Litir ó Mheiriceá – An troid in aghaidh na holagarcachta!
“Nuair a fheiceann tú rud éigin nach bhfuil ceart, nach bhfuil cothrom, nach bhfuil cóir, caithfidh tú labhairt amach. Caithfidh tú rud éigin a rá; caithfidh tú rud éigin a dhéanamh.”
-John Lewis (1940-2020) – gníomhaí sna Stáit Aontaithe ar son chearta an duine.
Ní hé seo an t-am a bheith ciúin anseo i Meiriceá, agus an daonlathas i mbaol báis. Tá sé in am dúinn an fód a sheasamh go poiblí, ar mhaithe leis an daonlathas a chosaint in aghaidh garbhaol na holagarcachta. Is é an rud is measa dúinn ná a bheith ciúin, gan aon rud a rá faoi cad atá ar siúl faoinár súile. Tá formhór na bPoblachtánach sásta suigh siar sa rialtas gan rud ar bith a dhéanamh, agus an tUachtarán Trump agus a chomhghleacaithe ag déanamh damáiste buan don rialtas feidearálach, agus ag sárú an bhunreachta níos dalba gach lá. Níl Páirtí na nDaonlathaithe nó na Neamhspleáigh ag déanamh a ndóthain ach an oiread – le cúpla eisceacht shuntasach. Tá an Seanadóir neamhspleách (Vermont) Bernie Sanders agus an t-ionadaí Daonlathach (Nua Eabhrac) Alexandria Ocasio-Cortez (AOC) ar chamchuairt pholaitiúil mhór sna Stáit Aontaithe faoi láthair, darb ainm ‘An Troid in aghaidh na holagarcachta’. Ní raibh siad ag súil leis na taifid tinrimh atá á fáil acu ar fud na tíre. Seachtain ó shin, d’fhreastal mé ar agóid áitiúil eile sa bhaile ina bhfuil cónaí orm i gContae San Diego, agus ba shólás dom a bheith ann, le daoine eile nach bhfuil sásta fanacht sa bhaile gan aon rud a dhéanamh tríd an gcaimiléireacht atá ar siúl i Washington DC. Nuair a chuala mé go mbeadh Bernie Sanders agus AOC ag teacht ar cuairt go Los Angeles, bhí sé éasca an cinneadh a dhéanamh freastal ar an ócáid speisialta sin!
Fight Autocracy
Ar 12 Aibreán fuaireamar (mé féin agus mo bhean chéile) an traein go croílár Los Angeles (Union Station) go moch ar maidin. Tar éis siúlóid ghearr chuig Páirc Gloria Molina, chuamar isteach trí gheataí slándála. Níor ghá dúinn a bheith ann chomh luath, mar bhí polaiteoirí áitiúla agus aoichainteoirí de chuid ceardchumann éagsúil ar an stáitse le linn na maidine. Chuamar amach ag lorg bia tar éis tamaillín, mar bhí scuainí fada ag fanacht ar na carranna lónadóireachta agus ar na leithris inaistrithe. Bhí an t-ádh dearg orainn, mar fuaireamar cúirt bhia gar don pháirc, agus bhí lón deas againn roimh theacht ar ais.
Thosaigh na príomhimeachtaí i ndáiríre ag a haon a chlog tráthnóna, nuair a tháinig Joan Baez ar an stáitse. D’oscail sí leis an amhrán tíre “Ain’t Gonna Let Nobody Turn Me Around,” agus bhí an slua ag liúireach go hanamúil nuair a chan sí liricí nua ag rá “Ní ligfidh mé d’aon fhoirchinigh gheala mé a chasadh timpeall” agus “Ní ligfidh mé do na billiúnaí gránna sin mé a chasadh timpeall.” Lean sí le “There But For Fortune,” chomh maith le clúdach corraitheach ar “Imagine” le John Lennon.
