Le déanaí bhí Caitlicigh timpeall Dheisceart California agus ar fud an domhain faoi bhrat dobróin faoi bhás an Easpaig David O’Connell i Los Angeles.  Bhí aithne ar an easpag mar ‘The Peacemaker’ agus cáil air as a chuid oibre le pobail bhochta imirceacha. Scaoileadh marbh é nuair a bhí sé ina chodladh sa bhaile in Oirthear Los Angeles. Tá an conraitheoir deisiúcháin tí Carlos Medina (65), a rinne rudaí beaga don Easpag thart faoin teach, agus a raibh a bhean chéile ag obair mar choimeádaí tí don Easpag, cúisithe i ndúnmharú an Easpaig Uí Chonaill. Ghearán comharsana an Easpaig leis na húdaráis go raibh Carlos Medina, a raibh ciontú drugaí aige roimhe seo, ag iompar go hearráideach le cúpla lá anuas. Tar éis do na póilíní obair bhleachtaire thar barr a dhéanamh bunaithe ar an leid sin, gabhadh Medina ar amhras gur dhúnmharaigh sé an tEaspag.

Rugadh agus tógadh an tEaspag i nGleann Maghair i gContae Chorcaí. Rinne sé staidéar don tsagartacht i gColáiste Naomh Uile i mBaile Átha Cliath agus oirníodh ina shagart é in Ard-Deoise Los Angeles i 1979.

Rinne Ardeaspag Los Angeles José H. Gómez cur síos ar an Easpag ag preasagallamh mothúchánach. B ag iarraidh na deora a choinneáil siar agus é ag labhairt faoi O’Connell. “Gach lá bhíodh an tEaspag O’Connell ag iarraidh comhbhá a léiriú do na boicht, do dhaoine gan dídean, do na hinimircigh agus dóibh siúd go léir a chónaíonn ar imeall na sochaí. Sagart maith, easpag maith agus fear síochána a bhí ann,” arsa an tArdeaspag.

Thosaigh glór an Ardeaspaig ag crith agus é ag caint faoi bhás a chara agus cé chomh buíoch is atá sé don fhórsa póilíneachta agus don fhoireann imscrúdaithe “as a gcuid oibre crua ag tabhairt an amhrastaigh dúnmharaithe faoi choimeád”.

I rith a ghairmréime ar fud Chontae Los Angeles, sheas O’Connell an fód in aghaidh oifigigh feidearálacha agus áitiúla, agus fiú a cheannairí féin, nuair ba chúis leis, ar son a thréad ar fhreastal sé air. Fiú i ndiaidh don Phápa Proinsias é a cheapadh ina easpag i 2015, níor chaill O’Connell a bhealach leis na gnáthdhaoine.

Chuimhnigh Peter Dreier, ollamh le polaitíocht uirbeach ag Occidental College’ i Los Angeles agus údar The Next Los Angeles: The Struggle for a Livable City, ar O’Connell mar eagraí pobail a chuir a dhraíocht phearsanta ag obair do na boicht agus do dhaoine atá díchumhachtaithe.

“Bhí mé i gcónaí an-tógtha leis an Easpag Dave agus cé chomh hoilte a bhí sé i gcúrsaí an tsaoil. Bhí mé tógtha freisin lena chomhbhá, agus a thoilteanas dúshlán a thabhairt do dhaoine i gcumhacht maidir le saincheisteanna éagsúla, agus go háirithe cearta inimirceach, ceartas tithíochta, ciníochas agus sábháilteacht an phobail,” a scríobh Dreier i bpostáil Facebook. “Chonaic sé an eaglais mar fheithicil do cheartas sóisialta.”

Bhí an tEaspag Dave mar shagart paróiste ag Séipéal Naomh Frances Xavier Cabrini i nDeisceart Los Angeles ar feadh breis agus deich mbliana agus is cuimhin le lucht an pharóiste go raibh Dave ag obair i gcónaí ar a son gan stad gan staonadh. Bhain nuacht a bháis geit astu agus bhí iad ag streachailt le ciall a bhaint as an mbás le foréigean a fuair sé – foréigean i lomchodarsnacht le dearcadh agus saol an Easpaig féin.

Bhuail Jarlath Cunnane, sagart ag Eaglais Chaitliceach Naomh Cornelius ar an Trá Fhada (Long Beach) i gCalifornia, le O’Connell breis is 50 bliain ó shin ag Coláiste Naomh Uile i mBaile Átha Cliath, agus iad ag staidéar le bheith ina sagairt. Bhí go leor i gcoiteann acu – rinne an bheirt acu staidéar ar an mBéarla agus iad ag freastal ar an ollscoil — agus thuig Cunnane go tapa gur fear greannmhar, géarchúiseach ba ea O’Connell.

Bhog an bheirt fhear go California sna nóchaidí, agus d’fhás a gcairdeas níos doimhne leis na blianta. I 2020, nuair a bhí Cunnane san ospidéal ar feadh roinnt seachtainí le hionfhabhtú fola, thugadh O’Connell cuairt air beagnach gach lá. Bhí Cunnane ar mheaisín ocsaigine ag an am agus blas uafásach ina bhéal an t-am go léir. Thugadh O’Connell deoch kombucha dó beagnach gach cuairt chun an blas sin a laghdú.

“Bhí cumas iontach cairdis aige,” a dúirt Cunnane faoi O’Connell.

Tháinig an bheirt chara le chéile le haghaidh dinnéir le déanaí, a dúirt Cunnane, agus phléigh siad pleananna chun cuairt a thabhairt ar pharóistí áirithe in ard-deoise O’Connell go luath amach anseo. Ní raibh imní ar a chara fadtréimhseach faoina shábháilteacht, a dúirt Cunnane, agus mar sin tháinig sé aniar aduaidh air, nuair a fuair sé amach gur lámhachadh chun báis é.  “Cé ar domhan a chuimhneodh riamh ar rud mar seo a dhéanamh?” d’fhiafraigh sé. Tá an ceart aige agus beatha an Easpaig Dave caillte go fánach -suaimhneas síoraí dá anam.

.

gaGaeilge