Ní cuimhin liom aon rud faoin áit inar rugadh mé, mar bhogamar go Baile Átha Cliath nuair nach raibh ionam ach páiste. D’fhág m’athair a phost mar mhúinteoir i gColáiste Naomh Muredach i mBéal an Átha i gContae Mhaigh Eo tar éis dó post nua a ghlacadh i Marian College ar Bhóthar Lansdún i mBaile Átha Cliath. Cheannaigh sé teach i gCluain Tarbh agus thosaíomar saol nua ann.

Peann luaidhe

D’fhreastail mé ar bhunscoil Holy Faith i gCluain Tarbh, a d’fhreastail an láithreoir cáiliúil Gerry Ryan uirthi freisin ag an am céanna, ach ní raibh aithne agam air. Bhí múinteoir iontach agam sa rang ‘low babies’ darb ainm Sister Paula, agus ní raibh aon fhaitíos orm a bheith ar scoil. Uair amháin, nuair a bhí sos againn, thóg mé mo bhioróir peann luaidhe agus thosaigh mé ag biorú gach peann luaidhe sa rang. Bhí poll beag san urlár, agus mise suite os a chionn, ag caitheamh na scamhacháin isteach sa pholl, agus mé an-sásta ar fad liom féin. Bhí mé chomh sásta sin nár stad mé ag biorú gach peann luaidhe go dtí nach raibh fágtha ach smut. Ní raibh aon fhios agam nár cheart dom é sin a dhéanamh. Chuir Sister Paula stad leis an obair thábhachtach seo, agus chuir sí ar ais i mo shuíochán mé – ní raibh focal garbh aici dom, ach d’fhoghlaim mé nár cheart dom é sin a dhéanamh ach an oiread.

Niúmóine

Bualadh le niúmóine go dona nuair a bhí mé sa rang ‘low babies’. Is cuimhin liom a bheith sa charr ar ucht mo mháthair cuachta i bpluid, agus muid faoi dheifir ag dul go dtí ospidéal na leanaí ar Shráid Temple. Ar Shráid Phiarais, bhí bille ar dhroichead iarnróid, agus fear le dhá cheann ag féachaint amach as an bhfógra. Nach ait na cuimhní a fhanann leat!

Is beag nach bhfuair mé bás san ospidéal, mar bhí niúmóine víreasach dúbailte orm. Níor ith mé rud ar bith ar feadh míosa, bhí mé chomh tinn sin. Timpeall na Cásca, thug mo thuismitheoirí ubh Chásca dom, agus den chéad uair dom san ospidéal d’ith mé beagáinín. Diaidh ar ndiaidh d’fheabhsaigh mé. Bhí cailín beag sa bhard in aice liom, agus thosaíomar ag imirt beagáinín le chéile. Ní raibh mé in ann siúl tar éis dom a bheith chomh tinn, agus bhí orm é a athfhoghlaim, le cabhair ó mo bhanaltra. Faoi dheireadh bhí mé réidh chun dul abhaile. Ar an tslí abhaile, ní raibh mo dheartháir sásta go raibh mé ar ais, mar bhí iomlán aird mo thuismitheoirí aige agus níor mhaith leis é a roinnt liomsa.

.

Náire

Chuaigh mé ar ais go scoil agus bhí go maith agus ní raibh go dona. An chéad rud eile is cuimhin liom ná a bheith i rang ‘high babies’ agus múinteoir nua agam nár thaitin go mór liom. Rinne mé rud mícheart sa rang (níl a fhios agam cén rud), agus bhí orm suí in ucht cailín sa chéad rang go dtí deireadh an ranga. Bhí náire mhór orm agus ar an gcailín freisin, is dócha, agus níl a fhios agam fós cén fáth a ndearnadh é sin dom. Bhí mé i gcoinne aon saghas pionóis tar éis sin. Táim in ann an náire phianmhar sin a mhothú fós!

.

Dainséar taobh amuigh

Bhí cailín níos sine ná mé ina cónaí in aice láimhe, agus shiúladh sí go dtí an scoil liom ar maidin agus ar ais abhaile liom sa tráthnóna. Bhí mé in ann dul amach i m’aonar uaireanta, áfach, ach dúirt mo thuismitheoirí liom fanacht gar don teach. In ainneoin sin, chuaigh mé síos achar maith ar mo thricycle go dtí siopa ‘Furlongs ar choirnéal an phríomhbhóthair ó am go ham i ngan fhios dóibh. Uair amháin, léim fear as a charr, agus dúirt sé liom go dtabharfadh sé síob abhaile dom. Bhí rabhadh tugtha ag mo thuismitheoirí orm faoi strainséirí, ag rá dom gan labhairt leo ar chor ar bith. Ar an dea-uair, lean mé a gcomhairle agus léim mé ar mo thricycle agus dheifrigh mé abhaile. Níl aon dabht i m’aigne ach go raibh mé i ndainséar mór agus bhí an tádh dearg orm gur éalaigh mé.

Uair eile, rith mé amach ar an mbóthar gan féachaint ar chor ar bith. De phreab, stad carr go tapa le sian ó na boinn, agus ar ámharaí an tsaoil níor bhuail sé mé. D’fhoghlaim mé ciall ar bhóithre ar an toirt, agus is míorúilt é gur tháinig mé slán.

Ba bheag nach bhfuair mé bás cúpla uair agus mé i mo leaidín beag, ach níor chuir sé isteach orm ar chor ar bith mar níor thuig mé i gceart beatha nó bás ag an am!

gaGaeilge