Bhí mé bodhraithe le síorthorann an tráchta, agus is ar éigean a d’fhéadfaí an Garda a chloisteáil agus muid ag iarraidh labhairt le chéile ar an bhfón. “Tá tú gar don mharcóir míle 62”, arsa an Garda arís. “Go raibh maith agat,” arsa mise.
Trí huaire a chloig níos luaithe, theip ar inneall ár veain gan rabhadh ar bith in iargúil Ghaineamhlaigh Mojave in Arizona. Chuir mé glaoch ar an uimhir ar mo chárta ballraíochta AAA (Cumann Gluaisteán Meiriceá). Ar dtús, fuarthas mo gheoshuíomh go huathoibríoch, agus ansin d’fhreagair an gníomhaire go béasach. Dhearbhaigh sí cá rabhamar agus sonraí ábhartha eile, agus dúirt sí go raibh gach rud i gceart, agus go mbeadh trucail tarraingthe ag teacht laistigh d’uair go leith. D’inis mé an scéal do mo bhean chéile, agus bhíomar sásta go leor leis. Fuaireamar áit faoi scáth ar thaobh an tsaorbhealaigh, agus d’fhanamar ansin ag ól uisce agus ag caint.
Tar éis breis is uair, fuair mé glao gutháin, agus cheap mé go raibh tiománaí na trucaile ag iarraidh teagmháil a dhéanamh liom. D’ainneoin mo ghlicis, bhí mé saonta go leor!
Gníomhaire eile ón gCumann a bhí ann, ón mbrainse in Arizona. Nuair a thosaigh sí ag fiafraí díom faoin áit ina rabhamar, faoin veain agus a leithéid, bhí mé trína chéile. “ D’fhreagair mé na ceisteanna sin cheana féin, agus fuarthas mo gheoshuíomh go huathoibríoch”, a dúirt mé. “Ar an drochuair, seo oifig eile, in Arizona, agus caithfimid tosú arís,” a d’fhreagair an gníomhaire go trodach. “Ach cheap muid go mbeadh an trucail ag teacht anois – táimid ar thaobh an bhóthair dhainséaraigh seo ar feadh tamaill fhada cheana féin.” Ní raibh mé ró–chairdiúil anois. “Táim ag iarraidh cúnamh a thabhairt duit,” ar sise, agus lean sí ar aghaidh leis a ceisteanna. “Uair nó mar sin,” a dúirt sí ag an deireadh. Ní raibh an dara rogha againn ach fanacht gan chorraí.
Tar éis leathuair eile, chuir an gníomhaí céanna glao eile orm. “Níl a fhios againn cá bhfuil tú,” ar sise. “Ní foláir go mbeadh a fhios againn cén marcóir míle is gaire duit, an bhfuil tú in ann é a fháil?” a d’fhiafraigh sí. “Níl a fhios agam”, arsa mise. Chuaigh mé á lorg, ach ní fhaca mé aon mharcóir. “Níl aon mharcóir le feiceáil”, arsa mise.
“Caithfidh tú glaoch éigeandála a dhéanamh ar 911, agus an t-eolas a fháil uathu,” ar sise. “Cuirfidh mé glao ort i gceann cúig nóiméad,” agus chroch sí suas an fón. Tar éis an eolais a fháil ó na gardaí, níor tháinig aon ghlao eile, agus tar éis fiche nóiméad chuir mé glao gutháin ar an gCumann.
Gníomhaire eile a bhí ann. “Maith go leor,” ar sise. “Agus cén sórt veain í arís – veain champála, nach ea?” a d’fhiafraigh sí díom. “Veain champála, sea, mar a dúirt mé cúpla uair cheana,” a d’fhreagair mé go grod.
“Drochscéal mar sin,” a dúirt sí, “níl an veain sin clúdaithe i do chlúdach árachais”. Ba bheag nár phléasc mé leis an racht feirge a tháinig orm. “Agus cén fáth gur thóg sé trí huaire go leith é sin a insint dom?” d’iarr mé uirthi go feargach. “Níl a fhios agam céard a tharla duit cheana, ach níl mé in ann aon chúnamh a thabhairt duit,” ar sise.
“Ní féidir liom glacadh leis seo,” arsa mise. “Cuir do mhaoirseoir ar an líne, le do thoil.”
Tar éis cúpla nóiméad, tháinig an maoirseoir ar an líne. Bhí an-aiféala uirthi faoi cad a tharla dúinn, ach ag an am céanna, mhínigh sí dom “cé go bhfuil veain champála clúdaithe i gCalifornia, níl sé clúdaithe in Arizona”.
“Cén fáth ar thug sé trí huaire go leith é sin a insint dúinn, nuair a gheall an chéad ghníomhaire go mbeadh trucail tarraingthe ag teacht gan mhoil!. Táim chun trucail tarraingthe a fháil anois, agus tá súil agam go n-aisíocfaidh sibh as.”
“Bhí mé ar tí an rud céanna a thairiscint duit!” ar sise. “Beidh tú in ann an admháil a sheoladh chugam”.
Tháinig an trucail tarraingthe go tapa agus bhíomar in Kingman, Arizona gan mhoill, ach ceithre huaire an chloig tar éis ár mbriseadh síos – gan aon bhuíochas don AAA!
Agus an ceacht atá ag baint as an scéal seo: Bí cúramach faoin suaimhneas intinne a fhaigheann tú ó do pholasaithe árachais – seans maith gur meabhalscáil sa Ghaineamhlach atá i gceist!