Bhí ar an idirlíon le déanaí, agus de thimpiste tháinig ar alt an-spéisiúil.  Cheap go díreach go roinnfinn libh céard a fuair amach. náire orm a go raibh aineolach go huile is go hiomlán ar an ábhar seo. Gaeilge Mhanann, Maininnis, atá i gceist agam anseo.

go raibh cleachtadh agam ar Ghaeilge na hAlban, an Bhreatnais, agus fiú amháin an Bhriotáinis, níor chuala riamh faic faoi Ghaeilge Mhanann.   Baineadh stangadh asam nuair a bhreathnaigh ar thaifead ar YouTube agus bhí in ann roinnt mhaith den teanga labhartha a thuiscint.

Thosaigh an t-alt thuasluaite le tagairt donAtlas theangacha an Domhain atá i mbaol i 2009.  Sa tuarascáil sin, dúirt siad gur theanga mharbh í an Mhanainnis ón mbliain 1974, an bhliain a fuair an cainteoir dúchais deireanach, Ned Maddrell, bás.  Chuir an dearbhú sin fearg ar lucht scoileBunscoil Ghaelgach ar Oileáin Mhanann. Scríobh na daltaí litir as Gaeilge Mhanann go UNESCO, ag cur an cheist seo orthu: ár dteanga marbh, cén teanga ina bhfuil seo scríofa?   Tar éis sin, d’athraigh UNESCO stádas na teanga sin go -i mbaol criticiúil -’. an stádas mar a bhí i 2019, ach stádasAthnuaite’ ag an teanga freisin, mar feabhas tagtha uirthi le déanaí. níos daoine ag labhairt Gaeilge Mhanann, agus níos eachtraí teanga agus cultúrtha ar siúl freisin mar a bhí le blianta.  B’fhéidir go bhfuair an cainteoir dúchais deireanach básach bhfuair an teanga féin bás. Bhí cúpla duine ag obair go dian ó na seascaidí i leith chun a dteanga a chaomhnúmar shampla, Douglas Faragher agus Brian Stowell. Gúgláil iad, suim agat.

Thóg manaigh agus trádálaithe an Ghaeilge as Éirinn go dtí Oileán Mhanann sa cheathrú agus sa chúigiú haois.  Bhí na hÉireannaigh an-láidir sna laethanta sin, agus ceaptar gur thóg siad an Ghaeilge go hAlbain timpeall an ama sin freisin, agus faoi mar a tharla in Albain, d’athraigh an Ghaeilge in Oileán Mhanann agus d’éirigh ina teanga indibhiúil fhéin, faoi dheoidh.

Sa naoú haois déag, thosaigh an teanga ag dul i léig.  Ag an am sin, bhí an-tóir ag turasóirí ar an gcuid seo den mBreatain Mhór, agus ba mhór an bua é a bheith in ann an Béarla a labhairt.  Bhain daoine tairbhe eacnamaíoch as an turasóireacht agus bhrí sin d’fhás drochmheas ina measc ar a dteanga féin. Chomh maith le sin, d’aistrigh oibrithe ó áiteanna iargúlta, áiteanna ina raibh a dteanga bheo láidir fós go dtí na cathracha chun obair a fháil. Tharla rudaí mar sin in Éirinn freisin, agus siad ag tarlú fós. deacair teanga a chaomhnú nuair nach bhfuil obair ar fáil sa bhaile.

BunaíodhYn Cheshaght Ghailckagh (cosúil le Conradh na Gaeilge) sa bhliain 1899, chun an teanga a chaomhnú agus chun taifeadtaí fuaime a dhéanamh.  Chuaigh an tUachtarán De Valera ar cuairt go hOileán Mhanann i 1948 agus sheol gléas taifeadta chucu chun cúnamh a thabhairt dóibh.

Sna nóchaidí, nuair a chonaic daoine chomh maith is a d’éirígh le naíonraí Gaeilge na hAlban in Albain, bunaigh carthanacht oideachais darb ainm Mooinjer Veggey (Muintir Beaga) a naíonra féin in Oileán Mhanann.  D’éirigh leis go maith, agus in éineacht leSheshaght ny Parentyn (grúpa tuismitheoirí) agus an Roinn Oideachais, thosaigh siad ranganna as Gaeilge Mhanann, agus ansin thosaigh siad Gaelscoil bheag darb ainmBunscoill Ghaelgagh.  Sa bhliain 2006 deineadh scoil neamhspleách di lena hardmháistir féin.   níos seachtó dalta sa scoil sin anois, agus a lán tuismitheoirí agus daoine fásta eile ag foghlaim na teanga freisin.   athbheochan an cheoil thraidisiúnta ag tarlú chomh maith, agus bannaí cosúil leBarrule ag seinm cheoil ar fud an domhain. Agus na meáin shóisialta ag cabhrú le teanga agus cultúr a scaipeadh freisin.

go bhfuil Gaeilge Mhanann i mbaol níos measa an Ghaeilge s’againne, nach suimiúil na cosúlachtaí atá idir an chur chuige chun na dteangacha a chaomhnú.  Ag deireadh an lae, is í an phoiblíocht an t-inneall caomhnaithe, le tacaíocht an Rialtais, agus is é lántumadh luath an eochair a chinntíonn na torthaí.

.

gaGaeilge