Níos mó ná dhá bhliain déag ó shin chuireamar ár dteach suas ar an suíomh Intervac-homeexchange.com den chéad uair. Bhí an tseirbhís sin á úsáid le fada ag deirfiúr mo mhná céile, a mhol go hard é. Seirbhís mhalartú tithe atá i gceist agus bíonn daoine ar fud na cruinne á úsáid. Uair amháin, chuaigh mo bhean chéile Sinéad, agus mé féin go dtí an Fhrainc ar ár laethanta saoire lena deirfiúr Máire agus a clann ar mhalartú tithe. Bhí teach iontach againn i lár na tíre agus go leor spás againn taobh istigh agus amuigh. Bhí sé i bhfad níos fearr teach a bheith againn ná óstán mar bhíomar in ann ár mbeilte a chócaireacht, ár n-éadaigh a ní agus socrú síos amhail is a bhíomar sa bhaile.

Tar éis ár n-eispéiris dhearfaigh shíneamar féin suas le hIntervac gan mhoill.  Níor thóg sé ach tamall beag go dtí go bhfuaireamar teachtaireacht ó dhaoine a raibh teach in Éirinn á lorg acu de mhalairt a n-árasán ar oileán Havaí. Ní fhéadfaimis é sin a chreidiúint agus ní gá dom a rá nach raibh aon drogall orainn an deis iontach sin a thapú.

Carraig Seabhac

Doody is é sloinne an fhir agus rianaigh sé a fhréamhacha gaoil ar ais go Contae Phort Láirge. Mar sin bhí sé ag lorg tí sa cheantar. Bheadh Carraig Seabhac oiriúnach dó chun a thaighde a dhéanamh. Rinneamar an margadh agus roinneamar eolas faoinár dtithe le chéile. Ní rabhamar féin i gCarraig Seabhac nuair a chuaigh Louie agus a bhean chéile thall agus chaith siad trí seachtaine ann. Bhí am iontach acu agus bhí Louie in ann a lán a fhoghlaim faoina shinsir Éireannaigh.

Haváí

Níos déanaí sa bhliain chuamar go dtí oileán mór Havaí le haghaidh ár laethanta saoire. Bhí Louie agus Dolly ag fanacht linn san árasán agus chuir siad fáilte mhór romhainn. Bhí ‘lei’ an duine acu dúinn mar is nós a dhéanamh i Havaí. Is é atá i gceist ná bláthfhleasc a thugtar do chuairteoirí go Haváí mar fháilte rompu.

Daoine séimh, cineálta is ea Louie agus Dolly, agus cúlraí suimiúla ag an mbeirt acu. Is as Cleveland, Ohio í Dolly agus ó Bhostún Massachusetts é Louie. Chas siad le chéile mar mhic léinn sna seascaidí in Ollscoil Haváí. Fuair an bheirt acu scoláireacht a bhí ar fáil ag an am ó rialtas Mheiriceá chun staidéar a dhéanamh faoin gCianoirthear. Cultúr na Seapáine a bhí á staidéar ag Dolly agus cultúr na Síne a bhí á staidéar ag Louie. D’fhás cairdeas eatarthu mar bhí go leor i bpáirt acu, ach tar éis dóibh céim mháistreachta a bhaint amach, chuaigh siad a mbealach féin. Bhí gairm bheatha iontach ag an mbeirt acu. Tar éis di céim dochtúra a bhaint amach, fuair Dolly post don Stát sa lárionad cultúr agus ealaíon i Honolulu (ar oileán Oahu), agus tar éis tamall fada bhog sí go Hilo (ar oileán Havaí) le post nua mar stiúrthóir iarsmalann Lyman ó 2001 go dtí 2013. Bhí Dolly an-ghníomhach (agus tá fós) mar bhall den Pháirtí Daonlathach Havaí le fada an lá.  Múinteoir staire agus Fraincise ba é Louie sa mheánscoil, post a bhí aige le 30 bliain. Nuair a chuaigh sé ar scor, thosaigh sé agus múinteoir eile ag scríobh leabhair faoi Dhúchasaigh Meiriceánach agus go háirithe faoin treibh darb ainm Cahuilla.  Díríonn an leabhar ar eispéireas uafásach mhuintir Cahuilla faoi údaráis na Spáinne, Mheicsiceo agus Mheiriceá sa 19ú haois, nuair a tháinig laghdú ar líon na Cahuilla, ar díbríodh formhór dóibh óna dtír dhúchais. Fuair an leabhar sin duais ó chumann staire Mheiriceá mar aitheantas ar an obair a rinne na húdair chun stair áitiúil a chaomhnú agus a léirmhíniú. Nuair a fuair bean chéile Louie – a raibh airtríteas réamatóideach go dona uirthi – bás tamall ina dhiaidh iad a bheith ar scor, bhí ar Louie tús nua a dhéanamh.

