.

“Caithfidh mé a rá nach bhfuil foighne ar bith agam le hamadáin.  Táthar ann den tuairim go bhfuil an domhan cothrom – an féidir leat é sin a chreidiúint, a Mhichíl?” arsa Séimí an Droichid.

Bhíomar ar ais ag an Smugairle Róin don chéad uair ó thosaigh an pandéim COVID-19.  Roghnaíomar bord taobh amuigh, mar is fearr glas ná amhras.  Cé go rabhamar vacsaínithe, chuir an cineál Delta den choróinvíreas bac ar chúrsaí.  Ach ní gearánta dúinn, agus bhíomar an-sásta a bheith in ann bualadh le chéile agus deoch bheag a bheith againn.  Bhíomar ag súil le freastalaí difriúil, ach ba bheag an baol.  Chomh luath is a fuair sé amharc orainn ag teacht, bhéic Tóin Mhór inár dtreo: Fáilte a fheara, is fada an lá ó chonaic mé sibh.  Cad is féidir liom a fháil daoibh?”

“Cúpla pionta pórtair, a chara!” a d’fhreagair mé.  “Seo anois, a Shéimí, níl ach cúpla gealt a chreideann raiméis mar sin.  I gcead duit, a mhac, ach scéal áibhéalach atá ann.”  Díreach as é sin ráite agam, bhí a fhios agam go raibh botún mór déanta agam.

“Seo daoibh anois, cúpla deoch!” arsa Tóin Mhór, agus leag sé ár bpiontaí ar an mbord os ár gcomhair.  “Nach aoibhinn dúinn go léir a bheith in ann bualadh le chéile arís?”

“Tá sé beagán dochreidte!” a d’fhreagair Séimí.  “Caithfidh mé a rá go bhfuil mé amhrasach faoin tsaoirse sin, agus b’fhéidir gur saoirse bhréige atá i gceist, agus cuirfear faoi dhianghlasáil muid arís sula i bhfad!” 

“B’fhéidir go bhfuil an ceart agat, a Shéimí,” arsa Tóin Mhór, “agus b’fhéidir nach bhfuil!  Cogar, ní mhaireann faic i bhfad, an pandéim san áireamh!  Caithfimid a bheith dearfach, i mo thuairim, agus taitneamh a bhaint as gach lá a bhfuil an tsaoirse seo againn!”

D’imigh Tóin Mhór ansin agus deifir air – bhí an Smugairle Róin plódaithe le daoine anois, agus ní raibh suíochán folamh fágtha.

“Seans go bhfuil an ceart ag Tóin Mhór, a Mhichíl, ach níl an ceart agatsa ar chor ar bith,” arsa Séimí. 

Bhí súil agam go raibh dearmad déanta ag Séimí ar mo ráiteas amaideach, ach Diabhal seans! 

“Tá tú gearrtha amach ón saol, a Mhichíl, má cheapann tú nach gcreidfeadh roinnt mhór daoine i ngach saghas seafóid.”

Bhí orm mé féin a chosaint anois, mar bhí mé faoi ionsaí. 

“Ní aontaím leat, a chara,” arsa mise.  “Ba cheart duit an t-aitheantas cuí a thabhairt do dhaoine, agus cé go bhfuil amadán anseo agus ansiúd, tá formhór mór an phobail in ann idirdhealú a dhéanamh idir finscéal agus fíorscéal.”  Anois, cheap mé, b’fhéidir go mbeadh an lámh in uachtar agam.

Ní raibh aon deifir ar Shéimí, mar bhí sé cinnte anois go raibh an baoite glactha agam, agus tharraingeodh sé isteach mé go foighneach.

“A Mhichíl, ní chreideann daoine rudaí toisc go bhfuil siad fíor.  Creideann siad na rudaí a dhearbhaíonn a gcruinneshamhail.  An aontaíonn tú leis sin, a mhac?”  Bhí Séimí ag iarraidh mé a mhealladh isteach i ngaiste, gan dabht, is cuma mo fhreagra. 

“B’fhéidir go raibh sé mar sin sa Mheánaois,” a dúirt mé go misniúil, “ach níl sé mar sin níos mó, leis an gcóras oideachais agus an tsochaí theicneolaíochta sa lá atá inniu ann.”  Sin, bhí sé ráite agam agus ní raibh aon dul siar agam air anois.  Chuir mé ar Shéimí beart a dhéanamh de réir a bhriathair.  D’ól mé súimín as mo ghloine bheorach, a bhí ag éirí bogthe anois.  Ach bhí tart orm, agus mhúch sé mo thart ar a laghad.

“Céard faoin Eaglais Chaitliceach?  Mar shampla, creideann Caitlicigh in a lán rudaí nach féidir a chruthú gur fíricí iad – Dia, an Diabhal, Neamh agus Ifreann, Aingil agus Naoimh agus Sacraimintí chun gan ach cúpla ceann a lua.  Mínigh é sin dom, a Mhichíl?” 

Mhothaigh mé mo sceadamán ag teannadh ansin, mar nach raibh an ceart ag Séimí?  Bhí sé deacair easaontú leis.  Ach mar go raibh mé sáinnithe, rinne mé iarracht éalú, ar aon nós.

“Ní mar an gcéanna iad reiligiún agus eolaíocht, a Shéimí.  Maireann siad go síochánta taobh le chéile, gan neamhréiteach eatarthu.  Tá an eolaíocht ag míniú rudaí fisiceacha dúinn, agus tá an reiligiún ag míniú rudaí spioradálta dúinn.  Mar shampla, níl an eolaíocht in ann cruthú nach bhfuil Dia nó Diabhal ann.  Mar sin, níl mé in ann aontú leat, a Shéimí!” 

“Pointe maith a Mhichíl, agus tá an ceart agat leis na samplaí sin – fíor-dhrochshamplaí a roghnaigh mé, gan dabht.  Lig dom sampla eile a phlé leat anois, a mhac, agus ansin feicfidh tú an fhadhb atá i gceist!”

.

.

gaGaeilge