Tháinig clár bleachtaireachta amach le déanaí ar an tseirbhís srutha Peacock sna Stáit Aontaithe. Léigh mé léirmheas a mhúscail mo spéis agus d’fhéach mé ar an gcéad clár den tsraith. Chuir sé i gcuimhne dom ar an toirt cláir bleachtaireachta eile a bhíodh ar siúl ar an teilifís sna seanlaethanta – uair nach raibh ach teilifís bheo ar fáil dúinn. Bhíodh an sceideal clár de ghlanmheabhair againn, agus gan dabht bhíodh sé ar eolas againn cén lá agus cén t-am a mbeadh ‘Columbo’ nó ‘The Rockford Files’ ar an teilifís. Bhímis go léir ag tnúth leis na heipeasóidí nua gach seachtain, agus na comhráite sa bhaile agus san oifig ina ndiaidh.  Cad a bhí chomh speisialta i gcás na gclár sin? I mo thuairimse, carachtair tharraingteacha ba iad na príomhcharachtair i mbealaí éagsúla. Chomh maith leis sin, bhí leagan amach ag an dá chlár nach raibh cosúil le cláir bhleachtaireachta eile a bhíodh ar siúl.

Rockford agus Columbo!

I gcás ‘The Rockford Files’, bíonnmar fhinné ar shaol príobháideach an bhleachtaire. Feiceann tú Rockford ina theachín soghluaiste míshlachtmhar ar an trá i Malibu i gCalifornia, agus cuireann tú aithne ar Rockford féin, a chlann (a athair) agus a chairde (póilín Denis Becker agus iarphríosúnach Angel) . Bíonn tús áite ag an duine féin sa chlár seo, agus tar éis sin tagann a chuid bleachtaireachta, a suimiúil go leor freisin.    

I gcás Columbo, ar an taobh eile den scéal, ní fheiceann tú é sa bhaile ar chor ar bith. Ach gnéithe eisceachtúla ag baint leis mar bhleachtaire. Feiceann dúnmharú ag tarlú ag tús gach eipeasóid, agus tar éis sin Columbo ag díriú isteach ar an dúnmharfóir. cuma dhearmadach ar Cholumbo, agus measann an coirpeach faoina chumas é. Ach nuair a bhíonn Columbo ar tí imeacht tar éis a chuid ceisteanna a chur ar an gcoirpeach, agus an coirpeach céanna ag tarraingt anáil faoisimh faoi dheireadh, casann Columbo ar ais ina t(h)reo agus cuireann sé an cheist cháinteach air nó uirthi a thosaíonn mar seo: “Ó agus rud amháin eile…”   

Ach cad faoin gclár nua ‘Poker Face’?

Chuir cruthaitheoirí an chláir, Rian Johnson agus Natasha Lyonne, eilimintí de ‘Columbo’ agus ‘The Rockford Files’ le chéile chun an clár bleachtaire nua-aimseartha seo a chumadh. Is í Natasha Lyonne an bleachtaire Charlie Cane sa tsraith nua seo freisin. Is aisteoir den chéad scoth í Natasha, a raibh páirt aici sna sraitheanna cáiliúla ‘Orange is the New Black’ agus Russian Doll.  Sa tsraith seo, bodh Charlie ag obair mar chúigleálaí i gcomórtais pócair, ach tá sí éirithe as an obair sin anois. Is seachránaí í anois ag taisteal ó áit go háit ag déanamh oibre sealadaí. Feiceann tú Charlie ag streachailt ina saol príobháideach, agus sa tslí sin tá an clár cosúil le ‘The Rockford Files’. Ní bleachtaire oifigiúil í, ach tarlaíonn dúnmharuithe pé áit a dtéann sí, agus faigheann sí amach cé a rinne iad.  Tá cumas speisialta ag Charlie a bhíodh úsáideach di nuair a bhí sí ag imirt pócair, agus a bhíonn úsáideach freisin agus í mar bhleachtaire amaitéarach. Is ‘brathadóir bréige’ í Charlie, mar bíonn a fhios aici aon uair a insíonn duine bréag di. Tagann an cumas sin i bhfeidhm sa chlár, agus cuidíonn sé léi agus í sa tóir ar dhúnmharfóir.

Tá leagan amach iontach ag an gclár, i mo thuairim. Ar dtús, murab ionann is formhór na gclár bleachtaireachta eile agus cosúil le ‘Columbo’, feiceann tú an dúnmharú féin. Ansin, téann tú ar ais níos luaithe ná sin san áit chéanna go dtí an t-am a tháinig Charlie ar an láthair. Tugann Charlie gach mionsonra faoi deara, go háirithe aon rud ait a tharlaíonn i gcomhar leis an dúnmharú.  Ansin cuireann sí na leideanna go léir le chéile chun pictiúir cruinn a chumadh faoin dúnmharú.

Beireann Charlie amuigh ar an dúnmharfóir, nuair a chuireann sí go leor cruacheisteanna air/uirthi. Faoi dheireadh, níl an dúnmharfóir in ann an fhírinne a shéanadh níos mó, agus admhaíonn sé/sí go bhfuil sé/sí ciontach.

Is cur chuige iontach é sin, agus is aoibhinn liom an chuid dheireanach sin, nuair a bhíonn Charlie – an cat, in aghaidh an dúnmharfóra – an luch!  Faigheann Charlie an lámh in uachtar gach uair gan ceist ar bith!

Molaim duit an tsraith seo a fheiceáil chomh luath agus is féidir. Ceapaim nach bhfuil sé ar fáil in Éirinn fós, ach gan dabht beidh sé ar fáil roimh i bhfad.

.

.

gaGaeilge