Dírbheathaisnéis 3 – Cill Chainnigh!
Bhogamar uair amháin eile, toisc go bhfuair m’athair post i gColáiste Naomh Chiaráin i gCill Chainnigh. Ní raibh fadhb ar bith agam leis sin, agus bhí mé ag tnúth go mór leis an lá mór. Tháinig an lá sin faoi dheireadh agus ag aghaidh linn go Cill Chainnigh!
Fuaireamar árasán ar cíos ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath agus d’fhreastail mé ar scoil náisiúnta Naomh Eoin le linn na tréimhse sin. Bhí sé níos deacra teacht isteach ar an scoil ar dtús, mar níor thuig mé cad a bhí á rá ag aon duine, agus níor thuig aon duine mise, ach an oiread. Is cuimhin liom mo chéad seachtain ar scoil agus muid amuigh sa chlós ag imirt. Bhí na páistí ag magadh fúm, agus bhí mé mar shionnach sáinnithe i gcúinne an chlóis, na páistí go léir bailithe i mo thimpeall, iad ag iarraidh orm labhairt, ionas go mbeidís in ann aithris a dhéanamh orm agus a bheith ag gáire fúm. Ní raibh mé ag súil lena leithéid, ach chuir mé suas leis, mar i ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam. Níor chuala na páistí mo chanúint ón taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath riamh roimhe. Níor chuala mise a gcanúint, ach an oiread. Ach, chomh luath agus a bhí mé in ann cumarsáide níos éifeachtaí a dhéanamh, ní raibh deacrachtaí agam cairde nua a dhéanamh. Ní gá dom a rá gur chaill mé an blas Bhaile Átha Cliath a bhí ar mo chuid cainte gan mhoill, mar níl aon rud níos tábhachtaí do ghasúr óg ná a bheith in ann luí isteach leis a gcomhluadar.
Tar éis leathbhliana nó mar sin, cheannaigh mo thuismitheoirí teach ar Bhóthar Phort Láirge ar imeall na cathrach, agus bhí Coláiste Naomh Chiaráin in aici láimhe. Thosaigh mé ag freastal ar scoil nua, Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig ar lána an Chútaigh sa Sráidbhaile (‘Village’), agus shiúlainn ar scoil gach lá, agus fiú abhaile ag am lóin. Thagadh m’athair abhaile le haghaidh an lóin freisin, agus bhí sé go deas dár dteaghlach a bheith le chéile mar sin sa lá.
Scoil bheag náisiúnta ba í Scoil Naomh Pádraig, agus is cuimhin liom go mbíodh dhá rang ar siúl sa seomra céanna, le múinteoir amháin i gceannas. Is cuimhin liom go maith an Bráthair Abban a bhí mar mhúinteoir agam ar dtús. Cheap mé go raibh sé an-aosta ar fad, agus bhí ionadh orm go mbeadh duine den aois sin beo fós. Bhí sé níos óige ná atá mise anois, gan dabht!
An tráth sin, bhíodh pionós corpartha sna scoileanna agus go háirithe scoileanna bhuachaillí. Théadh buachaillí go dtí scoil amháin agus cailíní go dtí scoil eile, de ghnáth. Go minic, bhíodh fir ag múineadh na mbuachaillí, agus mná ag múineadh na gcailíní. Bhíodh curaclaim dhifriúla ag buachaillí agus cailíní, freisin.
Bhíodh gléasanna céasta ag beagnach gach múinteoir sna scoileanna bhuachaillí, agus ceapadh ag an am gur gá pionós a úsáid chun smacht a chur ar bhuachaillí ionas go bhfásfaidís aníos ina bhfir láidre.
Ba é an rogha gléas céasta a bhí ag Abban ná slat fuinseoige. Bhí faitíos orm nuair a chonaic mé Abban ag bualadh dalta sa rang den chéad uair. B’fhéidir gur thóg an dalta freagra mícheart do cheist a chuir Abban air, nó b’fhéidir nach raibh sé ag éisteacht sa rang, nó b’fhéidir go ndearna sé dearmad ar a obair bhaile. Ar aon nós, bhí an dalta bocht ag béicil, ag impí ar Abban stopadh, agus ag iarraidh a lámh a tharraingt siar, ach ní raibh aon toradh ar a chuid iarrachtaí. Ar an dea-uair domsa, ní bhfuair mé an tslat ach go hannamh, mar b’aoibhinn liom a bheith ag foghlaim ar scoil. Ach bhí trua agam do gach dalta ar bualadh é, agus cheap mé go raibh rud éigin mícheart leis an gcleachtadh uafásach sin. Bhí sé deacair dom a thuiscint freisin cé chomh cruálach is a bhíodh ionadaithe Dé. Nach raibh iompar mar sin díreach in aghaidh teagasc na heaglaise?
Cuireadh an tarcaisne i gceann na héagóra le cleachtadh cruálach eile a bhí ag Abban. Nuair a bhristí a shlat fuinseoige tar éis tamaill, d’iarradh sé ar a chéad íospartach eile slat nua a ghearradh dó, ón gcrann fuinseoige a bhí in aici leis an scoil. Dochreidte!
Ach dá laige muid, bhaineamar díoltas amach ar Bhráthair Abban, rud eile a tháinig salach le teagasc na heaglaise. Ach ba chuma linn faoi sin!
Bhíodh gloine uisce ar an mbord os comhair Abban, agus thógadh sé slog uisce ó am go ham chun a ghob a fhliuchadh. Aon uair a bhíodh an ghloine folamh, d’iarradh Abban ar dhalta éigin gloine nua uisce a fháil dó. Thugamar faoi deara rud eile faoi Abban freisin – bhí sé ag cailleadh radharc na súl. Mar a tharla sé, bhí lochán taobh amuigh den scoil in aice leis an gcrann fuinseoige agus bhí glóthach froig agus fiú torbáin ann san earrach. Réitigh na fíricí sin an bealach faoi choinne clis a imirt ar Abban.
Uair amháin, nuair a d’fhiafraigh Abban ar dhalta slat nua a ghearradh dó, rinne sé é ach ansin ghabh sé cúpla torbán agus chuir isteach i mbuidéal iad. Bhuail Abban an dalta leis an tslat nua mar ba ghnáth dó a dhéanamh agus lean sé ar aghaidh ag múineadh an ranga. Tar éis tamaill, agus an ghloine uisce ólta aige, d’iarr sé ar bhuachaill eile ceann nua a fháil. Ní fhaca Abban an dalta ar bhuail sé é, ag tabhairt an bhuidéil don dalta a bhí ag fáil dí dó. Ní fhaca sé an dalta sin ag cur na tormáin sa ghloine. Agus ní fhaca sé na tormáin ag snámh isteach sa ghloine nuair a ardaigh sé í chun slog uisce a fháil, ach an oiread. Rinne Abban brúcht agus lig sé osna mhór as. Ansin, lean sé ar aghaidh ag múineadh. D’imigh an gáire orainn agus ní rabhamar in ann cúl a choinneáil air. Le gach slat nua a fuair sé, fuair Abban cúpla tormán nach raibh á iarraidh aige. Rinneamar cosaint ar ár mí-iompar uafásach leis an smaoineamh gur sásamh i gcoir a bhí i gceist. B’fhéidir nach raibh an ceart againn an cleas sin a dhéanamh, agus rinneamar é arís agus arís eile go dtí go raibh an mheiteamorfóis críochnaithe agus gach tormán ina frog nua! Ar an drochuair, is é an t-aon rud amháin a d’fhoghlaim gach dalta i rang Abban ná go mbíonn blas ar an díoltas.