdhaoine, agus mar sin creideann siad i dtimpeallacht rialacháin a chosnaíonn cearta an phobail agus a thugann tacaíocht láidir dóibh trí pholasaithe sóisialta. an bhearna idir na Poblachtaigh agus na Daonlathaithe ag méadú agus ag leathnú le tamall anuas, agus anois ag déanamh an-damáiste don tír, mar easpa comhoibriú eatarthu le linn na pandéime uafásach seo.  

Nuair a thug Trump neamhaird ar chomhairle a rialtas féin agus go háirithe na saineolaithe ann, lean a lucht tacaíochta díograiseach a shampla, agus mar chuid den amaidí sin, diúltaíonn siad glan maisc a chaitheamh. an fhianaise ag carnadh gach ar son na mbuntáistí ag baint le maisc a úsáid, go háirithe i gcóngar daoine eile. Ach níl Trump a lucht leanúna ag éisteacht. Bhí cúpla slógadh ag Trump (Tulsa, Oklahoma agus Phoenix, Arizona) agus is ar éigean a caitheadh maisc ann.  

Thosaigh roinnt mhaith gobharnóirí Poblachtaigh ag oscailt geilleagair a Stáit róluath, nuair a bhí an víreas ag scaipeadh fós, agus anois an ghéarchéim tar éis dul in olcas orthu, go háirithe in Arizona, Florida agus Texas.  Anois, mór dóibh athruithe a dhéanamh chun dul i ngleic leis an víreas, ach a lán damáiste déanta, cheana féin, agus beidh deacair cúrsaí a chur faoi smacht.

Tríd is tríd, na Stáit Aontaithe trí chéile ar fad ag déileáil leis an ngéarchéim seo. mífheidhmithe an PríomhÚtamálaí agus a chuid deisceabal le feiceáil go soiléir, agus chreideann ach a lucht tacaíochta a leithscéalta leamha. Ar an drochuair, díolfaidh a lán daoine lena n-anam as na gníomhartha mínáireacha amaideacha sin. Teamhair ina féar agus féach an Traoi mar atá!

.

  .

.

.

   .

.

.

.

.

.

gaGaeilge