Nach bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil bliain ár dTiarna 2022 ar an dé deiridh, ach sin mar atá!  Is tráth machnaimh agus cuimhnimh é agus muid ag breathnú siar ar an mbliain atá ag imeacht, agus ag an am céanna ag tnúth leis an mbliain úr atá ag síneadh romhainn amach anois.  Saghas tairsí atá i gceist agus muid idir an dá linn.  Is tráth comóraidh agus ceiliúrtha é freisin, agus muid ag fágáil slán ag an bhliain caite agus ag fáiltiú roimh an mbliain úr.

Bliain eachtrach ba ea 2022, inar tharla go leor rudaí tábhachta ar fud an domhain.  Níl an spás agam go leor a scríobh sa spás atá agam, agus mar sin liúfaidh mé cúpla ceann a chuaigh i bhfeidhm go mór orm, agus go háirithe cinn nár scríobh mé mórán fúthu i rith na bliana.  Cé go raibh go leor rudaí a tharla i 2022 ar an taobh diúltach den scéal, tharla go leor rudaí dearfacha freisin.  Rinne mé cinneadh m’aird a dhíriú go heisiach inniu ar chúrsaí ealaíne agus spóirt, mar nach rudaí dearfacha iad sin den chuid is mó?  Ní hé seo an t-am le bheith dhiúltach – mar sin, níl aon tagairt do chúrsaí polaitíochta, do chogaí, do bhoilsciú, do théamh domhanda agus araile!   Gan a thuilleadh moille, seo cúpla buaicphointe sna healaíona agus i spóirt a chuaigh go mór i bhfeidhm orm féin i 2022.

Scannáin iontacha

Tháinig roinnt mhaith scannán amach le stiúrthóirí agus aisteoirí as Éirinn – ‘An Cailín Ciúin’ (as Gaeilge) agus ‘The Banshees of Inisherin’ (as Béarla) san áireamh.  Scríobh mé léirmheasanna fúthu i rith na bliana sa cholún seo.  Is aoibhinn liom ‘An Cailín Ciúin’, bunaithe ar an leabhar iontach ‘Foster’ le Claire Keegan.   

Leabhair

Foilsíodh roinnt mhaith leabhar iontach le húdair Éireannacha sa bhliain 2022, idir Ghaeilge agus Bhéarla.  Níl mé in ann iad go léir a lua anseo, ach thosaigh mé ag léamh cúpla ceann dóibh agus tá siad thar bharr go dtí seo.  Níl dabht ar bith ach go mbainfidh mé sult astu.  Cén leabhair?  Leabhair Béarla: ‘We Don’t Know Ourselves: A Personal History of Modern Ireland’, le Fintan O’Toole agus ‘Surrender: 40 Songs, One Story’, le Bono.  Leabhair Gaeilge: ‘Madame Lazarre’, le Tadhg Mac Dhonnagáin.  Scríobhfaidh mé léirmheasanna faoi na leabhair seo tar éis dom féin iad a chríochnú.

Cúrsaí Spóirt

Bliain iontach a bhí ann ó thaobh spórt de.  Faoi dheireadh, bhí tionchar na paindéime laghdaithe go mór, ionas go rabhamar in ann freastal ar imeachtaí spóirt arís.  Sa cholún seo, níl spás agam na buaicphointí go léir a lua, agus roghnaigh mé píosa nuachta náisiúnta agus píosa nuachta idirnáisiúnta a raibh tionchar mór acu orm.

Cúrsaí spóirt Náisiúnta – Iománaíocht

D’éirigh Brian Cody as mar bhainisteoir ar iománaithe Chill Chainnigh. 24 bliain a thug sé don chúram agus 11 craobh uile-Éireann á bhuaigh a chuid foirne.  Ar an drochuair, sháraigh Luimneach Cill Chainnigh i gcluiche ceannais 2022, an cluiche ceannais deireanach do Bhrian.  Rinne foireann na gCat a seacht ndícheall sa chluiche sin, agus cé gur throid siad le díocas agus le croí, bhí Luimneach níos fearr ar an lá! 

In ainneoin sin, níl aon dabht faoi ach gurb é Brian Cody an bainisteoir is rathúla agus is fearr i stair na hiomána.  Caithfimid a oidhreacht a cheiliúradh agus is rud dearfach é sin.  Go maire tú an céad, a Bhrian Cody!

Cúrsaí spóirt Idirnáisiúnta – Sacar

Tharraing Corn Sacair an Domhain 2022 i gCatar go leor conspóide ó thaobh cearta daonna de ar dtús, ach chomh luath is a thosaigh na cluichí, rinne daoine dearmad ar na cúrsaí sin, agus bhí siad dírithe go hiomlán ar an sacar.  Ní aon ionadh é sin – Corn iontach a bhí ann – b’fhéidir an ceann is fearr riamh.  Cé gur chuir go leor torthaí ionadh orainn, ba é an cluiche ceannais sméar mhullaigh an lae, agus an Airgintín in aghaidh na Fraince.  Bhí an cluiche beagnach críochnaithe agus an Airgintín chun tosaigh 2 in aghaidh 0, nuair a ghéill an Airgintín cic pionóis gan ach beagnach 20 nóiméad fágtha ar an gclog.  Lasc Kylian Mbappé an liathróid isteach i gcúl an líontáin, agus thosaigh an cluiche i ndáiríre ansin!  Bhí coimhlint ghéar sa chluiche as sin amach, le Messi ón Airgintín in aghaidh Mbappé ón Fhrainc, ó thaobh scóráil de.  Chuaigh an cluiche go ciceanna pionóis, agus scóráil Messi agus Mbappé ar dtús ar son a bhfoirne.  Ach ansin rinne cúl báire na hAirgintíne Emiliano Martinez sábháil iontach, agus ní raibh an Fhrainc in ann teacht suas leis an Airgintín arís.  Bhuaigh an Airgintín agus a laoch náisiúnta, Lionel Messi.

Athbhliain faoi mhaise dár léitheoirí go léir!

.

gaGaeilge