Bhí fadhb agam le déanaí le caidéal uisce agus chuaigh mé isteach sa gharáiste chun é a thástáil. Phlugáilisteach é agus díreach ansin stad an soicéad cumhachta ag obair! Díphlugáil mé an caidéal, agus phlugáil mé isteach lampa ach níor oibrigh sé sin ach an oiread.

Tharraing mé anáil dhomhain agus dhírigh mé m’aird ar an bhfadhb seo. Ar dtús, chinntigh mé go raibh gach soicéad cumhachta eile sa teach ag obair. Ansin, chuaigh mé go dtí an painéal a raibh na scoradáin chiorcaid ann, ach ní raibh aon cheann dóibh truipeáilte. Chuir mé as an scoradán ag baint leis an ngaráiste agus ansin chuir mé ar siúl arís é. Ach níor thosaigh an soicéad ag obair arís. Ní raibh aon rud eile le déanamh anois ach leictreoir a fháil.  

Chuir mé glaoch ar leictreoir áitiúil, agus chuir sé cúpla ceist orm.  Cén seoladh atá agam? Cén aois an teach? Conas a tharla an fhadhb? Cén áit ar tharla an fhadhb? An raibh a lán rudaí á stóráil sa gharáiste agam? An ndearna mé iarracht an fhadhb a shocrú? Cad a rinne mé? D’fhreagair mé a chuid ceisteanna agus ansin dúirt sé go mbeadh sé in ann teacht an lá dár gcionn chun é a shocrú.  Chuir mé ceist amháin ar Laurence an leictreoir – an raibh aon smaoineamh aige faoin bhfadhb seo? Dúirt sé dá roinnfeadh sé a rún, ní bheadh aon obair aige. Cheap mé ag an am go raibh a theanga ina phluc aige á rá.

Ansin, lean sé ar aghaidh agus mhínigh sé dom téarmaí a chonartha. Chosnódh sé €150 ar a laghad, a chuimseodh suas go dtí uair amháin, agus chosnódh sé €120 eile san uair nó aon sciar de tar éis sin. D’aontaigh mé leis a choinníollacha.

Tháinig Laurence chuig an gcoinne agus rinneamar dreas cainte ar dtús, scartha óna chéile taobh amuigh agus ag caitheamh ár maisc. Feictear domsa gur fear croíúil, cairdiúil a bhí ann. Bhí an garáiste ar oscailt agus thaispeáin mé an soicéad lochtach dó.

Dhearbhaigh sé nach raibh an soicéad ag obair. Ansin, chuamar go dtí an painéal agus bhain sé na scriúnna as an gcumhdach, agus sheiceáil sé na scoradáin chiorcaid. Bhí siad go léir ag obair i gceart. D’fhilleamar ar ais ar an gharáiste ansin agus chuir sé ceist orm.

“An bhfuil a fhios agat an bhfuil aon soicéid eile anseo sa gharáiste?” ar seisean. Ní raibh am agam fiú focal amháin a sular labhair Laurence arís. “Roimh an cheist sin a fhreagairt”, ar seisean, “bheadh ionadh ort an méid daoine a mhionnaigh agus a mhóidigh nach raibh aon soicéid eile ina ngaráistí, nach raibh an ceart acu!”

“Níl mé cinnte,” arsa mise, faoi bhrú anois, “ach ní cheapaim go bhfuil.”

cófra mór adhmaid ar bhalla an gharáiste, agus d’oscail Laurence é agus thóg sé amach na boscaí a bhí ar an tseilf is ísle. Ansin, chuaigh sé ar ais go dtí an soicéad lochtach agus chroith sé tástálaí voltais gar dó. Thosaigh sé ag bípeáil.

“Tá tú faoi lánseol arís, a chara!” a d’fhógair sé.

Bhí mé trína chéile. “Cad a rinne tú?” arsa mise.

“Bhrúigh mé an cnaipe anseo!” a d’fhreagair sé, agus thaispeáin dom soicéad eile ar an mballa, laistigh den chófra. Soicéad le scoradán ciorcaid srutha iarmharaigh atá i gceist anseo, agus nuair a phlugáil tú an gléas leictreach lochtach isteach sa soicéad eile, thruipeáil an scoradán ar an soicéad sa chófra, mar tá an dá shoicéad ar an líne chéanna.

Thuig mé láithreach cad a bhí á rá aige, agus sin an fáth ar chinntigh mé go raibh gach soicéad eile a bhí ar eolas agam ag obair i gceart. Ach rinne mé dearmad ar an gceann folaithe sa chófra.

Bhí Laurence tar éis an fhadhb a réiteach taoibh istigh de cúig nóiméad. Chuaigh mé amach leis go dtí a charr.

“Anois, cé mhéad atá le híoc?” a d’fhiafraigh mé de, agus mé ag súil nach nglacfadh sé aon táille, nó b’fhéidir táille ainmniúil mar bhí air cúpla ciliméadar a thiomáint agus cúpla nóiméad a chaitheamh.   

€150,” arsa Laurence. Ní raibh an dara rogha agam ach an t-airgead a thabhairt dó.

Caithfidh mé a rá gur chuir an eachtra déistin orm. Nár bualadh bob orm? Ach is é an rud is measa faoi, gur mé féin ba chiontaí! Faigheann foighne fortacht agus ní raibh a dhóthain foighne agam sa chás seo. Bhuel, sin é an ceacht daor a d’fhoghlaim mé le déanaí, agus tá súil agam nach dtarlóidh a leithéid arís – domsa nó duitse!

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge