Dírbheathaisnéis Nua!

 

Is iomaí bua atá ag Peadar Bairéad! Cé gur bhain sé a bheatha amach mar mhúinteoir den scoth agus ansin leas-phríomhoide i gColáiste Chiaráin, níor chuir sé sin cosc ar a phaisean eile, an scríbhneoireacht. Beidh cuimhne go deo agam ar chlic cleaic ar an mhéarchlár a chloisteáil beagnach gach oíche agus é ag scríobh. Nuair a bhí an-óg scríobh sé ar chlóscríobháin den seandéanamh, agus ansin ar chlóscríobháin leictreacha agus faoi dheireadh ar ríomhairí. Cé gur athraigh na meaisíní le himeacht ama, níor athraigh paisean m’athair don scríbhneoireacht. Rinne m’athair agus mé féin meastachán garbh agus coimeádach le déanaí agus ar a laghad, tá níos mó ná dhá mhilliún focal scríofa agus foilsithe ag Peadar, idir phrós agus fhilíocht. Tá ailt agus dánta foilsithe aige in irisí cosúil le Feasta’, ‘Comhar’ agus ‘An tUltach’, agus i nuachtáin éagsúla ach go háirithe sa Kilkenny People. Chomh maith le sin, tá trí chnuasach filíochta foilsithe aige, agus anois a dhírbheathaisnéis freisin. Sárscríbhneoir ilchumasach agus bisiúil is ea Peadar, le bailiúcháin leathan liteartha chun é sin a chruthú.   

D’fhan Peadar dílis dona chuid prionsabal i gcónaí, agus go háirithe a chreidimh, a theaghlach, agus a theanga agus cultúr. Mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir, bhí Peadar in ann na prionsabail sin a chraobhscaoileadh, de réir a chinniúint. Agus bhí sé in ann é sin a dhéanamh i bhfoilseachán amháin thar aon cheann eile, an ‘Kilkenny People’. Tá alt seachtainiúil á scríobh ag Peadar sa nuachtán seo ar feadh breis is daichead bliana, inar phléigh sé a lán ábhair a bhí ábhartha do lucht a léitheoireachta. Scríobhann sé as Gaeilge agus níl aon cholún Gaeilge eile sa pháipéar. Tá buíochas ag dul don pháipéar, dona tacaíocht do Pheadar agus don ár dteanga le fada. Tá buíochas ag dul go Micheál Ó’ Diarmada freisin, mar chuir sé argóint láidir ar son alt Pheadair nuair a bhí an páipéar ar tí é a chur ar ceal roinnt blianta ó shin. Agus os cionn gach rud eile, buíochas ag dul do Pheadar féin as a sheirbhís don phobal agus don ár dteanga.  

Scríobh Peadar ar a lán ábhair éagsúla i rith na mblianta: scéalta ficsean agus scéalta pearsanta, cuntas taistil, cúrsaí reatha domhanda agus áitiúla, píosaí tuairimíochta, léirmheasanna leabhair agus a lán ábhair eile. Tamall ó shin, rith sé le Peadar go raibh a lán ábhar aige ina n-ailt, agus b’fhéidir go mbeadh sé in ann bailiúchán a chuir le chéile ar théama suimiúil. Ansin, thit an smaoineamh é díreach idir na súile! Dírbheathaisnéis! D’inis sé scéalta a shaol sa pháipéar, de réir a chéile, in ailt a bhí fite fuaite le hailt eile, agus bheadh sé in ann na scéalta sin a bhailiú de réir ama, agus ansin aon bhearnaí a líonadh, ionas go mbeadh gluaiseacht réidh ann. D’fhreagair Peadar an dúshlán sin, agus thosaigh sé ag obair ar a dhírbheathaisnéis. Ní raibh tuairim agam cad a bhí ag tarlú, go dtí lá amháin nuair a thug m’athair cúpla ceanglán dom lán d’ábhar clóite.

