Moore’s Law

Níl maolú ar bith ag teacht ar an athrú teicneolaíochta – a mhalairt ar fad, is méadú easpónantúil atá ann!  Tá sé sin spreagúil agus scanrúil ag an am céanna! Sa bhliain 1965, thug innealtóir darb ainm Gordon Moore rud ait faoi deara.  Gach bliain, bhíodar in ann méadú faoi dhó a dhéanamh ar cé mhéad trasnaitheoirí ab fhéidir leo a chur ar shlis. Thuar Moore go mairfeadh an treocht sin ar feadh deich mbliana.  Chuir Ollamh innealtóireachta i gCaltech, Carver Mead, an teideal ‘Moore’s Law’ ar an tuar seo, agus chloígh an t-ainm leis tar éis sin. 

D’athraigh Moore a thuar i 1975 go dhá bhliain don dúbailt.  Anois, níos mó ná caoga bliain níos déanaí, tá an tuar sin cruinne go leor fós. 

Nach Cuma?

I ndáiríre, tá dlúthbhaint ag ‘Moore’s Law’ le beagnach gach gné dár gcuid saolta.  Sa ré dhigiteach ina bhfuil cónaí orainn, úsáideann beagnach gach uirlis, gach fearas, gach feithicil, gach ríomhaire, gach fón póca, agus tuilleadh lena chois sliseanna digiteach.  Mar sin, tá an méadú céanna ag tarlú dóibh agus do na bogearraí a ritheann orthu freisin.

Sa ré thionsclaíoch, tháinig feabhas ar mheaisíní ag déanamh obair fhisiceach.  Ach sa ré dhigiteach, tá feabhas ag teacht ar mheaisíní ag déanamh obair intinne agus ag déanamh cumarsáide idir daoine, idir meaisíní agus daoine, agus idir meaisíní.  Tá níos mó daoine agus níos mó meaisíní ceangailte le chéile gach lá, agus in ann gach sórt eolas agus meáin a roinnt le chéile, obair a dhéanamh le chéile, gnó a dhéanamh le chéile.  Agus tá na meaisíní ag éirí níos cumhachtaí gach lá. 

Draíocht

Tá teicneolaíocht atá forásach go leor agus draíocht do-aitheanta ó chéile.” – Arthur C. Clarke (1973)

Caoga bliain ó shin, ní bheadh daoine in ann creidiúint go mbeadh gaireas póca ag beagnach gach duine ar domhan, agus go mbeifeá in ann glaoch fón a dhéanamh, ceisteanna deacra a fhreagairt, grianghraf a thógáil, ríomhbhaincéireacht a dhéanamh, earraí a cheannach, féachaint ar scannán – gan ach cúpla a lua, leis an ngaireas beag sin.  Bheadh ionadh an domhan orthu freisin leis an idirlíon, líonra domhanda ríomhairí a chuireann a lán seirbhísí ar fáil dúinn, saor in aisce.

An Todhchaí

is é an t-aon fhíric ná go leanfaidh athruithe móra inár saol, cé acu is maith linn é nó ní maith!

Cén sórt athruithe móra atá i ndán dúinn an chéad cúig bliana eile?

Mar is eol do chách, tá sé thar a bheith deacair an todhchaí a thuar, go háirithe nuair atá luas géaraithe na hathruithe ag méadú.  In ainneoin é sin, tá a lán tuartha ann. Seo cúpla ceann suimiúil.

Sláinte:  Tá intleacht shaorga ag éirí níos fearr ag aithint patrún, agus mar sin níos fearr ag diagnóisiú galar.  Uirlis riachtanach a bheidh ann chun cabhrú le dochtúirí. 

Cogaíocht: Beidh meaisíní ag marú níos mó daoine, ní amháin measíní cosúil le dróin agus buamaí cliste ach saighdiúirí róbat freisin.

Déantúsaíocht: Beidh róbait tionsclaíoch in ann táirgí a dhéanamh ag úsáid teicnicí  nanaitheicneolaíochta. Beidh na táirgí sin i bhfad níos lú, níos saoire agus níos iontaofa ná na táirgí atá inniu ann.

Infreastruchtúr: Beidh braiteoirí i ngach rud agus i ngach áit, agus éascóidh sé sin níos mó uathoibriú sa bhaile, ar an mbóthar, sa chathair agus amuigh faoin tuath.  Ó charranna uathrialacha go bainistíocht inbhuanaithe ar uisce, feicfimid go leor feabhsuithe san infreastruchtúr agus na seirbhísí ag baint leis.

Sochaí: Tá an t-athrú teicneolaíochta ag méadú níos tapúla ná mar a bhfuil muid in ann láimhseáil.  Caithfimid a bheith cúramach, mar tá na hathruithe casta maidir leis an tionchar a imríonn siad orainn.  Go minic, bíonn aincheist eitice i gceist. Mar shampla, b’fhéidir go mbeadh ar an gcarr uathrialach rogha a dhéanamh idir bás an tiománaí nó bás an pháiste os comhair an chairr.

Nó céard faoi shárú príomháide – féach ar cad atá ar siúl do na Moslamaigh Uighur i Xinjiang sa tSín – tá córas digiteach ag faire orthu an t-am ar fad, agus ag déanamh cinntí fúthu maidir le seoladh go campaí ‘oideachais’.

Níl aon teorainn lenar féidir a dhéanamh, idir mhaith agus olc!  Cé go bhfuil cathú an-láidir léim an daill a thabhairt ar rudaí, tá sé i bhfad níos fearr dúinn an t-am a thógáil chun smaoineamh ar na cinntí móra, agus ár sochaí a chosaint ó bhagairt drochúsáid na teicneolaíochta.

 

.

gaGaeilge