“Is mise is fearr,” arsa Giorria go gaisciúil. “Níl duine ar bith in ann mé a shárú – go háirithe toirtís mhall cosúil leatsa!  

Maith go leor, beidh rás mór againn agus feicfimid ansin an bhfuil an ceart agat!” arsa an toirtís. D’eagraíodh rás eatarthu, agus bhí an domhan agus a mháthair ag caint faoi. Ag deireadh thiar thall, tháinig lá an rása agus tháinig slua mór le fianacht a thabhairt ar an ócáid mhór seo. D’ullmhaigh na hiomaitheoirí agus sheas siad taobh thiar den líne thosaithe. “Ar bhur marcanna, faoi réir, imígí! a scread an maor tosaigh agus ansin scaoil sé an gunna tosaithe.

Thosaigh an rás agus rith an Giorria go han-tapa ar fad agus tar éis tamaillín stad sé agus d’fhéach sé siar ar Thoirtís ag siúl go mall.

“Há!” arsa Giorria, “nach ndúirt mé leat nach raibh seans agat?” Ansin thosaigh ag pocléimneach agus ag screadadh go caithréimeach. “Tá an rás caillte agat cheana féin, a Thoirtís, agus is mise an buaiteoir!”

Tar éis a bheith ag rith agus ag léim timpeall, bhí tuirseach ar Ghiorria, agus thug sé néal beag leis.  Thug Toirtís neamhaird do Ghiorria agus lean sé ar aghaidh. Cinnte más go mall féin é, tháinig sé suas leis an ngiorria dímhúinte. Ach níor stad Toirtís ann ar chor ar bith ach lean sé ar aghaidh céim ar chéim.  Nuair a bhí Toirtís ag druidim ar an gcríochlíne, dhúisigh Giorria. Bhuail uafás é nuair a thuig sé nach raibh sé in ann an rás a bhuachan, agus tháinig cochall air.Níl ionat ach séitéir!” a scread Giorria in ard a chinn agus a ghutha. “Bhí an rás thart nuair a stad mise ag rith!”

“Níl an rás thart fós, a Ghiorria,” arsa Toirtís, “beidh an rás críochnaithe nuair a thrasnaítear an chríochlíne!  Brostaigh ort anois agus ná bí ag gearán!”

Tá tú ag goid an rása anois, agus iarrfaidh mé ó na hoifigigh go rithfí an rás arís – níl ionat ach rógaire na bhfocal cam!” a bhúir Giorria go stuacach.

Ach ní raibh Toirtís ag éisteacht, mar bhí sé róghnóthach ag siúl trasna na líne. Nuair a bhí gach páirt dá chorp ar an taobh eile den líne, lig an lucht féachana na gártha molta astu. Bhí a lán daoine an-sásta gur bhuaigh Toirtís an rás. Ach ní raibh Giorria sásta ar chor ar bith.

“Bhuaigh mise an rás – tá an chríochlíne taobh thiar dom – féach! Cá bhfuil na hoifigigh? Tar anseo agus taispeáin do gach duine an líne anseo, taobh thiar dom.” Bhí Giorria ag scréachach agus é ar deargbhuile. Ach ní raibh aon duine ag éisteacht le Giorria níos mó, mar bhí siad go léir róthógtha leis an mbua gan choinne a bhí ag Toirtís.

“Tá seaimpín nua againn,” arsa an tráchtaire go sceitimíneach ar an gcóras fógartha poiblí.  

Agus cé go raibh an rás críochnaithe agus seaimpín nua ann, níor ghlac Giorria leis an bhfírinne, mar chreid sé go diongbháilte nárbh fhéidir leis cailleadh riamh! Ach níor aontaigh na hoifigigh leis, agus mar sin bhronn siad an Corn ar Thoirtís.

“Tá an-áthas orm an bua sin a bhaint amach, agus an Corn iontach seo a ghlacadh”, a thosaigh Toirtís. “Is linn go léir an Corn seo!” D’ardaigh Toirtís an Corn san aer agus bhuail a lucht féachana a mbosa le chéile le gliondar. Lean sé ar aghaidh. “Níos tábhachtaí ná sin, léiríonn an bua nach bhfuil rud ar bith nach féidir linn a dhéanamh nuair atá muid meáite air. Táim cinnte nach raibh aon duine ag súil go mbuafainn an rás sin – ach amháin mé féin, b’fhéidir! Smaoinígí ar na féidearthachtaí iontacha atá againn go léirmar má tá toirtís in ann rás a bhuachan in aghaidh giorria, níl aon tasc dodhéanta sa domhan! Ach ní de thimpiste a bhuaigh mé agus roinnfidh mé rún mo ratha libh anois. Bíodh aidhm agaibh a gcreideann sibh ann go huile agus go hiomlán. Bíodh plean agaibh ar conas an aidhm sin a bhaint amach. Ar deireadh agus an rud is tábhachtaí ar fad cuirigí bhur bplean i bhfeidhm céim ar chéim, agus ná géill go deo go dtí go sroicheann sibh bhur gceann scríbe! Sin an méid!” Sheas an slua agus thug bualadh bos mhór do Thoirtís. Bhí an slua ríméadach, gach duine ach amháin Giorria! Agus céard faoi? Bhuel, tá foireann iomlán dlíodóirí ina thimpeall, agus níor admhaigh sé fós gur chaill sé an rás!

.

.

.

.

gaGaeilge