Chuir Baez a dímheas in iúl do riarachán Trump an mhí seo caite, nuair a bhí sí mar aoi ar an gclár teilifíse “Everybody’s Live With John Mulaney” le John Mulaney agus dúirt sí “go bhfuil ár ndaonlathas ag dul trí thine!”
Tháinig an t-amhránaí is scríbhneoir Maggie Rogers ar an stáitse ansin, agus chan sí “Different Kind of World”, “Light Ón” agus “Alaska”. Tháinig Baez ar ais chun an stáitse agus chan siad “America the Beautiful” le chéile.
Fuair Neil Young an seal roimh AOC agus Sanders, ag teacht amach lena ghiotár leictreach agus a orgán béil, ag canadh leis an slua “Tóg America ar ais” (Take America back) agus cumhachtchordaí á seinm aige ar an ngiotár. Sheinn Young “Rainbow of Colours”, “Take America back” arís, agus ag deireadh a léiriú chan sé “Rockin’ in the Free World” le Baez.
AOC agus Bernie
Ansin bhí sé in am do AOC teacht ar an stáitse. Níor chuir sí fiacail ann, ag rá gur am scanrúil é seo. “Táimid ag féachaint ag comharsana, mic léinn agus cairde ag cailliúint a bpoist; tá siad á gciapadh agus fiú fuadaithe ag an rialtas.” Dúirt sí freisin go bhfuil cumhacht, cíocras agus caimiléireacht ag glacadh seilbh ar an tír faoi láthair i slí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana.
Nuair a tháinig Bernie Sanders ar an stáitse, bhíomar go léir ar bís. Dúirt sé linn go raibh 36,000 dúinn i láthair, rud nár mhaith le Trump agus Musk a fheiceáil. “Is ré é seo ina bhfuil an páirtí Poblachtánach ina chultas, ag géilleadh do gach mian atá ag Trump,” a dúirt Sanders linn, ag cur leis go bhfuil riarachán Trump anois “ag beartú conas is féidir leo $1.1 trilliún a thabhairt mar bhuntáistí cánach don lucht airgid”. Dúirt sé freisin gur ré fíorchontúirteach atá ann faoi láthair, agus go mbeidh tionchar nach beag ag ár bhfreagra, ní hamháin orainn féin, ach ar na glúine atá le teacht. Dúirt sé cúpla rud eile a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. “Níl mé ag rá a thuilleadh go bhfuil muid ag bogadh i dtreo na holagarcachta, táim ag rá go bhfuil muid anois ag maireachtáil i sochaí olagarcachta.” Dúirt sé freisin “Inár ndaonlathas, ní mór dúinn stop a chur le billiúnaithe a bheith in ann toghcháin a cheannach!”
Conclúid
Sin ach cúpla sampla beag as a raibh le rá ag AOC agus Bernie Sanders, ach rinne mé iarracht bunbhrí a n-óráidí a chur in iúl duit. Níl mé in ann na mothúcháin a mhíniú duit, ach an oiread. Ach bhíomar thuas seal thíos seal, idir gháire agus ghol, agus na mothúcháin ag rith tharainn go léir a bhí i láthair. Ach tríd is tríd, b’eispéireas spreagúil é dúinn go léir a d’fhreastail ar an slógadh seo. Nílimid inár n-aonar, agus nílimid gan chumhacht. Ach is gá dúinn go léir seasamh suas gach uair a fheicimid rud mícheart á dhéanamh ag an rialtas, agus cur ina choinne i ngach slí dhleathach is féidir linn. Go háirithe, nuair a bheidh an deis againn vóta a chaitheamh sna toghcháin mheántéarma an bhliain seo chugainn, tá sé de dhualgas ríthábhachtach orainn an chumhacht sin a úsáid chun lútálaithe Trump a chaitheamh amach as Teach na nIonadaithe agus an Seanad, agus ionadaithe agus seanadóirí nua a chur i gcumhacht – daoine a bheidh ag troid ar ár son, agus ní ar son na n-olagarcaí.