Is iontaí an fhírinne ná finscéal
Seachtó bliain ó shin, foilsíodh an leabhar ‘1984’ le George Orwell. Nuair a léigh mé an leabhar sin, blianta ó shin, bhí sé an-soiléir dom gur ficsean eolaíochta a bhí ann, agus cheap mé go raibh samhlaíocht an-chumhachtach ag an údar. Ní raibh a fhios agam ag an am rud aisteach a bhaineann le ficsean eolaíochta – go minic, le himeacht aimsire, athraíonn an ficsean go dtí an fhírinne. Deirtear más féidir rud a shamhlú, gur féidir é a dhéanamh, agus creidim go láidir an prionsabal sin.
Sa sárleabhar sin, samhlaítear domhan ina ndéanfaí faire ar gach duine le córas mór leictreonach. Ar an dea-uair, níl faireachas mar sin ar siúl ar fud an domhain. Ach ar an droch-uair, tá sé ar siúl i dtíortha áirithe. Féachfaimid ar dhá áit an-difriúla maidir le láimhseáil an fhairachais sin. Tig leat do rogha adhmad a dhéanamh cé acu ab fhearr leat féin!
San Francisco, California, Na Stáit Aontaithe
Níl aon argóint ann ach go bhfuil a fhios maith ag an áit seo faoi nuálaíocht teicneolaíochta. Sin an fáth go bhfuil sé aisteach gurb í seo an chéad áit i Meiriceá a chuir cosc ar na gardaí agus ar ghníomhaireachtaí poiblí eile an teicneolaíocht darb ainm ‘aitheantas aghaidhe’ a úsáid. Úsáideann an teicneolaíocht sin algartaim intleachta saorga chun daoine a aithint ó bhunachar sonraí ghrianghraf bailithe ó theilifís chiorcad iata (TCI) atá lonnaithe in áiteanna poiblí, ó cheadúnais tiománaí, pas, agus mar sin de. Deir na daoine ar son an pholasaí seo go bhfuil na rioscaí rómhór, agus go mbeadh sé éasca ansin faireachas a dhéanamh ar dhaoine, agus nach bhfuil sé sin oiriúnach i ndaonlathas sláintiúil. Deir na daoine in aghaidh an pholasaí seo go bhfuil an teicneolaíocht éigeantach do shábháilteacht in aerfoirt agus ag teorainneacha, agus gur féidir rialacháin a chur in áit chun mí-úsáid a chosc.
Hotan, Xinjiang, an tSín
Tá campaí speisialta athoideachasúla i bproibhinse Xinjiang in iarthar na tíre sin, áit ina bhfuil níos mó ná 10 milliún Moslamach ina gcónaí, an chuid is mó díobh sin as grúpa eithneach darb ainm Uyghur. Sa tSín ar fad, tá formhór an daonra as grúpa eithneach eile darb ainm Han.
Deir an rialtas go gcaithfidh siad athoideachas a chur ar na Uyghur, mar tá sceimhlitheoirí Moslamacha i Xinjiang, nach n-aontaíonn le prionsabail na Síne. Deirtear go bhfuil idir 800,000 agus suas le 3 milliún Uyghur i gcampaí.
I Hotan, tá gardaí, seicphointí, agus TCI, i ngach áit, ag bailiú eolais agus ag déanamh faire ar gach éinne. Nuair a iarrtar eolas orthu, agus tharlaíonn sin go minic, caithfidh daoine a gcártaí aitheantais a thaispeáint le scanadh, agus ansin tógtar grianghraif agus méarlorg agus scan imrisc díobh. Caithfidh gach duine a fón póca a thabhairt don gharda chun gach rud a íoslódáil, agus tá ar gach duine earraí spiaireachta an rialtais a bheith ar an bhfón.
Tá scrúdú dochtúra éigeantach ag gach duine freisin, ina mbailítear faisnéis pearsanta.
Agus conas a úsáidtear an t-eolas ata ag an rialtas?
Tá córas mór digiteach faireachais darb ainm IJOP acu, a úsáideann gach píosa eolais chun an faire a dhéanamh, agus cinntí a dhéanamh faoi gach duine, ó thaobh na sábháilteachta de. Cuirtear aon duine atá rangaithe mar bhaol don tír isteach i gcampa athoideachasúil. Tá na campaí go huafásach, mar ní amháin go bhfuil a gcuid dálaí maireachtála go hainnis, ach déantar céasadh coirp agus intinne ar na daoine bochta freisin. Úsáideann an réimeas ollsmachtach, an teicneolaíocht, agus go háirithe aitheantas aghaidhe chun a saoirse a bhaint de na hUyghur.
Conclúid
Is fearr glas ná amhras, gan dabht, agus aontaím go hiomlán le rialtas San Francisco. Cé go bhfuil buntáistí ag baint leis an aitheantas aghaidhe agus teicneolaíochta faireachais eile, tá contúirtí móra muna n-úsáidtear iad mar is cóir. Tharlaíonn rudaí dona nuair a théann an teicneolaíocht i gcoinne an dlí – nach léir é sin i gcás Facebook, mar shampla. B’fhéidir go dtiocfaidh an lá nuair a bheidh tuiscint níos fearr againn chun dlíthe oiriúnacha a chur in áit, ach go dtí an lá sin, bheadh sé níos ciallmhaire feitheamh, agus gan dearmad a dhéanamh ar cé chomh dona agus a d’fhéadfadh sé a bheith!
Tá an fhírinne sin chomh huafásach nach mbeadh fiú amháin George Orwell fhéin ábalta é a chreidiúint!