Brú na Bóinne!
Láithreán Oidhreachta Domhanda
Is é Láithreán Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne an tírdhreach is saibhre in Éirinn ó thaobh na seandálaíochta de.
An uair dheireanach a thugamar cuairt ar Bhrú na Bóinne, bhí i bhfad níos mó gruaige orm! Ní Láithreán Oidhreachta Domhanda a bhí ann ag an am sin, ach an oiread. Gheallamar dúinn féin le fada an lá go rachaimis ann arís. Tá go leor ama curtha dínn againn ó shin, ach faoi dheireadh thug mo bhean chéile agus mé féin cuairt ar an suíomh iontach seo arís.
Baineadh stangadh asainn nuair a chuamar isteach san Ionad Cuairteoirí, gan trácht ar na láithreáin seandálaíochta! Ionad den chéad scoth atá ann, chomh maith agus atá le fáil in aon áit ar an domhan. Is é taispeántas an tIonad Chuairteoirí eispéireas cuairteoirí atá go hiomlán idirghníomhach ina bpléitear an cultúr, an tírdhreach agus na séadchomharthaí ón tréimhse Neoiliteach ag Brú na Bóinne. Ar an drochuair, ní raibh a fhios againn faoin taispeántas roimh ré, agus ní rabhamar in ann é go léir a fheiceáil, mar bhí orainn an bus tointeála a fháil go dtí na séadchomharthaí.
Cnóbha
Tógadh na tuamaí pasáiste ag Brú na Bóinne (Cnóbha, Sí an Bhrú agus Dubhadh) thart timpeall 3,200 RC, agus tá siad i measc na láithreacha Neoiliteacha is tábhachtaí ar domhan, leis an mbailiúchán is mó d’ealaín mheigiliteach in iarthar na hEorpa. Nuair a thuirlingíomar den bhus ag Cnóbha bhí treoraí ag fanacht linn. Ní raibh cead againn dul isteach sa phasáiste, ach bhí go leor le feiceáil taobh amuigh. Tá tuama mór agus ocht dtuama dhéag ann, agus is iontach an méid atá iontu. Tá an tuama mór dhá mhéadar ar airde agus 67 méadar ar trastomhas, le dhá thuama taobh istigh. Tá 127 cloch cholbha timpeall an tuama agus cuid mhaith dóibh maisithe le healaín mheigiliteach, agus patrúin theibí le feiceáil orthu. Níl tuiscint againn faoi cad a bhí ar intinn ag na healaíontóirí Neoiliteacha leis na siombailí teibí sin. Eispéireas an-tairbheach, an-spioradálta a bhí ann iad a fheiceáil, mar sin féin. Rinne an treoraí sárjab ag míniú dúinn faoin gcúlra comhthéacsúil maidir le struchtúr agus cuspóir na dtuamaí ag Brú na Bóinne, faoin tsnoíodóireacht chloiche, faoi na daoine a thóg na tuamaí, agus faoi na daoine a bhí curtha ann. Roinn sé torthaí ó thaighde DNA linn, a d’athraigh ár dtuiscint faoin tsibhialtacht Neoiliteach a thóg na tuamaí pasáiste sin. Tiocfaidh mé ar ais chuig an eolas a roinn sé linn i gceann tamaillín.
Sí an Bhrú
Tar éis turais eile ar an mbus, stadamar ag Sí an Bhrú agus bhí treoraí eile ag fanacht linn ansin. Tá an carn seo thart ar 11 méadar ar airde agus 80 méadar ar trastomhas ar an meán. Tá 97 cloch colbha timpeall an tuama seo agus tá an pasáiste agus an seomra déanta as 450 cloch eile cosúil leo. Tá roinnt mhaith dóibh maisithe le patrúin theibí freisin. Isteach sa seomra, tá boghta coirbéalta mar dhíon ann, a choimeád an seomra tirim le 5,000 bliain go dtí seo!
Meastar gur úsáideadh thart ar 200,000 tonna ábhar chun an carn seo a thógáil, agus bailíodh grianchloch bhán, gréabhaca agus clocha eibhir in áiteanna áirithe a fhad le sléibhte Chill Mhantáin. Meastar gur ar muir seachas ar tír a iompraíodh na hábhair sin, ach tasc rí–chasta a bhí ann, gan dabht ar bith! Bhí ailtirí agus tógálaithe thar barr ag obair ar an tionscadal seo, a thóg tríocha bliana ar a laghad chun cur i gcrích.
Chuamar isteach sa phasáiste a bhí cúng agus íseal. Tá an pasáiste seo agus an seomra taobh istigh ailínithe i dtreo an oirdheiscirt. Tá bearna bheag os cionn an dorais isteach (an bosca dín), a ligeann an ghrian isteach chun an seomra a shoilsiú ag grianstad an gheimhridh. Mhúch an treoraí na soilse ionas go raibh sé dorcha, agus ansin las sé solas eile agus tháinig ga solais isteach a las an pasáiste agus urlár an tseomra, díreach cosúil leis a tharlaíonn leis an ngrian ag an ngrianstad. Gan dabht, bhí an grianstad an-tábhachtach do na daoine Neoiliteacha. Láithreáin ilfheidhmeacha ba iad na tuamaí pasáiste, agus gach seans go raibh ócáidí sóisialta agus searmanais reiligiúnacha ag an tsochaí sin sna séadchomharthaí i mBrú na Bóinne.
Bhí an bus ag fanacht linn nuair a thángamar amach ón bpasáiste, agus bhíomar go léir ciúin sa bhus. Chuaigh an turas seo go croí ionainn, ceapaim, agus chuir sé lenár saol i slí dhearfach, spioradálta, fiú fealsúnach!
Taighde DNA
Fuarthas amach cúpla rud a bhí suntasach agus nach raibh aon duine ag súil leo. Is í an Dochtúir Lara Cassidy (Roinn na Géineolaíochta i gColáiste na Tríonóide) a rinne an chuid is mó den taighde agus bleachtaireacht chun na fíricí a nochtadh bunaithe ar DNA ó fhear a bhí curtha sa tuama i Sí an Bhrú, dearbhaithe le DNA ó dhaoine eile ó thuamaí eile ar fud na tíre.
Tháinig na daoine Neoiliteach sin chugainn ón gCorrán Méith sa Mheánoirthear timpeall 5,000 bliain roimh Chríost. Níl mórán den DNA sin ionainn in Éirinn níos mó. B’fheirmeoirí iadsan a tháinig anall ón gCorrán Méith sa Mheánoirthear, agus diaidh ar ndiaidh chuaigh siad ó thuaidh go hÉirinn tríd an Eoraip. Cad as ár DNA féin, mar sin? Bhuel, tháinig imirce eile go hÉirinn idir 3,000 agus 2,500 roimh Chríost, ón Steip Pontic in oirthear na hEorpa, agus ó shin i leith, feictear DNA ó na daoine sin ionainn in Éirinn.
Fuair an Dochtúir Cassidy amach cúpla rud suntasacha freisin nuair a rinne sí a hanailís DNA. Ciorrú coil a bhí i gceist, agus garghaolta ba iad a thuismitheoirí. Ní tharlaíodh a leithéid ach nuair a bhí sochaí céimlathach i gceist agus ríochas i gceannas, cosúil le sochaí na sean-Éigipte agus a farónna. Meastar anois go raibh sochaí mar sin in Éirinn ag am tógála na dtuamaí, rud nach rabhthas ag súil leis.
Gan dabht, bíonn ár n-eolas agus ár dtuiscint seandálaíochta ag méadú agus ag athrú an t-am go léir, agus go háirithe le huirlisí nua ar fáil againn, cosúil le hanailís DNA. Mholfainn cuairt go dtí Brú na Bóinn go hard duit, ach cuir roinnt ama i leataobh don taispeántas – ní bheidh díomá ort!