D’fhoilsigh Jack Chambers le déanaí go bhfuil ceannteidil 32 leasú ceadaithe ag an Rialtas chun Bille na dTeangacha Oifigiúla a neartú, agus inniu tarraingeoidh mé bhur n-aird ar na cinn is tábhachtaí, i mo thuairim. Níl aon dabht ach go neartóidh na leasuithe sin ár dteanga agus a stádas sa dlí, agus faoi dheireadh taispeánann sé dúinn go léir an tacaíocht atá ag an rialtas dár dteanga. Bhí ról lárnach ag go leor daoine sna cruinnithe faoi na leasuithe a mholadh, chun an dul chun cinn suntasach seo a dhéanamh maidir leis an gcloch mhíle reachtaíochta a shroicheadar. Is é an Coiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do Phobal Labhartha na Gaeilge an dream a rinne an chuid is troime den obair seo. Tá teachtaí agus seanadóirí ina gcomhaltaí den Choiste – Aengus Ó Snodaigh (Cathaoireach), Catherine Connolly, Dara Calleary, Pa Daly, Aindrias Moynihan, Marc Ó Cathasaigh, Lorraine Clifford-Lee agus Seán Kyne san áireamh. Chaith an Coiste agus Jack Chambers go leor ama ag plé na leasuithe a mholtar – bhí níos mó ná 300 dóibh agus bhí díospóireacht faoi gach ceann acu!   Moladh cuid mhaith dóibh le linn céim an Choiste, ag na cruinnithe féin.  Ní haon ionadh gur thóg sé timpeall 25 uair in iomlán na cruinnithe a thabhairt chun críche.

Tá na fístaifeadtaí agus trans-scríbhinní ag baint le cruinnithe an Choiste ar fáil ar líne ar an suíomh www.oireachtas.ie, agus tá sé an-luachmhar breathnú ar shliocht nó dhó atá ann. Ach i ndeireadh an lae, seo iad na ceannlínte móra mar gheall ar thorthaí na hoibre sin.

An tSeirbhís Phoiblí

Beidh dualgas ar an rialtas go mbeidh 20% de na hearcaithe nua sa tseirbhís phoiblí inniúil ag labhairt na Gaeilge, faoin 31 Nollaig 2030.  Léiríonn an leasú seo go bhfuil an rialtas tiomanta do chaomhnú na teanga, mar beidh an dualgas seo orthu féin a líonadh. Is céim sa treo ceart atá ann, agus tá súil agam go neartófar an leasú seo (chomh maith leis na leasuithe eile) le himeacht ama.

Seirbhísí Poiblí sna 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta

Beidh oibleagáid ar Aire Stáit na Gaeltachta dátaí a shonrú ar fúthu a sholáthrófar gach seirbhís phoiblí i ngach ceann ar leith de na 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta trí mheán na Gaeilge.  Toisc go mbraitheann Acht na Gaeltachta, 2012 ar sheirbhísí poiblí a sholáthar as Gaeilge, is gá spriocdhátaí a leagan amach don réamhchoinníoll seo i dtús báire.

Fógraíocht

Beidh ar gach comhlacht poiblí 20% dá fhógraíocht a bheith as Gaeilge gach bliain, agus beidh orthu 5% a dhéanamh san meáin Gaeilge.  Is céim thábhachtach í seo, agus beidh ar an gCoimisinéir Teanga monatóireacht a dhéanamh, agus pionós a ghearradh ar aon chomhlacht nach gcloíonn sí leis an reachtaíocht. Caithfidh éifeacht a bheith leis an riail seo!

Oibreoirí tráchtála

Beidh ar aon oibreoir tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí poiblí do chomhlacht poiblí Gaeilge a úsáid mar chuid de na seirbhísí sin.  Céim phraiticiúil atá sa chéim seo, mar seachas sin, bheadh ar an gcomhlacht poiblí aistriúcháin a dhéanamh ón mBéarla. Chomh maith leis sin, leathnaíonn an chéim seo éiceachóras na teanga i mbealach nádúrtha.

Síneadh Fada

Ní bheidh aon leithscéal níos mó ag comhlachtaí poiblí maidir leis an síneadh fada, mar beidh orthu a gcóras TFC (teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide) a uasdátú chun a bheith ábalta síntí fada a úsáid. Gach uair a léim an nuacht, bíonn scéal eile faoi chóras ríomhaireachta nach bhfuil tacaíocht ann leis an síneadh fada. Tá sé thar am an fhadhb seo a shocrú faoi dheireadh is faoi dheoidh!

Coiste Logainmneacha

Beidh coiste nua reachtúil cruthaithe maidir le hOrduithe Logainmneacha. Tabharfaidh an Coiste comhairle don Aire freastal ar aon iarratas le haghaidh logainm nua.  Níl a fhios agam an mbeidh dlínse ag an gcoiste ar logainmneacha áitiúla. Ba cheart go mbeadh, mar ansin ní bheadh orainn a bheith páirteach i gconspóidí fíochmhara cosúil le ‘Pairceanna na Glas’ (an t-ainm seafóideach, náireach a cheadaigh Comhairle Contae Chiarraí mar ainm eastát tithíochta sa Daingean)!

Conclúid

Is ábhar dóchais an scéal seo, agus tá moladh ar leith ag dul don Aire féin, Jack Chambers. Gheall sé a lán agus rinne sé beart de réir a bhriathair go dtí seo. Beidh sé tábhachtach na leasuithe go léir a chur i bhfeidhm roimh a spriocdhátaí, agus dúirt An tAire go soiléir gurb air féin a bhfuil an fhreagracht as sin.

Tús maith, leath na hoibre, mar a déarfá, agus cé gur tús maith é seo gan dabht, ní féidir linn ár n-aird a bhaint den mórphictiúr, is é sin athbheochan ár dteanga luachmhaire!

.

.

gaGaeilge