Tús Nua

Chuaigh Louie i dteagmháil le Dolly agus roimh i bhfad bhog sé go Hilo, Havaí. Tar éis tamaill ag siúl amach le chéile, phósadar, agus tá siad le chéile anois ar feadh timpeall fiche bliain anois. Thosaigh Louie ag scríobh úrscéal ficsin stairiúil faoi ainm cleite, agus d’fhoilsigh sé cúpla leabhar. Rinne Dolly an eagarthóireacht.  Ba bhreá leo taisteal agus nuair a bhí siad níos óige, chaith siad roinnt mhaith ama ag taisteal chun na hÁise. Chaith Dolly am sa tSeapáin, agus tá Seapáinis aici. Chaith Louie am sa tSín agus sa Téaváin, agus tá Mandarin aige chomh maith le Fraincis agus Rúisis. Ní haon ionadh é, mar sin, gur shocraíodar taisteal a dhéanamh le chéile go dtí na hÁise agus an tAontas Eorpach. Bhí árasán ag Dolly i Havaí cheana féin, agus cheannaigh Dolly agus Louie teach i Hilo nuair a phósadar.  Nuair a tháinig siad ar an suíomh Intervac-homeexchange.com, rith sé leo ar an toirt go mbeidís in ann an t-árasán a úsáid chun malartú tithe a dhéanamh. Agus sin an tslí ar chasamar leo sa chéad áit. Bhíomar i Havaí ar feadh seachtaine an uair sin, i 2012, agus chuamar ar ais i 2018 ar feadh seachtaine eile.

Ar ais ar an Oileán Mór!

Bhí fonn orainn dul go dtí an t-oileán mór arís le déanaí. Bhíomar i dteagmháil le Dolly agus Louie ar ríomhphost ó am go ham, agus sheol mé ríomhphost chucu ar an gcaolseans go mbeimid in ann an t-árasán a fháil ar cíos ar feadh coicíse. Fuair mé freagra uathu ag rá nach raibh an t-árasán ag fáil ar cíos, ach go raibh smaoineamh eile acu agus b’fhéidir go mbeadh sé níos éasca caint le chéile ar an bhfón. Chuireamar glaoch fóin orthu agus dúirt siad go raibh fonn orthu cuairt eile a thabhairt go hÉirinn an bhliain seo chugainn, cé nach raibh siad cinnte faoi, fós. Ar aon nós, rinneamar malartú tithe le chéile ar an tuiscint go mbeidís in ann ár dteach a úsáid an bhliain seo chugainn. Ní raibh aon fhadhb againn leis an socrú sin. Chaitheamar am ceart le Dolly agus Louie, ag insint scéalta agus ag ligean ár scíth le chéile.

Mholfainn seirbhís Intervac nó a leithéid go hard, agus ní bheadh a fhios agat ach go ndéanfaidh tú cairde nua freisin, mar a tharla dúinn!  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge