Tír an-suimiúil is ea Costa Rica i Meiriceá Láir, agus tá ceachtanna tábhachtacha le foghlaim againn ón tír iontach seo.  Tá an tír dara domhanda seo beagán níos lú ná Éire, le daonra cosúil le hÉirinn.

Léiriú Gairid Staire

Nuair a tháinig Columbus i 1502, d’fháiltigh an pobal dúchais roimh na heachtrannaigh Spáinneacha  go croíúil. Bhí treibheanna ansin leis na mílte bliain, agus bhí sibhialtacht ársa acu. Ar an drochuair, tar éis colíniú Spáinneach na tíre, chuaigh cuid acu ar imirce, agus tháinig an bholgach ar an gcuid is mó de na daoine a bhí fágtha, agus fuair siad bás.  Bhí easpa oibrithe ina dhiaidh sin agus thug na Spáinnigh sclábhaithe Afraiceacha go Costa Rica chun an bhearna sin a líonadh. Anois, níl ach a dó, nó a trí faoin gcéad daoine ón phobal dúchais, ocht faoin gcéad de bhunadh na hAfraice, agus níos mó ná ochtó faoin gcéad de bhunadh na hEorpa.  Is í an Spáinnis an teanga náisiúnta ann.

Nuair a d’éirigh Mexico amach in aghaidh na Spáinne sa bhliain 1821,  rinne tíortha Mheiriceá Láir an rud céanna. Mar sin, tír neamhspleách is ea Costa Rica le beagnach dhá chéad bhliain anuas.  I gcomparáid leis na tíortha eile i Meiriceá Láir, tír chobhsaí atá ann. Bhí cogadh cathartha gairid ann sa bhliain 1948, agus tar éis sin scríobhadh Bunreacht nua.  D’ullmhaigh an Bunreacht sin an tír i gcomhair daonlathais láidir agus seirbhísí maithe poiblí. Sa Bhunreacht, fógraíodh deireadh leis an arm seasmhach náisiúnta! Rinneadh sin chun caiteachas ar shláinte agus ar oideachas a mhéadú!  Sin cinneadh misniúil, go háirithe nuair a aithnítear gur réigiún míshocair é Meiriceá Láir. Is dócha gurb é sin dlúthchuid den chúis go bhfuil sláinte and oideachas i gCosta Rica chomh maith is atá sé, go háirithe i dtír nach bhfuil saibhir.

Rangaithe idirnáisiúnta

Tá a lán tuairiscí a chuireann tíortha an domhain i gcomparáid maidir le critéir éagsúla.

Ní iontas ar bith go ndéanann Éire go han-mhaith i mbeagnach gach tuairisc idirnáisiúnta atá ann.  Is iontas é áfach go ndéanann Costa Rica go han-mhaith freisin; de ghnáth beagán níos measa ná Éire, ach i gcúpla cás, níos fearr.  Is iontach é freisin go mbíonn Costa Rica níos fearr ná na Stáit Aontaithe i mbeagnach gach tuairisc. Nach aisteach go bhfuil Costa Rica ar cheann den bhfiche daonlathas  iomlán (agus Éire ina measc) sa domhan, agus go bhfuil na Stáit Aontaithe i gcatagóir lochtach daonlathach. Sin as tuairisc a d’fhoilsigh ‘The Economist’ an bhliain seo caite.

Seo cúpla sampla de thuairiscí ina ndéanann Costa Rica níos fearr ná Éire agus na Stáit Aontaithe:  ‘World Happiness Report 2018’ agus, ‘Happy Planet Index ‘ (tagann Costa Rica sa chéad áit, Éire in áit 48 agus na Stáit Aontaithe in áit 108).  Déanann Éire níos fearr ná Costa Rica i ngach catagóir sna tuairiscí sin ach amháin sa chatagóir ‘lorg éiceolaíoch’!

Sa chatagóir sin, chuir Rialtas Costa Rica i bhfeidhm cinnteoireacht réamhghníomhach, agus b’iontach an t-eiseamláir í do thíortha eile ar fud an domhain, Éire san áireamh.  Sa bhliain 1983, ní raibh ach fiche faoin gcéad den tír faoin fhoraois (tar éis trí cheathrú i 1945). Ach anois tá níos mó ná leath na tíre faoin fhoraois!

Agus tá an ceathrú cuid den tír faoi chosaint mar pháirceanna agus tearmainn náisiúnta.

Úsáideann an tír foinsí in-athnuaite le giniúint a leictreachais ar fad, beagnach, agus tá sé mar aidhm ag an Rialtas deireadh a cur le húsáid d’aon bhreoslaí iontaiseach, faoi 2050.

Comhairle

Cad iad na ceachtanna atá le foghlaim anseo?

Bhuel, tá sraith tosaíochtaí ag Rialtas Costa Rica agus cé go bhfuil sé deacair iad a chur i bhfeidhm, ag an am céanna tá siad críonna.   Agus tá ‘díbhinn ghlas’ ag baint leo freisin, mar is é earnáil na turasóireachta an ceann is brabúsaí ann anois.

Tá sé an-soiléir gur rud maith do Rialtas aon tíre béim a chur ar Shláinte, Oideachas agus an Timpeallacht.  Tá sé ró-éasca airgead a chur i dtreo tosaíochtaí eile, cosúil le córais chosanta, fuinneamh neamh-inathnuaite agus gnó ar an mórscála.   Ach tá sé i bhfad níos fearr gníomhú ar mhaithe le Pobal agus le Tír. Tuigeann Pobal Costa Rica go maith an seanfhocal: “Is fearr an tsláinte ná an táinte”.  B’fhéidir gur cóir dár Rialtas féin athchuairt a thabhairt ar an nathán gaoise seo!

.

.

.

   .

.

gaGaeilge