Le déanaí, thug Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Ursula von der Leyen, a haitheasc bliantúil ar Staid an Aontais 2022. Is iontach an rud é go raibh an óráid seo le fáil i nGaeilge comhuaineach leis an mbunleagan. Tá sé ar fáil ar líne anseo: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/speech_22_5493.

Molaim duit é a léamh! Seo mo chúig bhuaicphointe as a hóráid!

An misneach chun seasamh lenár laochra

Go luath san óráid, dúirt von der Leyen go neamhbhalbh: “Ní hamháin gur cogadh é seo atá an Rúis a fhearadh i gcoinne na hÚcráine.  Is cogadh é i gcoinne ár bhfuinnimh, i gcoinne ár ngeilleagair, i gcoinne ár luachanna agus i gcoinne ár dtodhchaí.  An t-uathlathas i gcoinne an daonlathais.  Agus mé i mo sheasamh anseo, is é mo thuairim láidir go dteipfidh ar Putin agus gur ag an Eoraip a bheidh an lá, a bhuí lenár misneach agus dlúthpháirtíocht.

Mhol sí muintir na hÚcráine ansin: Inniu tá eiseamláir uathúil den mhisneach againn, agus is í an Úcráin an eiseamláir sin.” Agus chuir sí béim ar an gcaidreamh idir an Úcráin agus an AE: “Gura fada buan an Úcráin, tír lán laochra Eorpacha. Slava Ukraini!  Is buanseasmhach an dlúthpháirtíocht a bheidh idir an Eoraip agus an Úcráin go deo.

Ní mór dúinn fáil réidh leis an spleáchas

Is é an spléachas atá i gceist anseo ná spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis.  

Dá bharr sin,” arsa von der Leyen, “tá praghsanna gáis 10 n-oiread níos airde ná mar a bhí siad roimh an bpaindéim.  Tá na milliúin gnólachtaí agus na milliúin teaghlach ag streachailt le greim a choinneáil faoin bhfiacail.  Sin an fáth a bhfuil bearta á gcur chun cinn againn chun go laghdóidh na Ballstáit a dtomhaltas leictreachais foriomlán.” Ansin, leag an tUachtarán síos pleananna chun smacht a chur ar phraghsanna leictreachais.

Ullmhú don todhchaí ó thaobh fuinnimh de

Dúirt von der Leyen go raibh a lán ar siúl san Eoraip maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta (sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt), maidir le grianphainéil den dearadh nua (sa tSicil), agus go háirithe maidir le traenacha a úsáideann hidrigin ghlas mar bhreosla. Dar léi, féadfaidh an hidrigin margadh na hEorpa a athrú ó bhonn. Seo a dúirt sí: Ní mór dúinn margadh mór a dhéanamh den hidrigin seachas margadh nideoige.  Ar an ábhar sin is féidir liom a fhógairt inniu go bhfuilimid chun Banc Eorpach Hidrigine nua a chur ar bun.  Beidh an Banc in ann €3 bhilliún a infheistiú chun margadh na hidrigine a bheidh ann amach anseo a fhorbairt.  

Beidh sé an-suimiúil a fhéachaint cén chaoi a n-éireoidh leis an bhfiontar sin.

An fód a sheasamh ar son ár nDaonlathais

Gheall von der Leyen go rachadh sí i ngleic leis na bagairtí ón taobh istigh le pacáiste um Chosaint an Daonlathais. Ní ligfimid do chapaill adhmaid de chuid aon uathlathais ionsaí a dhéanamh ar ár ndaonlathais ón taobh istigh,” a dúirt an tUachtarán go teanntásach.

Mar is eol do chách, tá an tAontas tar éis a streachailt chun aghaidh a thabhairt ar chúlshleamhnú daonlathach i roinnt Ballstát, go háirithe an Pholainn agus an Ungáir.

Cé nár luaigh an tUachtarán aon bhallstát go háirithe, dúirt sí go leanfaidh íocaíochtaí faoi chomhbhuiséad an AE de bheith nasctha le neamhspleáchas breithiúnach agus an smacht reachta.

Athsmaoineamh ar ár bpolasaí eachtrach

“Is é seo an t-am chun infheistíocht a dhéanamh i gcumhacht ár ndaonlathais, arsa von der Leyen. Ba cheart go dtosódh an iarracht seo, a dúirt sí, i ngarchomharsanacht an bhloic.  “Ba mhaith liom go mbeadh a fhios ag muintir na mBalcán Thiar, na hÚcráine, na Moldóive agus na Seoirsia: is cuid dár dteaghlach tú, is tú todhchaí ár gceardchumann, agus níl ár n-aontas iomlán gan tú,” a dhearbhaigh sí.

Chaith von der Leyen a tacaíocht taobh thiar den smaoineamh Comhphobal Polaitiúil Eorpach a bhunú, tionscnamh ar mhol Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron é.

“Ós rud é go bhfuilimid dáiríre faoi aontas níos mó, ní mór dúinn a bheith dáiríre faoin athchóiriú,” a dúirt .

“Mar sin, mar a d’iarr an Pharlaimint seo, creidim go bhfuil an t-am tagtha do Choinbhinsiún Eorpach.”

Conclúid

Chuir von der Leyen go leor feola ar chnámha a bpleananna mar gheall ar thodhchaí an Aontais.  Ráiteas físe a bhí ina hóráid agus má fhíoraítear a fís, beidh an tAontas Eorpach níos neamhspleáiche, níos cumhachtaí agus níos ceannasaí ar an ardán domhanda ná riamh.  Bheadh cothromaíocht nua cumhachta i bhfeidhm san Eoraip agus sa domhan mór, agus leis sin bheadh seans b’fhearr ann go bhfanfaidh ár gcóras daonlathais faoi bhláth le fada an lá.  

Gura fada buan an AE!

.

gaGaeilge