Gach bliain, de réir alt 30 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, is gá don Choimisinéir Teanga tuarascáil a chuir ar fáil don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.  Tá Tuarascáil Bhliantúil 2018 eagraithe go gairmiúil, agus tá a lán le foghlaim ann faoi shláinte ár dteanga náisiúnta. Ar an drochuair, tá an Ghaeilge i staid náireach ag an am seo.  Faigheann teanga bás gach coicís ar an meán, agus ba mhór an feall é dá dtarlódh sé don Ghaeilge, mar níl aon leithscéal dúinn é sin a ligean. Léiríonn an Tuarascáil seo nach bhfuil cuid den ár gcomhlachtaí poiblí ag comhlíonadh an tAcht, agus is mór an trua é sin, go deimhin.  Tá orainn go léir labhairt amach sula mbeidh sé ródhéanach!

Má tá suim agat, tá an Tuarascáil go léir le fáil ar an suíomh: https://www.coimisineir.ie/userfiles/files/Tuarascail_Bhliantuil_2018.pdf.

San alt seo, roghnaím ach sampla amháin, mar gheall ar an tseafóid atá ag baint leis, go príomha.

Déanfaidh mé turgnamh beag ort ar dtús – léigh an pasáiste beag ábhartha seo as an Tuarascáil, faoi Comhairle Contae Chorcaí (tá brón orm Comhairle Contae Chorcaí!):

Fuair ​​imscrúdú amach gur sháraigh Comhairle Contae Chorcaí an oibleagáid teanga reachtúil atá i Fo-alt 18 (1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a mhéid toisc go mbaineann sé le soláthar a scéim teanga reachtúil trí Ghaeilge a sholáthar leagan den ábhar statach ar shuíomh gréasáin na Comhairle trí úsáid na seirbhíse aistriúcháin meaisín Google Translate.  Fuair ​​mé gearán ó bhall den phobal a úsáideann a bhí á dhéanamh de chóras aistriúcháin meaisín le soláthar an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí.

Cad a cheapann tú?  Nach bhfuil sé uafásach?

Ach fan nóiméad.  Tá ceann eile agam – anois léigh an pasáiste seo:

Léirigh imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Chorcaí an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe i bhfo-alt 18(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 fad is a bhaineann sé le cur i bhfeidhm mír de scéim teanga reachtúil tríd an leagan Gaeilge den ábhar statach ar shuíomh gréasáin na Comhairle Contae a sholáthar tríd an tseirbhís meaisínaistriúcháin Google Translate. Rinne duine den phobal gearán liom go raibh leas á bhaint as córas meaisínaistriúcháin chun an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí a chur ar fáil.

Anois, cad a cheapann tú?  Nach bhfuil tú in ann é a thuiscint?  Nach mór an difríocht idir an dá phasáiste sin?  Céard ‘tá ar siúl?

Don chéad cheann thóg mé an leagan Béarla den phasáiste i gceist agus d’úsáid mé é sin mar ionchar do ‘Google Translate’ chun é a aistriú go Gaeilge.  Scríobh an Coimisinéir an dara ceann díreach as Gaeilge. Is follas nach bhfuil an chéad cheann inúsáidte.

Tá mé trína chéile a fháil amach gur úsáid Comhairle Contae Chorcaí – contae ina bhfuil Gaeltacht Múscráí – ‘Google Translate’ chun buanábhar ar shuíomh gréasáin na Comhairle Contae a chur ar fáil i nGaeilge.   Ag iarraidh an cleachtadh seo a chosaint, dúirt an Chomhairle nach raibh an t-airgead nó an t-am acu comhlacht príobháideach aistriúcháin a úsáid, agus go raibh seans mór ar aon nós go ndéanfar athdhearadh ar an suíomh.  Cheap siad freisin nach sháródh an t-aistriúchán Gaeilge a bhí á chur ar fáil trí chóras meaisínaistriúcháin amháin Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dúirt siad gur beart sealadach a bhí ann go dtí go mbeidís in ann aistriúchán níos cruinne a chur ar fáil.

Tar éis an t-ábhar a phlé leis an gCoimisinéir, ghlac an Chomhairle Contae leis, áfach, nach raibh aistriúchán ar ábhar statach an tsuímh gréasáin ar an gcaighdeán céanna leis an mbunleagan Béarla agus chuireadh plean in áit aistriú cruinne a dhéanamh in imeacht bliana, agus an dá leagan a choimeád i sionc le chéile as sin amach.

Dúirt an Coimisinéir gur féidir go dtiocfadh an lá fós a mbeidh aistriúcháin á gcur ar fáil ag meaisínaistriúchán as féin ar chaighdeán atá sásúil ó thaobh chruinneas na cumarsáide chun críocha oifigiúla de, ach nach raibh sé léir dó go bhfuil an lá sin tagtha go fóill.

Sin sampla amháin den obair den chéad scoth atá á dhéanamh ag an gCoimisinéir.  Is trua go bhfuil gá ann le Geatóir Teanga mar seo, ach tá an t-ádh dearg orainn go léir go bhfuil geatóir chomh héifeachtach le Rónán Ó Domhnaill againn ag an am ríthábhachtach seo i saol ár dteanga agus ár gcultúr.

.

.

.

.

.

gaGaeilge