Nuair a bhí mé fós ag freastal ar an mbunscoil, agus mé ach naoi mbliana d’aois, bhí deis agam dul go dtí an Ghaeltacht ar feadh trí mhí faoi scéim a bhí ag Gael Linn ag an am sin. D’aontaigh mé, gan smaoineamh, agus thosaigh eachtra nua dom ansin. Ní raibh aon eagla orm – ceapaim go raibh dúil san eachtraíocht agam, rud nár chaill mé riamh é! Ba é seo an chéad uair ar fhág mé mo chlann agus mo bhaile. Ní haon ionadh é, mar sin, go bhfuil cuimhne mhaith agam ar an am sin, cé gur tharla sé beagnach seasca bliain ó shin.
Rosmuc
Thaistil mé go Rosmuc le buachaill eile ar an aois céanna liom, gasúr séimh, dea-mhúinte. Thógamar traein amháin go Baile Átha Cliath, agus ar an lá ina dhiaidh sin, traein eile go Gaillimh. Bhí ionadaí de chuid Gael Linn ag fanacht linn i mBaile Átha Cliath, agus threoraigh sé an bheirt againn go lóistín le haghaidh na hoíche. An mhaidin dár gcionn, tar éis an bhricfeasta, ar aghaidh linn go dtí Stáisiún Heuston leis an ionadaí. Chabhraigh sé linn ár dtraein a fháil, agus shroicheamar Gaillimh timpeall am lóin. Bhí ionadaí eile ann chun cabhrú linn bus a fháil go Rosmuc – ár gceann scríbe. Bhí carr ag fanacht linn i Rosmuc, agus ionadaí eile ann chun muid a thiomáint go dtí ár dtithe. Bhí mo theach i gCill Bhriocán, i Rosmuc.
Cill Bhriocán
Chuir bean a’ tí Máire Bean Uí Ghriallais fáilte mhór romham, agus thosaigh m’eachtra Ghaeltachta láithreach bonn. Thug Bean Uí Ghriallais babhla anraith dom ar dtús ach ar an drochuair bhí sé chomh te sin gur dhóigh mé mo charball go dona leis. Bhí sé an-phianmhar le seachtain nó dhó! Bhí sé deacair a mhíniú as Gaeilge cad a tharla dom!  

Tar éis an turais fhada, bhí orm dul go dtí an leithreas. Threoraigh Máire amach as an teach mé go dtí teach an asail, ach bhí sé chomh dubh le pic taobh amuigh. Dá bhrí sin, bhuail mé mo ghlúin in aghaidh balla agus bhí mé gortaithe arís! Cé gur drochthús a bhí agam, d’fheabhsaigh cúrsaí tar éis sin – agus níor ghortaigh mé mé féin arís ach an oiread.

Ní raibh an teach seo cosúil le mo theach sa bhaile. Bhí na háiseanna an-bhunúsach. Ní raibh aon leictreachas ann, nó téamh lárnach nó fiú guthán. Bhí an leithreas beag i mbothán in aice an tí. Ní raibh seomra folctha ar chor ar bith. Ach is beag le rá na rudaí sin i gcomparáid leis an teanga. Ní raibh mórán Gaeilge agam, agus nuair a labhair Bean Uí Ghriallais liom ar dtús, níor thuig mé fiú focal amháin a bhí á rá aici. Diaidh ar ndiaidh, tháinig feabhas ar mo chuid Gaeilge, mar ní raibh an dara rogha agam – labhraítí ach amháin Gaeilge sa cheantar sin ag an am sin. Diaidh ar ndiaidh, chuaigh mé i dtaithí ar chúrsaí agus leis an tslí maireachtála freisin, agus bhí mé sásta go leor.

Scoil agus Cairde

Ní raibh aon bhus scoile ann agus bhí orm siúl go dtí an scoil agus ar ais gach lá. Bhí an scoil trí mhíle ar shiúl ón mbaile, agus cé go raibh sé deacair ar dtús, d’éirigh an tsiúlóid sin éasca tar éis tamaillín.  Cé go raibh sé deacair an múinteoir agus na daltaí a thuiscint ar dtús, tar éis míosa nó mar sin ní raibh aon fhadhb agam, agus bhí mé chomh compordach ag úsáid na Gaeilge agus a bhí mé leis an mBéarla. Déanta na fírinne, ní cuimhin liom mórán faoi mo laethanta ar scoil, mar níor tharla aon rud suntasach ann.

Bhí cúpla teaghlach eile sa cheantar agus páistí ann ar chomhaois liom. Aon uair a bhí deis agam, fuair mé cead ó Bean Uí Ghriallais dul amach ag imirt leo. Chaith mé go leor ama ina dtithe freisin. Bhí sé ró-chiúin dom i mo theach féin, gan ach Bean Uí Ghriallais féin ann.

Ceol

Bhí uirlisí ceoil sna tithe eile, agus bhí mé gafa leo. Bhí bosca ceoil i dteach amháin, agus feadóg stáin i dteach eile. Bhíodh na fir a’tí ag seinm ceoil ó am go ham, go háirithe nuair a bhíodh comharsana ar cuairt. D’fhoghlaim mé go leor amhrán tar éis dom breathnú orthu agus éisteacht leo. Ceol traidisiúnta a bhí i gceist, agus ba chosúil le spúinse me, ag isteach teanga agus cultúr na tíre beagnach i ngan fhios dom féin!

Am dul abhaile!

Bhí mé chomh sásta sa Ghaeltacht gur bheag nach ndearna mé dearmad ar mo theaghlach féin! D’imigh mo thréimhse go tapa, agus bhí sé deacair dom filleadh abhaile ansin. Ach ní raibh fadhb ar bith liom leis an nGaeilge sa scoil tar éis sin, agus bhí grá buan agam dár dteanga agus dár gcultúr as sin amach, a bhuí le m’athair agus le Gael Linn.  

.

.

gaGaeilge