Seachtain mhór

Seachtain mhór don Eolaíocht ba ea an dara seachtain d’Aibreán 2019.  Don chéad uair, bhíomar go léir in ann breathnú ar íomhá dochreidte dúphoill (black hole) sa spás.  Breis is céad bliain ó shin, thuar teoiric ghinearálta na coibhneasachta go mbeadh áiteanna sa spás ina bhfuil an domhantarraingt chomh láidir sin, nach mbeadh fiú amháin solas in ann éalú as.  Níor mhaith le hEinstein an tairngreacht seo, forbartha óna theoiric féin le hobair a rinne Karl Schwarzschild. Ag an am, níor chreid Schwarzschild féin gur fíor-rud é an dúpholl, mar bhí sé chomh deacair glacadh leis an gcoincheap ait seo.  Níor tharla mórán taighde eile ar dhúphoill go dtí an bhliain 1958, nuair a phostaláidigh an fisiceoir David Finkelstein go raibh siad ann, agus go raibh raon áirithe timpeall gach dúpholl, agus cé go raibh solas agus ábhar in ann dul isteach trasna an raoin sin, ní raibh aon rud in ann teacht amach as.  Tugadh an t-ainm léaslíne theagmhais (event horizon) ar an raon sin. Thosaigh an fisiceoir John Wheeler ag úsáid an téarma ‘black hole’ sa bhliain 1964, agus lean an t-ainm ó shin i leith.

“Black Holes ain’t so black! ”

Sin a dúirt Rí na nDúpholl, an fisiceoir Stephen Hawking.  Thaispeáin sé sna seachtóidí gur féidir le dúphoill dul i laghad, agus mar sin gur féidir leo fuinneamh a radú.  Níos mó ná aon duine eile, thug Stephen Hawking an dúpholl isteach i dtuiscint an phobail.

Rud amháin is ea an Teoiric!

Le timpeall fiche bliain anuas, aimsíodh níos mó fianaise ag deimhniú gur fíor-rudaí iad na dúphoill.  Creidtear go bhfuil gach uile méid dúphoill ann, idir bheag agus mhór. Creidtear freisin go bhfuil dúpholl for-mórmhaise (supermassive black hole) i lár beagnach gach réaltra, suas go dtí cinn chomh mórmhaise leis na billiúin dár ngrianta!.

Bóthar fada go dtí íomhá!

Sa bhliain 1999, chuir údair páipéar eolaíochta moladh ar aghaidh ag rá go mbeadh sé indéanta íomhá léaslíne theagmhais dúphoill a fháil laistigh de chúpla bliain.  Thóg sé breis agus fiche bliain, ach anois tá íomhá álainn dúphoill againn. Sa bhliain 2006, d’áitigh an réalteolaí Shep Doeleman ar a lán eolaithe cumasacha dul isteach leis ar an eachtra mhór seo.

Fiontar dochreidte a bhí ann, i ndáiríre.  Chun seans a bheith agat íomhá dúphoill a fháil, is gá radaiteileascóp a thógadh le trastomhas an domhain féin – mar úsáideann siad minicíocht 230 GHz chun an íomhá is fearr a fháil.  Ar an dea-uair, tá bealach chun radaiteileascóp fíorúil a dhearú don mhéid sin. Tógtar an iliomad radaiteileascóip, scartha amach ar fud an domhain. Caitear iad a shíoncronú taobh istigh do mhicreashoicind.  Ansin, dírítear iad go léir ar an áit chéanna sa spéir, agus tógtar grianghraif ag an t-am céanna díreach. Tar éis sin, comhordaítear na sonraí le halgartam chun an íomhá deiridh a fháil.

Theip ar Shep agus a fhoireann ar dtús agus rinne siad feabhsaithe, agus leathnaigh siad an gréasán radaiteileascóp go dtí go raibh ocht gcinn ann, i Meiriceá, i Meicsiceo, sa tSile, san Eoraip agus san Antartach.

Bhí a fhios acu ansin go mbeadh seans ann dúpholl for-mórmhaise a fheiceáil, mar atá i lár beagnach gach réaltra. Shocraigh siad ar ár réaltra féin agus ar réaltra M87, for-réaltra atá 55 milliún solasbhliain uainn.

Dhá bhliain ag brúscadh uimhreacha!       

Ag comhoibriú le chéile, thóg foirne saineolaithe idirnáisiúnta teileascóp an EHT (‘event horizon telescope’), ag úsáid 8 radaiteileascóip, i Meiriceá, i Meicsiceo, sa tSile, san Eoraip agus san Antartach.

Bhí an t-ádh dearg leo mar bhí an aimsir go breá ar feadh cúig lá as a bhfuinneog de deich lá a bhí acu chun grianghraif mhaithe a fháil.  Bhí na sonraí i dtaisce ar thiomántáin chrua, agus bhí ar na foirne iad a sheoladh go dtí cúpla áit chun iad a phróiseáil.

D’oibrigh ceithre fhoireann astu féin le linn dhá bhliain, agus fuair siad beagnach na torthaí céanna.  Cuireadh gach rud le chéile, agus chruthaigh siad an chéad íomhá de dhúpholl riamh. Dúirt na saineolaithe go raibh an íomhá comhaontaithe ag aontú díreach le teoiric Einstein!

Dúirt Lucy Hawking, iníon Stephen, dá mbeadh seisean beo, go mbeadh ionadh an domhain air an íomhá sin a fheiceáil.

Sna laethanta bréagnuachta atá ann anois, cuireann sé seo i gcuimhne dúinn go bhfuil an Eolaíocht an-chumhachtach agus beo slán fós in ár measc!

.

gaGaeilge