Is mór an trua é nach raibh aon chiall ná taithí agam nuair a bhí mé i mo ghasúr. Dá mba rud é go raibh mé ní ba chiallmhaire, is dóichí ná a mhalairt nach ndéanfaí bulaíocht leanúnach orm le blianta fada.

Cloigeann Urchair

Ní raibh a lán muinín agam asam féin mar ghasúr, toisc gur lagrachán a bhí ionam. Gasúr beag, íseal ba ea mé, agus bhí asma orm chun an dlaoi mhullaigh a chur ar an scéal sin.  Nó, lena chur ar bhealach eile, brionglóid bulaí a bhí ionam, agus seans beag go mbeinn in ann an fód a sheasamh ar mo shon féin.  

Ní raibh mé in ann gaisce fisiciúil a dhéanamh, ach bhí mé béalscaoilte go maith. Mar sin, bhí mé in ann drochainmneacha a thabhairt ar dhaoine agus maslaí a chaitheamh leo. Bhí go leor buachaillí ina gcónaí in eastát tithíochta gar do Bhóthair Phort Lairge, an áit a raibh cónaí orm. Uair amháin, bhuail le ceann acu, darb ainm Pádraig Ó Beannacháin, agus thug mé faoi deara ar an bpointe go raibh beagnach maol, mar bhí sé tar éis dordghearradh gruaige a fháil, rud nach bhfeicfeá ach go hannamh ag an am. Mar sin, Cloigeann Urchair (Bullet Head as Béarla) a thug mé ar an leaid seo, leasainm a scread amach in ard mo ghutha an chéad uair eile a chonaicé. Bhí mé sásta liom féin tar éis sin, agus chuir mé as mo cheann é ansin. Ar an drochuair, bhí an damáiste déanta, agus bheadh costas ard ar an bpíosa spraoi sin, caithfidh mé a admháil!

An Cadhnach sa tóir orm

Bhí (agus tá fós) eastát tithíochta darb ainm Gort na Learóige i bhfoisceacht scread asail de Bhóthar Port Lairge. De ghnáth, nuair a bhínn ag dul síos chuig an mbaile mór, théinn tríd an eastát céanna mar aicearra. An chéad uair eile a chuaigh mé tríd an eastát, tháinig baicle bheag aniar aduaidh orm. I bpreab na súl, bhítimpeallaithe acu, gan aon slí éalaithe agam. Léim mo chroí beagnach as mo chliabh le heagla, ach bhí mé sáinnithe i gceart. Ba é buachaill darb ainm Tomás Ó Cadhan an ceann feadhna, agus bhí na buachaillí eile i róil tacaíochta. Thosaigh an Cadhnach le mo cheastóireacht. raibh mé ag dul? Cén fáth? An raibh mé ag magadh faoi? Ag féachaint air? Ceisteanna mar sin, agus a údarás á chur i bhfeidhm aige orm os comhair a scuad. Is cuma m’fhreagraí, mar níor ghlac sé leo ar chor ar bith.  Go tobann, bhuail sé sa phus mé, agus ní raibh mé in ann bac a chur air. Lean sé ar aghaidh ansin, ag cur ceisteanna orm agus ansin ag tabhairt léasadh ceart dom. Roimh i bhfad, bhí mé i gcnap ar an talamh agus mo shrón ag cur fola, agus mé gortaithe agus pian ghéar orm. Ansin, d’ionsaigh siad go léir mé agus buaileadh an cac amach asam. D’imigh na diabhail chomh tapa is a tháinig siad, agus mé fágtha ar an talamh acu, agus drochbhail orm.  Ba shlí iontach é le haithne a chur ar mo chomharsana!

Ceachtanna Foghlamtha agam

I scoil an tsaoil, bíonn ceachtanna ar siúl an t-am go léir, ach is gá aird a thabhairt chun iad a fhoghlaim. Muna bhfoghlaimíonn tú ceacht, déanfaidh tú an botún céanna arís agus arís eile go dtí go bhfoghlaimíonn tú é! D’fhoghlaim mé cúpla ceacht as an drocheispéireas seo, agus ní dhearna mé dearmad orthu riamh ina dhiaidh! Bhí siad gafa go maith i gcúpla seanfhocal, mar a tharla!

Dearc chugat mar a dhearcas tú uait!

Ní raibh aon tuiscint agam go mbeadh impleachtaí leanúnach tar éis dom piocadh ar Phaidí Ó Beannacháin. Ghortaigh mé é, mar thug mé leasainm gránna air, gan cúis ar bith. Rinne mé bulaíocht ar Phaidí, mar cheap mé nach raibh sé láidir, agus nach mbeadh sé in ann díoltas a bhaint amach. Nach mise a rinne míléamh ar an scéal. Agus nach ngabhann uabhar roimh thubaiste freisin! D’ainneoin mo ghlicis ar scoil, bhí mé saonta go leor ar bhealaí eile. Ar aon nós, ní raibh aon súil agam ar ar thit amach mar iarmhairt mo bhómántacht, nó cén fáth.

Breathnaigh an abhainn sula dtéann tú ina cuilithe!

Deicheanna de bhlianta níos déanaí, tá a fhios go maith agam cad a tharla agus cén fáth.  Bhíomar in aicmí difriúla, mise agus Paidí – mise sa mheánaicme, Paidí agus a gcomharsana san eastát san aicme oibre. Nuair a chaith mé masla ar Phaidí, dar leis agus dar lena chairde, bhí mé ag caitheamh masla orthu go léir.  Cheap siad go raibh éirí in airde ionam, mar bhuachaill mheánaicmeach. Níor thuig mé an saghas naisc a bhí eatarthu, agus ní ba thábhachtaí ná sin, níor thuig mé an instinn phríomhúil a mhúscail mé iontu. Níor thuig mé, ach an oiread, go raibh rialacha difriúla agus luachanna difriúla ag baint leis an aicme a bhí i gceist.  Go háirithe, bhíodh an foréigean ba choitianta agus ní ba inghlactha san aicme oibre ná sa mheánaicme. Bhí mé aineolach ar fad ar chúrsaí mar seo, agus is daor a d’íoc mé as an mbotún sin.  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

    

.

gaGaeilge