Nuair a chonaic tú an teideal ‘Pairceanna na Glas’, b’fhéidir gur rith sé leat go raibh an ceann caillte agam ar fad, agus mé ag fánaíocht thart Meiriceá gan aird ar aon rud agam! Nó b’fhéidir go bhfuil tú ar an eolas gurb é sin an t-ainm atá tugtha ar eastát nua tithíochta sa Daingean i gContae Chiarraí. Ach iontas na n-iontas, cé chomh dona is atá an botún sin, tá níos measa fós ag baint leis an scéal seo. Ach fillfimid ar sin níos déanaí.

.

Níl aon dabht, ach is uafás amach is amach é ‘Pairceanna na Glas’ mar ainm, go háirithe i lár ceantar Gaeltachta. Cad is brí leis? Bhuel, sin í an fhadhb! Meascán mearaí de litreacha gan chiall atá ann, i ndáiríre. Rinne mé obair bleachtaireachta agus ceapaim go bhfuil a fhios agam foinse an uafáis seo! B’fhéidir gur chuimhin leat gur tharla rudaí eile cosúil leis sin ó am go ham san am atá caite. Mar shampla, bhí conspóid mhór ann cúpla bhliain ó shin, mar gheall ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Chorcaí! Mhaígh siad nach raibh na hacmhainní acu duine a fháil chun aistriúchán a dhéanamh, agus mar sin gur úsáid siad Google Translate chun é a dhéanamh mar ‘réiteach sealadach’ a chur in áit. Níor ghlac an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill leis an leithscéal, agus d’admhaigh an Chomhairle faoi dheireadh gur réiteach inghlactha a bhí ann, agus gur sháraigh siad a ndualgas leis an gcur chuige sin.

.

Ar aon nós, ag smaoineamh siar ar uafáis eile mar sin, rith sé liom go mb’fhéidir go raibh baint éigin ag Google Translate leis an uafás is déanaí! Mar sin, rinne mé cúpla turgnamh mé féin agus, mar a bhainfeá smeach, bhí an freagra agam. Níl mórán dabht ach gur chuir duine isteach ‘pairceanna na glas’ i Google Translate ar thaobh amháin, agus ansin tháinig na focail ‘Green Parks’ amach ar an taobh eile. Bain triail as mura gcreideann tú é sin! Má tá ceacht amháin ann, is é sin ná: Ná bíodh muinín agat i nGoogle Translate mar níl ann ach sop in áit na scuaibe! Tá ceacht eile ann freisin: Mura bhfuil Gaeilge agat, ná déan rud mar sin sa chéad áit!

.

Ar dtús, ní raibh rún ag Comhairle Contae Chiarraí an t-ainm a athrú. Ach bhí an pobal ar an daoraí faoi le fada, agus nuair a mhol na Comhairleoirí Gaeltachta Breandán Fitzgerald (FF) agus Séamus Cosaí Mac Gearailt (FG) rún éigeandála chun an fhadhb a réiteach, ritheadh an rún. Mar sin, anois tá Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle, Moira Murrell agus Clúid (forbróirí an eastáit) ag obair as lámha a chéile chun an t-ainm a athrú. Dúirt Moira Murrell go mbeadh sí ag obair ar phróiseas chun fadhbanna mar sin a sheachaint as seo amach. Tá an Teachta Dála de chuid Sinn Féin, Pa Daly, ar buile faoin eachtra seo, agus i dteagmháil le Comhairle Contae Chiarraí faoin ábhar freisin.

.

Ach conas a d’fhéadfadh rud uafásach mar sin a tharla sa chéad áit? Rinne ailtire an eastáit moltaí mar gheall ar ainm an eastáit, agus roghnaigh Comhairle Contae Chiarraí ‘Pairceanna na Glas’. Tá sé soiléir nach bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag aon duine a bhfaca an moladh sin, ach in ainneoin sin, glacadh leis gan ceist ar bith. Cá raibh an Gaeilgeoir sa phróiseas? Bhuel, maítear nach bhfuil aon Oifigeach Pleanála Teanga i gContae Chiarraí faoi láthair, agus tá an post le líonadh. D’iarr Comhairleoir Cosaí Fitzgerald ar an gComhairle an post a líonadh. Caithfidh mé a admháil go bhfuil mé beagáinín trína chéile, mar cheap mé gurb é an Rúiseach, Victor Bayda, an t-oifigeach pleanála teanga in Uíbh Ráthach, agus gurb é John Prendergast an t-oifigeach pleanála teanga i gCorca Dhuibhne – an bhfuil an bheirt acu tar éis éirí as a bpoist le déanaí? Ar aon nós, sin scéal eile le lá eile!

.

Agus céard faoin mBrainse Logainmneacha – ceapaim go mbeidís sásta cabhrú i gcás mar seo, agus tá saineolas cuí acu, gan dabht? Tá sé ríshoiléir nach bhfuair Comhairle Contae Chiarraí a chomhairle.

.

Is é bun agus barr an scéil nár chomhlíon Comhairle Contae Chiarraí a ndualgas ar chor ar bith, agus níl ach leithscéalta acu anois. Cé go ndúirt siad nach dtarlódh a leithéid arís, ní shlogfainn é sin gan chogaint!

.

Gheall mé níos luaithe go n-inseoinn duit faoi bhotún níos measa. Maidir le sé cinn den 20 teach san eastát, is gá Gaeilge a bheith ar chumas na gceannaitheoirí. Is i mBéarla a rinneadh an measúnú sin! Nach bhfuil sé sin níos measa fós ná ‘Pairceanna na Glas’? Is cíoradh do lá eile é sin!

gaGaeilge