Déanta na fírinne, shuigh na ceangláin ar sheilf leabhair ar feadh bliain nó dhó, agus rinne mé dearmad go raibh siad ansin. Nuair a d’éirigh mé as mo phost, bhí níos mó ama agam chun na rudaí is fearr liom a dhéanamh. Mar chuid den tsaoirse sin, shocraigh mé ar mo chuid Gaeilge a athbheochan! Agus mar chuid den mhisean sin, chuaigh mé ag lorg leabhair Gaeilge i mo theach! Bhí ionadh agus náire orm nuair a tháinig mé ar dhréacht leabhar m’athair. Chinn mé chun aistriúchán a dhéanamh ar an leabhar seo. Chomhoibrigh m’athair liom ar an aistriúchán, agus d’fhoghlaim mé a lán Gaeilge sa phróiseas! Agus cheap mé tar éis sin go raibh mé críochnaithe leis an leabhar suimiúil seo. Ach ní raibh an ceart agam!

Cúpla mí tar éis sin, nuair a bhí mé ag freastal ar thumchúrsa Gaeilge i gColáiste na Rinne, dúirt mo mhúinteoir, Micheál

Ó’Máirtín, liom go mb’fhéidir go mbeadh m’athair in ann leabhar a chumadh bunaithe ar a ailt sa ‘Kilkenny People’. Cairde is ea Micheál agus m’athair le fada, ó na laethanta nuair a bhí Micheál mar phríomhoide Gaelscoil Osraí i gCill Chainnigh. Ar aon nós, shuigh smaoineamh Mhichíl i m’intinn ar feadh tamaillín. Ansin go tobann agus gan rabhadh, tháinig tuiscint orm. Nach raibh bailiúchán alt m’athair agam cheana féin, ina suí ar mo sheilf leabhar! Rith sé liom ansin nach raibh an dara rogha agam ach cabhair a thabhairt do m’athair chun a leabhar a fhoilsiú. Bhí mé saonta go leor agus mar sin níor thuig mé an méid obair a bhí ann, idir an dréacht a bheith ann agus leabhar a bheith ar díol i siopa leabhair. Ach bhogamar m’athair agus mé féin ar aghaidh le chéile, agus chuidigh na daoine ar chasamar orthu leis an eachtra sin freisin.

Tá an-áthas orm anois a bheith in ann roinnt libh go bhfuil dírbheathaisnéis Pheadair foilsithe le Coiscéim le déanaí. Tá buíochas ar leith ag dul do Choiscéim as a gcúnamh!

Tá mé cinnte go mbainfidh sibh taitneamh as an leabhar seo an oiread agus ar thaitin sé liom. Níl an tír inar rugadh Peadar in ann dúinn fós, ach tá sé gafa sa leabhar seo! Rud aisteach é go bhfuil Saorstát na hÉireann agus m’athair beagnach ar chomhaois! Mar sin, i gcás Peadar Bairéad, tá comhghaol láidir idir a shaol agus saol na tíre. Tá tú in ann, trí lionsa an údair, ní amháin saol Pheadair ach saol na tíre féin a fheiceáil go soiléir. Cuireann sé sin le draíocht an leabhair.

a lán scéalta iontacha sa leabhar i dtraidisiún scéalaíochta ár gcultúr, agus geallaimse duit go bhfoghlaimeoidh tú rudaí aisteacha faoi chúrsaí ár dtír, faoi Peadar Bairéad, agus fút féin má léann tú an leabhar seo.

Beidh seoladh leabhair ar siúl i gCill Chainnigh ar an 26ú lá de mhí Dheireadh Fómhair i dteach altranais Drakelands ag a trí a chlog sa tráthnóna. Táimid buíoch de Anne Fleck-Byrne agus a foireann as ionad iontach a chur ar fáil dúinn don ócáid seo.

Má tá suim agat, beidh fáilte mhór romhat a fhreastal ar an ócáid speisialta seo – chuir r-phost dom ag mickgb@gmail.com, agus eagróidh mé duit a bheith ann má tá spás. Beidh muid ag siúl le freagra duit! Ach thar aon rud eile, CEANNAIGH an leabhar seo! Ní bheadh díomá ort, ar m’fhocal!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge