Bhí sceitimíní orainn agus gach rud curtha in áirithe agam dár laethanta saoire, na heitiltí san áireamh. An bhliain seo, rinne mo bhean chéile agus mé féin an cinneadh dul go Haváí chun ár laethanta breithe a cheiliúradh. Is aoibhinn linn an t-oileán mór mar bhí laethanta saoire iontacha againn ann cúpla uair roimhe. Níl Oileán Haváí chomh plódaithe le daoine agus atá na hoileáin eile sa Stát. Cé go dtaitníonn oileán Maui go mór linn freisin, ar an drochuair tá fadhbanna móra le réiteach ann tar éis an loiscthe mhóir a scrios Lahaina, Baile stairiúil an oileáin sin.  Ar aon nós, ní raibh an dúch fiú tirim fós ar ár dticéid nuair a tharla timpiste ar eitleán de chuid Boeing 737 Max 9.

Eitleán nua a bhí i gceist a bhí ag taistil ó Portland Oregon go dtí Los Angeles California. Bhí an t-eitleán ag dul suas san aer agus ag aird 5,000 méadar nuair a stróiceadh píosa ón gcabhail a d’fhág poll i gcábán na bpaisinéirí. Bhí siorradh mór aeir as an gcábán dá bhrí an brú aeir a bheith i bhfad ní ba mhó taobh istigh ná taobh amuigh den eitleán. Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh aon phaisinéirí ina suí in aice leis an bpoll, mar sa chás sin, seans mór go gcaillfí iad amach tríd an pholl. Ní raibh a hairde cúrsála sroichte ag an eitleán – (10,000 méadar ar a laghad de ghnáth) – nó bheadh cúrsaí i bhfad níos measa agus an brú aeir taobh amuigh ach leath na méide ag 10,000 méadar agus atá sé ag 5,000 méadar. Tríd is tríd is míorúilt é nár cailleadh fiú duine amháin sa timpiste. Bhí foireann an eitleáin go hiontach ag déileáil leis an éigeandáil agus thug an píolóta an t-aerárthach ar ais go talamh go paiteanta.

Cad sa diabhal a tharla an t-aerárthach?

Chun an fhírinne a rá, ní hé seo an chéad uair a bhí an 737 MAX sa nuacht. Bhí dhá thimpiste eitleáin leis an 737 MAX 8 i 2018 agus 2019. Níor tháinig aon duine slán sna timpistí sin agus cailleadh 648 anam. Ar dtús dúirt Boeing gur earráid phíolóta ba chúis leis na timpistí ach tar éis fiosrúcháin de chuid rialtas na hAetóipe, na Fraince and na Stát Aontaithe, bhí sé ríshoiléir go raibh bunfhadhb ag baint leis an eitleán féin. Bhí a fhios go maith ag Boeing faoin bhfadhb sin agus in ionad é a réiteach, d’oibrigh siad thart air le bogearraí nua a úsáid, ach níor chuir siad a gcustaiméirí – na haerlínte – ar an eolas faoi sin ar chor ar bith. Ar an drochuair, tugadh fadhb nua isteach leis na bogearraí sin, a bhí ag brath ar ach ionchur ó bhraiteoir fána amháin – in ainneoin dhá cheann a bheith ann. Nuair a theip an braiteoir amháin sin, cheap na bogearraí go raibh an t-eitleán ag an bpointe loicthe agus chuir sé iallach ar an eitleán dul síos. Ní raibh a fhios ag na píolótaí cad a bhí ar siúl agus ní raibh siad ábalta cúrsaí a cheartú in am chun an timpiste a sheachaint. Tar éis na dtimpistí, coinníodh gach eitleán den chineál Boeing MAX 8 ar talamh go dtí deireadh 2020 nuair a chríochnaigh próiseas fada athdheimhniúcháin.

Dé dheasca na n-easnamh mór i Boeing ó thaobh na bainistíochta de, tugadh bata agus bóthar do Dennis Muilenburg, príomhfheidhmeannach ag an am. Ceapadh David Calhoun mar phríomhfheidhmeannach Boeing ansin, fear atá fós sa ról. Dúirt bord stiúrthóirí Boeing ag an am gur ceapadh Calhoun chun athruithe móra a chur i bhfeidhm maidir le sábháilteacht a dtáirgí agus a seirbhísí.

Céim ar gcúl

Is buile mhillteanach é an timpiste is déanaí do Calhoun agus Boeing. Tá a lán ceisteanna deacra fós le freagairt ag Boeing agus a sholáthraithe maidir leis an bpróiseas déantúsaíochta agus go háirithe faoi theannas na boltaí ar theip orthu an painéal a choimeád in áit mar pháirt den eitleán. Seans maith go ndéanfar sceilpín gabhair de Calhoun agus go n-éireoidh sé as a phost le linn an fhiosraithe. Is é mo thuairim go leanfaidh pátrún drochiompraíochta Boeing ar aghaidh, gan athruithe suntasacha sa phróiseas maoirseachta.

Eagraíocht brabúis is ea Boeing agus gan maoirseacht láidir ó na húdaráis rialála, go háirithe an tÚdarás Feidearálach Eitlíochta (FAA) sna Stáit Aontaithe agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA) san AE, cuirfidh Boeing a bhrabús féin chun tosaigh i gcomparáid le sábháilteacht a bpaisinéirí! Tá súil agam go mbeidh na húdaráis céanna ag déanamh monatóireachta géire ar Boeing maidir le déantúsaíocht a n-aerárthaí as seo amach. Mura dtarlaíonn sin, beidh Boeing agus a n-aerárthaí ar ais sa nuacht roimh i bhfad.

Bhí an t-ádh dearg orainn maidir leis ár n-eitilt féin, mar d’athraigh United an saghas aerárthaigh ón 737 Max 9 go dtí Aerbus 320. Bhíomar an-sásta leis sin, mar ardchaighdeán sábháilteachta ag an aerárthach iontach seo!  As seo amach, beimid ag tabhairt níos mó airde den saghas aerárthaigh ina mbeimid ag taisteal air agus seachnóimid an Boeing 737 MAX, más féidir!

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge