Fáilte Roimh Chách – Inné, Inniu agus Amárach!

Níl sé rófhada ó shin nuair ba bheag smaoineamh a bheadh ag aon duine go bhfeicfí an lá choíche nuair a bheadh daoine ina dtuile ag déanamh ar chóstaí ár dtírín, ag iarraidh bheith istigh a fháil inár measc.  Nach sa tslí chontráilte a bhí an tuile dhaonna ag sní amach uainn, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine agus bliain i ndiaidh bliana? Ní chloisfeá ón gcosmhuintir an tráth sin ach gearán agus casaoid faoi bhochtaineacht na tíre seo ’gainne. Bhí an port céanna ag gach duine, iad go léir ag maíomh go raibh an tír s’againne imithe i mbealach a basctha.  Bhí na meáin chumarsáide ag dearbhú an dearcaidh chéanna, ag rá go raibh an tír seo ‘gainne “banjaxed”, agus í imithe le sruth, síos poll an leithris, chun na mara móire. 

Bhí ár gcóras oideachais fiú, dírithe ar phoist a fháil dár ndaoine óga i dtíortha thar sáile, agus bhíomar ag oiliúint dochtúirí, banaltraí, sagairt, múinteoirí agus tuilleadh, nach raibh seans acu post a fháil ACH thar sáile.  Chomh maith leis sin, bhí muintir na tíre seo ar nós cuma liom faoi imirce na ndaoine oilte sin, nó faoin ‘Brain Drain’ mar a thugtar air as Béarla.

Gan dabht, d’éirigh go maith leo siúd a chuaigh ar an imirce, ach dár ndóigh, níor chóir ligean i ndearmad riamh an éagóir a ndearnadh orthu, nuair nach raibh muid, mar phobal, ábalta riar dóibh abhus, ina dtír dhúchais féin. gur éirigh leo slí bheatha maith a bhaint amach, ba mhinic a shil siad deora goirte na deoraíochta, mar nach mbeadh sé i bhfad níb fhearr an rath céanna a bheith acu ina dtír féin? Daoine iontacha a bhí iontu, a sheol airgead abhaile chugainn nuair a bhí géarghá lena leithéid abhus.

Teacht an Tíogair Cheiltigh

Thosaigh athruithe móra sna nóchaidí, go mall ar dtús agus ansin níos tapúla, go dtí nach raibh Conchubhar Mór sa Chúinne againn a thuilleadh. Bhí daoine óga ag dul ar saoire chuig áiteanna imchiana an domhain. Bhí gluaisteáin ag daoine nár chleacht riamh ach Neidí bocht na gceithre gcos is na gcluas fada. Bhí daoine ag dul amach chuig tithe ósta, agus chuig proinntithe, le béilí a chaitheamh iontu. Agus chomh maith le sin, bhí daoine gléasta go galánta, Domhnach is Dálach. Bhí cuma, blas agus boladh an airgid le fáil, thíos agus thuas, abhus agus thall, ó cheann ceann na tíre. Ní chloisfeá daoine ag rá feasta ar an Raidió nó ar an Teilifís go raibh an tírín s’againne “banjaxed”, nó bhí na daoine a bhíodh ag canadh an phoirt sin ina suí go te anois, agus carn airgid á shaothrú acu in aghaidh na bliana, as sparán an Stáitín “bhanjaxed” céanna sin.  Le scéal gairid a dhéanamh de, ba ghearr go raibh ainm an airgid amuigh orainn, ó cheann ceann na cruinne.

Na  Leanaí Gorma

Ní raibh ach toradh amháin ar cháil sin an airgid, agus b’in gur tháinig daoine ag déanamh ar chóstaí na tíre seo, ag súil go roinnfí go fial leo anseo. Tháinig na daoine sin, ina nduine agus ina nduine i dtosach, ansin ina mionghrúpaí, agus ar ball, tháinig siad ina dtuile tréan, do-stoptha. I dtosach báire, níor chaith muid chomh fial, flaithiúil, sin leis na strainséirí úd a tháinig inár measc, nó ní raibh aon chleachtadh againn ar a leithéid, ach le himeacht aimsire, b’éigean dúinn glacadh leis, go raibh dualgas orainn feasta, déileáil leo, le dínit agus le meas. Nár chaitheamar blianta fada sa tír seo ag tiomsú pinginí do na “Leanaí Gorma”, ach nuair a d’fhás na Leanaí céanna sin suas, agus nuair a tháinig siad ag iarraidh bheith istigh a fháil uainn, bhuel ba scéal eile ar fad é! Ach diaidh ar ndiaidh, cuireadh ar ár súile dúinn, nach raibh an dara rogha againn ach tearmann a thabhairt dóibh, nuair a bhí a leithéid dlite dóibh, agus chomh maith le sin, d’fháiltíomar roimh oibrithe riachtanacha a sheol chugainn ina gcaise thréan, dóchasach, do-stoptha, agus ní haon ionadh gur fháiltíomar rompu, nó chuidíodar linn an Tíogar gortach, Ceilteach, s’againne, a bheathú agus a ramhrú. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, ba chóir dúinn fáilte is fiche a fhearadh roimh na daoine fíréanta sin a thagann chugainn, ar thóir tearmainn, nó oibre, agus ba chóir go mbeadh muid sásta freisin saoránacht ár dtíre a bhronnadh orthu, dá dtuillfeadh siad a leithéid. 

Anois, níorbh iad na “Leanaí Gorma” amháin a tháinig chun an dorais chugainn, nó chomh luath is a scaip an scéal, go raibh obair agus saothrú den scoth le fáil abhus, thosaigh daoine ó chiníocha éagsúla ag ardú a seolta, lena mbealach a dhéanamh chun na tíre seo.

Fáilte roimh Chách

Cé go bhfuil sé níos deacra déileáil le níos mó daoine, caithfimid cloí leis ár mbunphrionsabail ina ainneoin sin.  Nár dhéanaimid dearmad riamh ar na milliúin dúinne a theith an tír seo in am an ghátair sa Ghorta Mhór agus a fuair tearmann i dtíortha eile, an Cheanada agus na Stáit Aontaithe san áireamh.  Dá dheacracht é, is ea is fearr é rud a dhéanamh, i mo thuairim, go háirithe i gcás mar seo. Ní hé sin a rá nach bhfuil gá le rialacha, mar tá, ach nuair a ligtear isteach aon duine go dlíthiúil sa tír, agus go háirithe iad ag lorg tearmainn, tá dualgas orainn chaitheamh go maith leo. Nuair a fheicim rudaí uafásacha ag tarlú i mBaile Átha Cliath, áit ar cuireadh campa do lucht iarrthóra tearmainn faoi thine, nó i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh, agus iar-scoil curtha faoi thine, a bhí beagnach réidh chun tearmann a thabhairt do theifigh ón Úcráin, tagann idir dhíomá agus dhéistin orm.  Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh, agus tá sé in am dúinn sa tír seo dul i ngleic leis an tseineafóibe, agus lámh chúnta a thairiscint do na teifigh ar ghlac ár rialtas isteach iad sa chéad áit, chun saol nua a thabhairt dóibh. Níl aon leithscéal againn agus caithfimid an rud ceart a dhéanamh as seo amach.  

.

  

.

.

.

gaGaeilge