Gaelchultúr

Is ar éigean a bhí mé ar ais i Meiriceá tar éis samhradh iontach a chaitheamh in Éirinn ná go raibh mé ag lorg deis nua mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú. Bhí sé i gceist agam rang nua a aimsiú ar líne, nach raibh déanta agam cheana féin. Nuair a bhí mé ag brabhsáil, tháinig mé ar shuíomh suimiúil a raibh cuma na maitheasa air. Gaelchultúr.com atá i gceist, agus tar éis dom sliocht a léamh faoi Ghaelchultúr, bhí mo spéis múscailte. Seo blas dá raibh ann.

Is é Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, a bunaíodh i 2004, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Tá Gaelchultúr lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus tá sé ag freastal ar lucht foghlama na teanga i ngach cearn den domhan.

Cuireann Gaelchultúr cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde ar fáil, atá dírithe ar dhaoine fásta ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá sé mar sprioc againn seirbhísí den scoth a thairiscint d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chun iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú. Tá cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr timpeall an domhain, agus múinteoirí cumasacha ina mbun.

Dar fia, arsa mé liom féin, gheall siad na hoirc agus na hairc dúinn. Ach an mbeidís in ann beart a dhéanamh de réir a mbriathair? Sin an cheist! Ní raibh ach dóigh amháin teacht ar an bhfírinne, agus ba é sin triail a bhaint as. Nuair a thosaigh mé ag freastal ar chúrsaí ar líne ar dtús, ní raibh sé ródheacair dom rang a fháil a bhí oiriúnach dom, ó thaobh na caighdeáin de. Ach le himeacht ama, agus rang i ndiaidh ranga déanta agam, d’éirigh sé ní ba dheacra rang oiriúnach a fháil. Cé go raibh rogha mhór ranganna ar an mbunleibhéal agus an meánleibhéal, bhí easpa ranganna ar an ardleibhéal. Bhí dhá rang ag an ardleibhéal ag Gaelchultúr, agus cheap mé gur comhartha maith é sin. Mar sin, chláraigh mé leis an rang ag Ardleibhéal 2 agus sceitimíní orm. Deich rang a bhí i gceist – gach rang dhá uair ar fhad.

An Rang

Tháinig lá an chéad ranga faoi dheireadh agus thosaigh ochtar dúinn ag freastal ar an rang leis an aip Zoom. Bhí múinteoir againn darb ainm Maitiú Ó’Coimín. Tá ina chónaí in Indreabhán i gContae na Gaillimhe. Fear iontach ábalta atá ann – aisteoir, iriseoir, scríbhneoir, láithreoir, eagarthóir, eachtránaí agus múinteoir is ea Maitiú agus, ar ndóigh, sárGhaeilgeoir ó dhúchas!

Bhí stíl neamhfhoirmiúil aige agus mar sin chothaigh sé atmaisféar réchúiseach sa rang, rud atá an-tábhachtach, i mo thuairim. Bhíomar go léir compordach le chéile, agus mar sin bhíomar in ann labhairt go héasca agus gan srian as Gaeilge. Éireannaigh ó dhúchas muid go léir, as gach cearn– seisear ina gcónaí in Éirinn, fear amháin ina chónaí sa Ghearmáin, agus mise i Meiriceá. Bhí Gaeilge líofa ag gach duine, agus canúint de gach saghas le cloisteáil uainn. Chuireamar aithne ar a chéile sa chéad rang agus caithfidh mé a rá gur thaitin gach duine sa rang go mór liom, Maitiú san áireamh.

Cuireadh an t-ábhar teagaisc don chúrsa go léir ar fáil dúinn roimh ré, agus bhí sé sin an-úsáideach ó thaobh ullmhúchán agus staidéar de. Cé go raibh an struchtúr céanna ag na ranganna, bhí ábhar difriúil ag baint le gach rang. Bhí cothromaíocht dheas ann freisin, le béim ar Ghaeilge labhartha, mar is ceart i rang mar seo.  Gach seachtain, bhí ábhar difriúil againn. Mar shampla, seo cúpla ábhar seachtaine a bhí againn: An Ealaín agus na hEalaíona, cúrsaí oideachais, an pholaitíocht agus stair na hÉireann. Ag tús an ranga, tar éis dúinn dul tríd na freagraí ag baint leis ár n-obair baile, bhíodh stór focal le foghlaim againn, dírithe ar ábhar na seachtaine.

D’úsáid Maitiú seomraí i Zoom go héifeachtach, chun muid a bhriseadh suas i ngrúpaí beaga de bheirt nó triúr. Bhíomar in ann ár nGaeilge labhartha a chleachtadh go maith mar sin, agus deis ag gach duine a bheith ag caint. Thagadh Maitiú isteach agus amach ó na seomraí, ag éisteacht agus ag tabhairt comhairle agus cabhrach dúinn. Bhíodh clár oibre againn, agus ceisteanna ar ábhar na seachtaine le pagainn. Tar éis gach seisiúin sna seomraí, bhailímis ar ais sa seomra mór agus roinnimis achoimre agus tuairimí le chéile. Bhíodh trí sheisiúin sna seomraí beaga againn gach seachtain, ar a laghad. Ag deireadh gach ranga, agus muid go léir bailithe le chéile arís, bhíodh beagán gramadaí le foghlaim, agus ansin d’fhaighimis obair baile le haghaidh an chéad ranga eile.

Conclúid

Mholfainn an rang seo gan aon agó d’aon duine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu, agus a bhfuil fonn orthu í a fhorbairt agus a leathnú amach. Má fhaigheann tú Maitiú mar mhúinteoir, buntáiste sa bhreis a bheadh ann!       

.

.

  

.

.

.

.

gaGaeilge