Tá scéal dochreidte agam daoibh inniu, scéal a dhúisíonn cuimhní faoinár stair féin in Éirinn, maidir leis ár dteanga.

I mí Mheán Fómhair 2022, shéid drochstoirmeacha trasna iarthuaisceart Alasca.  Ba é tíofún Merbok mar chúis leo, agus rinne siad a lán damáiste in áiteanna ina bhfuil cónaí ar dhaoine de chuid Dhúchasaigh Mheiriceá. Chuir rialtas na Stáit Aontaithe (Gníomhaireacht Fheidearálach um Bainistíocht Éigeandála – tugtar FEMA air) airgead ar fáil chun an damáiste a dheisiú. Bhí ar go leor Dúchasaigh iarratas a chur isteach chun airgead a fháil. Toisc go bhfuil a dteangacha féin acu, bar FEMA treoracha a chur ar fáil dóibh i Yup’ik agus Inupiaq.  

Bhronn FEMA an conradh aistriúcháin ar chomhlacht bheag i gCalifornia, darb ainm “Accent on Languages.” Tubaiste amach is amach a bhí ann!

Frásaí Aisteacha!

Nuair a thosaigh iarrthóirí obair ar a n-iarratais, bhí siad ag súil le treoracha a chabhródh leo an páipéarachas a líonadh. Ach in ionad sin, ní raibh le léamh acu ach gibiris agus frásaí aisteacha. Mar shampla, seo abairt amháin: Amárach, rachaimid ag seilg, agus ní thógfaimid aon rud linn.” Seo ceann eile: “Is béar bán é d’fhear céile, tanaí!”

Bhí doiciméad eile sa teanga mhícheart. In ionad a bheith sa teanga Iñupiaq, scríobhadh é in Inuktitut, teanga a úsáideann a aibítir féin. Labhraítear Inuktitut 5,000 ciliméadar i bhfad ón gceantar i gceist, i Labradar agus Québec i gCeanada.

I bpreasráiteas amháin, aistríodh ‘Deasc Nuachta an Stáit” mar Nuair a dúirt sí é sin, rith an madra níos faide amach ón gcuirtín”.

Freagairt bhorb

Dúirt Tara Sweeney, Iñupiaq a bhíodh post aici leis an Roinn Gnóthaí Baile sna Stáit Aontaithe roimhe seo, leis an AP go raibh “siombalachas” sna hearráidí a chuaigh siar go dtí an t-am nuair a bhí teangacha Dúchais Alasca á scriosadh i scoileanna cónaithe sna 1900í.

Cosúil leis na mílte eile in Alasca, buailtí mo mháthair toisc gur labhair sé a teanga féin ar scoil. Nuair a fheiceann tú an rialtas feidearálach anois, ag dáileadh cáipéisí inár dteangacha, ‘mar ea’, ní féidir liom cur síos a dhéanamh ar an mothúchán a spreagann an siombalachas sin ionam” arsa Sweeney, ag caint le ‘Associated Press’ (AP).

Dúirt Jaclyn Rothenberg, urlabhraí do FEMA, leis an AP gur tugadh an doras don chomhlacht “Accent on Languages” agus go ndearna FEMA an t-aistriúchán i gceart ansin. Níor cuireadh an cúnamh ar athlá mar thoradh ar an earráid, a dúirt Rothenberg leis an AP.

Dúirt Caroline Lee, Príomhfheidhmeannach Accent on Languages, nár tharla teip uafásach mar seo riamh i 30 bliain dóibh ag déanamh aistriúchán. Thug sí bata agus bóthar do na haistritheoirí a bhí freagrach as na mí-aistrithe. Tar éis na tubaiste seo, cuireadh bearta nua i bhfeidhm chun a chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís. Aisíocfar FEMA in iomlán freisin, a dúirt sí.

Conclúid

Cuireann an scéal seo in iúl dúinn na fadhbanna a bhíonn ag mionteangacha ar fud an domhain. Ba bheag nár chuir Impireachtaí éagsúla deireadh le teangacha na ndúchasach i ngach áit ar chuir siad a bpobal faoi chois. Chuireadar an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a rinne siad praiseach uafásach níos déanaí lena n-iarrachtaí na teangacha céanna a úsáid ar scrios siad iad sa chéad áit. Caithfidh mé a rá go n-aontaím go leor agus go hiomlán le cad atá le rá ag Tara Sweeney ar an ábhar. Tar éis dom an scéal seo a thuiscint, rith sé liom nár iarr FEMA ar na treibheanna i gceist na haistriúcháin a dhéanamh. Nach acu is fearr atá a fhios faoina dteangacha féin?  Ba cheart go mbeadh polasaí i bhfeidhm ag rialtas na Stáit Aontaithe conradh mar sin a thairiscint dóibh siúd a labhraíonn na mionteangacha.

Tarlaíonn rudaí ciotacha in Éirinn freisin, ar an drochuair, maidir leis ár dteanga féin!

Is cuimhin liom sampla uafásach amháin inar úsáid Comhairle Contae Chorcaí – contae ina bhfuil Gaeltacht Múscráí – ‘Google Translate’ chun bunábhar ar shuíomh gréasáin na Comhairle Contae a chur ar fáil i nGaeilge.

Nó b’fhéidir gur cuimhin leat na fadhbanna móra a bhí ag an bPríomh-Oifig Staidrimh cúpla bliain ó shin, mar nach n-áiríonn a gcóras chun eolas a chur ar fáil faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí, ainmneacha a bhfuil síntí fada orthu. Deacrachtaí teicneolaíochta an míniú a bhí ag an CSO ar an gcóras acu a bheith lochtach.

Níorbh aon ionadh é mar sin, go ndúirt an HSE agus Bank of Ireland araon gur cúrsaí teicneolaíochta ba chúis le síntí fada go léir ar iarraidh ina gcórais féin.

Bun agus barr and scéil– caithfimid go léir brú a chur ar ár rialtais i gcónaí, is cuma in Éirinn nó Alasca, chun ár dteangacha dúchais a chosaint!

.

.

  

gaGaeilge