Siar i lár mhí Iúil 2020, tharraing alt ar an suíomh www.fee.org (Fondúireacht Oideachas Eacnamaíochta) m’aird. Suíomh liobraíoch é sin, agus níl ann ach bolscaireacht na heite deise faoi scáth an oideachais. Ach mar fhondúireacht oideachais tá siad in ann lamháltas cánach a fháil ó Rialtas sna Stáit Aontaithe. Ní gá dom a rá nach n-aontaím le dearcadh na heagraíochta seo, mar níl ar an suíomh sin ach bréaga ar fad! Mar shampla, tá gach saghas raiméis ann faoin athrú aeráide.  Faigheann an eagraíocht sin maoiniú ón eite dheis – fondúireachtaí Charles Koch mar shampla.  Míchaoithiúlacht mhór dóibh is é an daonlathas, agus ba mhaith leo é a tharraingt anuas agus rialtas forlámhach a chur ina áit.

Ar aon nós, baineadh geit asam leis an alt sin, a chríochnaigh mar seo: “Ar an dea-uair, níl sé ródhéanach dúinn a fhoghlaim ó na botúin a rinneamar. Ar dtús, áfach, caithfimid glacadh leo.”

Cad faoi a bhfuil mé ag caint, an ea?

Bhuel, bhí an t-údar Jon Miltimore ag maíomh go raibh an ceart ag an tSualainn agus a eipidéimeolaí Anders Tegnell leis a bpolasaí liobrálaí a chuir siad i bhfeidhm i mí an Mhárta chun dul i ngleic leis an víreas agus ba chóir dóibh an rud céanna a dhéanamh sna Stáit Aontaithe agus i ngach tír. Dar le Anders Tegnell, ní raibh ach dhá rud le déanamh. Ní mór daoine leochaileacha a chosaint, agus ní foláir do dhaoine a bhfuil siomptóim fliú orthu fanacht sa bhaile. “Má leanann tú an dá riail seo, ní gá bearta breise a dhéanamh,” ar seisean. Chreid sé go mbeadh imdhíonacht tréada ag daonra na tíre roimh i bhfad, agus mar sin bheadh an tír buailte leis an dara maidhm de COVID-19.  Chreid sé freisin go leanfadh an saol sóisialta agus cúrsaí eacnamaíochta sa tír ag an ngnáthleibhéal.  

Is fiú a lua gur ar a chomhairle féin amháin a bhí Tegnell. Bhí beagnach gach tír eile ag éisteacht le cad a bhí le rá ag formhór na saineolaithe eipidéimeolaíochta. Mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) go láidir ordaithe dianghlasála a úsáid mar uirlis chun smacht a fháil ar scaipeadh an víris; scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm agus maisc a chaitheamh nuair nach féidir fanacht amach ó dhaoine eile; do lámha a ní go minic; agus áiteanna plódaithe a sheachaint ar fad, go háirithe taobh istigh.  

Cé acu a bhfuil an ceart?  Ceapaim go bhfuil an freagra an-soiléir anois!  Bhí an cheannlíne seo ar an ‘Wall Street Journal’ le déanaí: “Go láidir in aghaidh srianta láidre le fada, an turgnamh COVID-19 críochnaithe ag an tSualainn anois.”

Bhuail an dara maidhm san fhómhar agus bhí sé go huafásach! I mí Deireadh Fómhair bhí ar Tegnell a admháil nach raibh aon chomhartha den imdhíonacht tréada ann a raibh sé ag súil leis. Ansin, ar an 22 Deireadh Fómhair, labhair Príomh-Aire na Sualainne, Stefan Löfven go mothúchánach ar an teilifís, agus d’impigh sé ar mhuintir na tíre cruinnithe neamhriachtanacha a chur ar ceal. D’fhógair sé go mbeadh cosc ar níos mó ná ochtar a chruinniú le chéile, agus go mbeadh meánscoileanna ag dúnadh.  

Fuair a lán daoine bás ón víreas sa tSualainn go dtí seo níos mó ná 7,000 duine, i gcomparáid le níos lú ná 2,000 duine go hiomlán idir an Danmhairg, an Fhionlainn agus an Iorua. Níorbh aon timpiste é sin, mar níl dabht ar bith ach go raibh na polasaithe a bhí molta ag Tegnell go huafásach agus is é sin an fáth go bhfuair a lán daoine bás gan ghá.

Mar gheall ar gheilleagar na Sualainne, ní raibh aon tairbhe le baint as straitéis Tegnell, ach an oiread. an Danmhairg, an Fhionlainn agus an Iorua ag déanamh chomh maith nó níos fearr ná an tSualainn ó thaobh an gheilleagair de.  Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil muintir na Sualainne ag cailleadh muinín in údaráis agus rialtas na tíre, agus ag iarraidh orthu cén fáth nár ghlac siad leis an gcur chuige a bhí ag an chuid eile den domhan sa chéad áit.

Sin í an cheist ar theastaigh ón Wall Street Journal a chur ar Tegnell freisin, ach iontas na n-iontas, dhiúltaigh sé glan caint leo.

Agus céard faoi Jon Miltimore, an t-údar mícháiliúil ar www.fee.com ?  Tá sé ciúin le déanaí, rud nach gnách leis ar chor ar bith!

.

.

  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge