Tharraing leabhar amháin m’aird sa siopa leabhar le déanaí, agus cheannaigh mé é gan mhoill. “1847 Famine Ship Diary” darb ainm dó, scríofa ag Robert Whyte. Leabhar beag atá ann, agus léigh mé an leabhar go hiomlán i gceann cúpla lá.

Scríobh an t-eagarthóir James Mangan an Réamhrá, agus dúirt sé go soiléir nach ndearna sé ach mionathruithe don bhunleagan ar scríobh Robert Whyte. Sa réamhrá sin, rinne Mangan tagairt do dhialann eile ó Gerald Keegan, ar scríobh sé leabhair faoi roimhe sin. Tharraing sé sin m’aird, mar bhí mé cinnte gur chuala mé rud éigin faoi dhialann Gerald Keegan tamall ó shin.

Ar aon nós, bhí an leabhar beag an-suimiúil, scríofa i stíl réasúnta crochta, le cur síos ar an long, ar an gcaptaen agus a bhean chéile, ar an máta loinge agus an fhoireann loinge, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile, ar na paisinéirí mí-ábharacha a bhí pulctha isteach sa bholg lasta. Scríobh Whyte faoin drochdhóigh a bhí ar na teifigh sin, agus iad ar anchaoi. Bhí easpa spás, easpa bia agus easpa uisce ann agus an tífeas ag scaipeadh ar luas lasrach ina measc. Fuair méid mór daoine bás ón ngalar ar muir agus méid mór eile i gcoraintín i Gross Île i gCeanada. Ó am go ham, rinne Robert Whyte mionchur síos ar áilleacht na háite, agus iad ar a dturas suas Abhainn San Labhrás i gCeanada. Codarsnacht mhór a bhí ann idir céard a bhí le feiceáil taobh amuigh agus taobh istigh den long gorta sin, agus níorbh fhéidir liom iad a réiteach i m’intinn ar chor ar bith. Bhí codarsnacht mhór freisin idir ceathrú an criú agus ceathrú na bpaisinéirí bochta. Cé go raibh spás fairsing agus neart le nithe agus le hól ag an gcriú, ní raibh faic ag na teifigh faoin deic! Baineadh na deora asam, caithfidh mé a rá! Bhí fearg an domhain orm freisin, faoin drochíde a fuair pobal na hÉireann ó rialtas na Breataine ag an am!

Tar éis dom an leabhar a chríochnú, rinne mé taighde ar James Mangan agus baineadh stangadh asam leis na torthaí a fuair mé faoin ngaotaire neamhscrupallach sin! Rugadh agus tógadh Mangan i 1907 in Ontario i gCeanada, agus rinneadh bráthair de la Salle agus múinteoir de. Bhí gaol i bhfad amach idir James Mangan agus an file cáiliúil Éireannach James Clarence Mangan. Ach is é an rud is tábhachtaí a d’fhoghlaim mé faoi James Mangan ná nach raibh aon cháilíocht ar chor ar bith aige ag baint le hábhar a leabhair.

D’fhoilsigh Mangan dialann Keegan trí huaire in achar deich mbliana, ag rá go dtí an tríú leabhar gur ficsean a bhí ann agus ansin leis an tríú leabhar “Famine Diary: Journey to a New World, gur neamhfhicsean a bhí ann. Ní raibh mórán difríocht idir na leabhair áfach agus dúirt Mangan go raibh siad go léir bunaithe ar fhótachóip dialainne Keegan a fuair sé, ach ní raibh aon fhianaise chomhthacaíoch againn riamh faoin dialann líomhanta sin. D’fhoilsítear an tríú leabhar sin “Famine Diary” in am don Chothrom 150 bliain ó thús an Ghorta Mhóir, agus bhain an leabhar barr an liosta sárdhíola amach go tobann! Tharraing an leabhar aird na staraithe ansin, agus chruthaigh siad nach raibh sa leabhar ach cur i gcéill.

Cheap mé go mbeadh an scéal i bhfad níos fearr i gcás dialann Robert Whyte, ach ní raibh! Cé gur fhoilsítear dialann Robert Whyte sa bhliain 1848, agus cé nach ndearna Mangan athruithe móra air, ina ainneoin sin bhí ceisteanna ann faoi Robert Whyte agus a scéal. Mar shampla, ní raibh na staraithe in ann a fháil amach cé hé an fear seo Whyte ó cheart, mar níor éirigh leo teacht ar aon taifead stairiúla faoi. Sampla eile é nár ainmnigh Whyte an long nó na daoine tábhachtacha (an Captaen, an Máta) ina dhialann. Mhol Mangan gurb é Ajax ainm na loinge, ach ní aontaíonn sé sin leis an taifead stairiúla.

Caithfidh mé mo chuid feirge a atreorú ar dtús i dtreo James Mangan, agus ar deireadh thiar i mo threo féin. Nach amadán saonta atá ionam, ag creidiúint an ‘Fake News’ sin! B’fhéidir é ach, cé nár tharla na rudaí díreach mar atá scríofa sna dialanna amhrasacha sin, tharla rudaí uafásacha an-chosúil leo agus gan dabht is ar rialtas na Breataine ag an am a bhí an locht! Ó – agus rud eile – ba cheart ‘FICSEAN’ a chur i gcló ar chlúdaigh na leabhar thuasluaite i litreacha troma móra!

.

.

.

.

gaGaeilge