Cuid a dó – Mac an Bhacaigh!

 

“Ach a Shéimí, a chara na gcarad, níor chóir do dhuine ar bith na nithe sin faoi Armagadan a lua, fiú, nó nach mbíodh seanfhocal againn fadó…

‘Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat.’

Nach é an scéal céanna é i gcás na cogaíochta sin, sa Mheán Oirthear.  Ach le casadh ar cheirtlín eile ar fad, cad é do thuairim, a Shéimí, faoi riail agus reacht i dtír seo na hÉireann, i láthair na huaire seo?”

“Is beag nach bhféadfá a rá, nach bhfuil ceachtar den dá earra sin le fáil in ár measc, faoi láthair.  Breathnaigh ar an chaoi a bhfuil gasúir, faoi cheithre bliana déag d’aois, imithe fiáin, i mbailte agus i gcathracha, ó cheann ceann na tíre seo –  gasúir á dtógáil os comhair ár gcúirteanna, agus iad á scaoileadh amach ar na sráideanna arís agus arís.  Agus i gcás na ndaoine fásta, ní chuireann sé ionadh ar éinne, sa lá atá inniu ann, nuair a théann gunnadóir isteach i dteach ósta, púicín air, gunna ina láimh leis, siúlann suas chuig duine eicínt istigh ansin, agus díríonn a ghunna, agus scaoileann é, faoi mar ba mhadra, nó nathair nimhe é.  Sea, a chara, tá an tír seo imithe chun an donais ar fad, le roinnt bheag blianta anuas.”

“Agus, a Sheimí, an gceapann tú go bhfuil leigheas ar bith ar an scéal seo, nó an féidir linn an claibín a chur ar ais ar an mbuidéal arís?”

“Tá faitíos orm, go bhfuil sé ag éirí níos deacra, agus níos deacra, in aghaidh an lae, an claibín céanna sin a chur ar ais ar an mbuidéal, gníomh a thabharfadh deis dúinn, mar phobal, smacht eicínt a fháil ar ais ar chúrsaí, in Oileán seo na Naomh is na nOllamh.  Ach ag an am gcéanna, ní bheinn gan dóchas, amach is amuigh.  Dá dtosódh an Rialtas ar pholasaí an “Zero Tolerance”, déarfainn go bhféadfadh siad smacht eicínt a chur i bhfeidhm sa tír seo arís.”

“Ach, a Shéimí, nach bhfuil a fhios agatsa, faoi mar atá a fhios agamsa, go bhfuil daoine ann, agus cuma sa tsioc cad a dhéanfaidh tú, brisfidh siadsan an dlí, nó tá sé de dhlúth is d’inneach iontu, sin a dhéanamh.  Conas is féidir le “Zero Tolerance” deighleáil le daoine dá leitheid?”

“Tagaim leat sa mhéid sin, tá daoine dá leithéid ann, ach ar ámharaí an tsaoil, níl an oiread sin díobh ann, agus d’fhéadfadh an Stát díriú orthu siúd, ar bhealach speisialta.”

“Conas a d’fhéadfaidís tabhairt fúthusan, nó is dream iad, nach bhfuil meas ar bith acu ar riail nó ar reacht, ar Dhia nó ar dheamhan?”

“Glacaim leis gur leag tú do mhéar ar an bhfadhb ansin, ach nach bhfuil seanfhocal againn fhéin sa Ghaeilge adeir, gur “Fonn a dhéanann Fiach”, is é sin, má theastaíonn uainn é a dhéanamh, déanfaimid é.”

“Ach, níor éirigh linn na daoine sin a chur faoi smacht an Stáit fós, nach bhfuil sé ag éirí beagáinín déanach sa lá anois?”

“Bheadh an ceart agat, gan dabht, mura bhfuil plean nua againn le sin a bhaint amach.”

“Agus an gceapann tú, i ndáiríre, go bhfuil a leithéid de phlean ann?”

“Cheapfainn go bhfuil!  Níl ach slí amháin againn as an bhfadhb ina bhfuil muid sáinnithe, ag an nóiméad seo, agus sin na coirpigh sin uilig a imtheorainniú, agus ansin, iarracht ollmhór a dhéanamh ar a bhfrithshóisialtacht a leigheas.”

“Ach, conas a d’fhéadfá na coirpigh doleigheasta sin a roghnú, más ea?”

“Bheadh orainn sin a fhágáil faoi cheannfoirt an Gharda Síochána.  Agus rud amháin eile, dealraíonn sé go bhfuil fhios ag madraí an bhaile fiú, cé hiad na coirpigh chéanna sin, agus cá bhfuil cónaí orthu, agus cé tá ag obair dóibh, freisin, ach is é an cheataí atá sa scéal nó nach féidir leis an nGarda Síochána fianaise a bhailiú, le cúis inchreidte ina gcoinne a leagan os comhair Cúirte, toisc go bhfuil faitíos ar dhaoine scéitheadh orthu, ar eagla a mbasctha.”

“Déarfainn gur cur chuige contúirteach é sin, cosúil le Stát Póilineach, agus go bhfuil níos mó míbhuntáistí ná buntáistí ag baint leis!  Faraor, caithfimid an plé sin a chur ar athlá, mar tá coinne tábhachtach agam anois!”

“Maith go leor, agus bí cúramach amuigh ansin, tá sé contúirteach fós!” Leis sin chaoch Séimí a shúil orm agus ansin chuamar ár mbealach féin.  Bheadh ar an tír fanacht tamall eile leis ár nathán gaoise!

 


.

gaGaeilge