Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil Sinéad O’Connor imithe ar shlí na fírinne. Tá súil agam go mbeidh sí saor ó bhuairt faoi dheireadh, murab ionann is ina saol.  

Gortuithe a hóige

Bhí tionchar ag an tógáil a fuair Sinéad ar a saol ar fad, agus go háirithe ar a meabhairshláinte. Rinne sí cur síos faoi ina leabhar dírbheathaisnéise dar teideal “Rememberings”.

Rugadh í i nGleann na gCaorach (Glenageary) i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1966. Sa bhliain 1975, d’imigh a hathair agus bhí a teaghlach scoilte. Chuaigh Sinéad agus a deartháir beag chun cónaí lena n-athair, ach d’airigh siad uathu go mór a máthair an t-am go léir. Mar sin, tar éis tamaill chuaigh siad chun cónaí lena máthair.  Céasadh a bhí sa rud uilig do Shinéad, mar bhuail a máthair an cac aisti arís agus arís eile. Nuair a bhí sí ach trí bliana déag d’aois, d’fhreastail Sinéad ar ionad athshlánúcháin do chailíní le fadhbanna iompair.  Is beag leas a bhain sí as sin, áfach, agus d’fhág sí an t-ionad tar éis ach cúpla bliain. D’fhreastail sí ar scoil chónaithe ansin i bPort Láirge. Ar laethanta saoire an tsamhraidh, chuaigh sí isteach i mbanna ceoil.  Nuair a chuaigh sí ar ais ar scoil, d’airigh sí uaithi an banna, agus d’éalaigh sí ón scoil agus ansin fuair sí seomra suí is leapa di féin. Sa bhliain 1985, fuair a máthair bás i dtimpiste ghluaisteáin. Ní raibh Sinéad ach ocht mbliana déag ag an am. Níos déanaí sa bhliain chéanna, shínigh sí conradh le ‘Ensign Records’, agus d’fhág sí an tír agus chuaigh sí go Londain. Tá a fhios ag an saol Fódlach cad a tharla ina dhiaidh sin!

Clú agus Saibhreas

Fuair Sinéad Grammy don taispeántas rac-cheoil is fearr sa bhliain 1989, leis a céad albam ‘The Lion and the Cobra’, agus ní raibh ann ach an tús. Nuair a eisíodh an t-amhrán Nothing Compares 2 U i 1990, bhain sí amach aitheantas idirnáisiúnta mar amhránaí, agus chuaigh an t-amhrán go barr na gcairteacha ar fud an domhain. Bhí an físeán ceoil a eisíodh in éineacht leis an amhrán ar fheabhas freisin, agus seasann mar eiseamláir iontach den ealaín sin fós.  Ainmníodh ‘Nothing Compares 2 U’ le trí ghradam Oscar agus d’ainmnigh an iris ‘Rolling Stone’ Sinéad mar ‘Artist of the Year’ sa bhliain 1991. D’eisigh sí 10 n-albam in iomlán, agus amhráin aici i seánraí ceoil ó rac-cheol go ceol reggae, ó phunc go ceol traidisiúnta.

Gníomhaí Díbhirceach

Ach ní ceoltóir amháin a bhí inti, mar bhí sí ina gníomhaí díbhirceach ar son chearta an duine, agus ní raibh aon imní uirthi a hardán domhanda a úsáid chun labhairt amach gan scáth ná faitíos in aghaidh na ndaoine a dhéanann sárú ar chearta an duine.

Tharraing Sinéad míchlú uirthi féin nuair a shrac sí pictiúir Phápa na Róimhe os comhar an domhain ar an seó cáiliúil ‘Saturday Night Live’. Bhí sí ag léiriú na déistine a bhí uirthi maidir le hiompar na hEaglaise Caitlicigh, agus go háirithe maidir le sagairt Caitlicigh a bhain mí-úsáid ghnéis ar leanaí.  Chothaigh sracadh an phictiúir trioblóid do Shinéad O’Connor, agus chaill sí formhór a lucht leanúna sna Stáit Aontaithe de bharr sin, cé go raibh an ceart aici go hiomlán faoi cad a bhí ar siúl.

Ach an té ab fhaide teanga agus ba lú cúthaileacht a bhí inti, agus lean Sinéad ar aghaidh ag labhairt amach ar son na ndaoine ar bhualadh cos orthu, is cuma cén chaoi.

In Éirinn, thóg sí tacaíocht phoiblí do dhaoine a bhí ag streachailt le HIV/AIDS, tráth a bhí stiogma mór ag baint leis. Labhair sé amach ar son cearta na mban agus ar son cearta inimirceach freisin.

An Traic Dheireanach!

Bhí saol deacair aici, mar bhí drochshláinte leanúnach uirthi, idir chorp (fibrimiailge) agus intinne (neamhord dépholach). Agus níos measa di ná aon rud eile, fuair a mac Shane bás go tragóideach de thoradh féinmharaithe i 2022, agus bhris a bás a croí.

Ar an Iúil 11, coicíse roimh a bás i Londain, d’fhógair Sinéad go raibh albam nua beagnach críochnaithe aici (gan ach traic amháin fágtha di). Bhí sí ag obair ar an albam le cúig bliana anuas, a céad albam i ndiaidh a halbam “I’m Not Bossy, I’m the Boss” (2014).

bhfuair Sinéad féin aon chlabhsúr, idir cheol agus obair. Mar sin, is é an rud is fearr dúinn a dhéanamh chun saghas clabhsúr a fháil di ná leanúint ar aghaidh leis an troid ar mhaithe le cúis fhiúntach, ar son daoine faoi chois! Ba mhaith léi é sin, gan dabht ar bith! Tá súil agam go mbeidh sí in ann canadh lena guth iontach sin a bhí dosháraithe, so-aitheanta, cumhachtach agus uaireanta uaigneach, pé áit ina mbeidh!

.

.

gaGaeilge