Dírbheathaisnéis 5 – Amanna Cinniúnacha!
I ndiaidh an ghnímh, tá sé furasta líon beag amanna cinniúnacha a fheiceáil, a raibh tionchar mór acu ar threo do shaol. I mo shaol féin, tá dornán dóibh a raibh tionchar láidir acu orm. Seo cúpla ceann.
Réamhrá
Ar dtús, ba cheart dom an bealach a réiteach, ionas go mbeidh tuiscint agat faoin gcúlra. Lagrachán a bhí ionam nuair a bhí mé sa bhunscoil. Bhí an t-ádh dearg orm fiú go raibh mé beo fós, tar éis dom babhta dona niúmóine a bheith orm nuair a bhí mé ach cúig bliana d’aois. Bhí mé tinn arís nuair a bhí mé seacht mbliana d’aois, agus tar éis sin bhí an t-asma orm dona go leor. Dá bhrí sin, ní raibh mé páirteach i spóirt mhachaire, murab ionann agus formhór na daltaí sa scoil. Ach bhí cíocras eolais agam faoi gach rud, ach go háirithe faoin eolaíocht. Fuair mé cóipeanna den iris ‘Look and Learn’ gach seachtain, agus léigh mé gach rud iontu. Bhí mé tógtha le rúndiamhra na cruinne, agus bhí sé deacair a chreidiúint go raibh na scéalta san iris sin fíor. Ach bhí! Bhí sé dochreidte dom go rabhamar go léir ag taistil ar phláinéad beag neamhthábhachtach, ag rothlú timpeall réalta neamhthábhachtach, i réaltra neamhthábhachtach sa mhórchruinne féin. Nuair a bhreathnaigh mé suas sa spéir, chonaic mé na réaltaí agus na réaltraí thuas ansin, agus bhí a fhios agam fiú mar bhuachaill, go raibh mé ag breathnú i bhfad siar na milliúin bliain. Coincheap mór do ghasúr beag é sin, agus thug sé tuiscint uileghabhálach dom faoin gcine daonna agus ár ról beag sa mhórchruinne sin.
Cigire!
Lá amháin, nuair a bhí mé sa séú rang sa bhunscoil, tháinig cigire ar cuairt. Bhí sé ag monatóireacht an ranga ar feadh tamaill, agus ag scríobh nótaí. Ansin, sheas sé suas agus shiúil sé go barr an ranga. Chuir sé é féin in aithne dúinn, agus ansin thosaigh sé ag cur ceisteanna orainn. Bhí go leor dóibh ag baint leis an eolaíocht agus an mhatamaitic – áiteanna súgartha domsa. D’éirigh na ceisteanna níos deacra, agus roimh i bhfad, ní raibh aon duine ach mise in ann iad a fhreagairt. Bhí mé in ann iad go léir a fhreagairt. Is maith is cuimhin liom cúpla dóibh: Cén fhad an ghrian uainn? Cad is brí le aerbhrú agus cad é an t-aerbhrú ag leibhéal na mara? Bhí ionadh mór ar an gcigire go raibh mé in ann a cheisteanna a fhreagairt, agus mhol sé mé agus dúirt sé gurb é sin an chéad uair a bhí dalta sa séú rang in ann iad a fhreagairt. Bhí ríméad an tsaoil orm. Chuaigh meas an chigire go smior ionam agus rith sé liom go raibh spéis mhór agam san eolaíocht agus matamaitic agus gur gníomhaíochtaí fiúntacha iad. Sa scoil agus sa tsochaí i mo thimpeall, chonaic mé cé chomh fiúntach is a bhí spórt, agus go háirithe an iománaíocht. Ach anois, thuig mé go raibh áit ag daoine cosúil liomsa, a raibh spéis acu san fhoghlaim, agus gur rud maith é sin, in ainneoin tuairimí go leor buachaillí sa rang. Mhothaigh mé go raibh dearbhú faighte agam. Ní ach uair amháin i lá amháin sa bhunscoil a bhí i gceist, ach san uair sin, las cigire anaithnid éigin bladhm mo dhúil sa léann – bladhm a d’fhás le himeacht ama, agus bladhm a spreag mé chun dul leis an scoláireacht.
Dearbhú
Ní cuimhin liom go cruinn cathain a tháinig Frank Dowling ar an láthair mar dhalta nua – b’fhéidir sa séú rang, nó b’fhéidir sa chéad rang ar an meánscoil. Cosúil leis an gcigire, cé nach raibh sé ann le fada, bhí tionchar mór aige orm. Bhí blas Sasanach ar a chuid cainte, mar bhí a theaghlach díreach tar éis bhogadh ó Shasana go hÉirinn. Éagsúil leis na daltaí eile, níor imir Frank iománaíocht, agus bhí suim mhór aige san eolaíocht. Is ar éigean a bhí mé in ann chreidiúint go raibh garsún eile cosúil liomsa ann. Roimh i bhfad, bhí dáimh ar leith eadrainn. Bhíodh díospóireachtaí bríomhaire againn ag plé ábhar eolaíochta, agus d’fhoghlaim mé go leor uaidh. Bhí níos mó eolais agamsa ar ábhair áirithe san eolaíocht agus níos mó eolais aige ar ábhair áirithe eile san eolaíocht. Bhíomar ag foghlaim óna chéile i gcónaí, rud a spreag an bheirt againn. Is cuimhin liom go háirithe am amháin, nuair a chuir Frank ceist orm agus é ag díriú ar mo dheasc: “An bord seo – an gceapann tú go bhfuil sé neamhbhriste?” D’fhreagair mé go raibh sé láidir agus neamhbhriste. “Mícheart!” arsa Frank. “Níl ann ach spás folamh, agus buncháithníne ag eitilt anonn agus anall, ag taisteal ar luas lasrach tríd an spás sin!” Baineadh siar asam, mar chuaigh cad a dúirt sé in aghaidh gach rud a bhí mo chúig chéadfa ag insint dom. Ach ní mar a shíltear a bhítear, agus bhí a fhios agam go raibh gach rud déanta as móilíní; móilíní déanta as adaimh, agus adaimh déanta as leictreoin, prótóin agus neodróin. Mar sin, luigh a bhí le rá ag Frank le réasún, ach níor chuir mé na píosaí eolais sin le chéile riamh cheana. Thug sé léargas iontach dom agus thuig mé ansin go raibh gach gné den eolaíocht an-suimiúil dom, ó rudaí chomh beag nach féidir iad a fheiceáil, suas go rudaí chomh mór nach féidir iad a shamhlú.
Múinteoirí Randamacha!
Bhí tionchar mór ag an gcúpla teagmháil randamach thuasluaite orm, gan dabht ar bith. Ní dhearna na daoine i gceist neamhshuim iomlán díom, ach thug siad aitheantas agus moladh dom agus níos tábhachtaí, threisigh siad mo dhearcadh faoin eolaíocht agus a luach. Dá bhrí sin, mhéadaigh m’fhéinmhuinín agus mo shuim san eolaíocht ón am sin amach. Ag breathnú siar, ritheann sé liom cé chomh tábhachtach agus a bhfuil daoine eile i do shaol, seachas do mhúinteoirí agus fiú do thuismitheoirí. Creidim sa seanfhocal ón mBúda: “Nuair atá an dalta réidh, nochtfar an múinteoir!”