Tá sé de nós againn sa cholún seo slán a fhágáil ar an mbliain atá ar tí báis agus fáilte a chur roimh an Athbhliain atá le tíocht! Chomhlíon m’athair an dualgas sollúnta sin le blianta fada nuair a bhí sé beo, agus cheap mé mar sin go mbeadh sé oiriúnach colún dá chuid a athfhoilsiú ina chuimhne ag an am machnaimh speisialta seo.  Seo mar a scríobh sé.   

Nollaig eile imithe uainn isteach trí shúil dhroichead an ama. Agus bíodh gur tráth ceiliúrtha agus spraoi é, tá súil agam, ag an am gcéanna, gur chaith sibh súil uaibh siar thar na blianta atá caite againn, go nuige seo, ag taisteal linn ar oilithreacht mhór achrannach na beatha. Is tráth freisin é le cuimhneamh ar na cairde a cailleadh, fan na slí. Ach, ní chuige sin amháin atá mé, an babhta seo, ach mo shúil romham agam ar an mbliain atá ag síneadh romhainn amach anois, agus í ag fanacht ar thairseach an tí, réidh le bualadh isteach chugainn, agus guím an tseanghuí arís oraibh, uair amháin eile. “Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine againn, bliain ó inniu.” Anois, agus muid ag seasamh ar bhruach na hathbhliana, nár chóir dúinn, i dtosach báire, slán a fhágáil leis an tseanbhliain agus í anois ag saothrú an bháis, lei fhéin, agus í ag snámhaíl lei, ar a ceithre bhonn, isteach i leabhair na staire. Céard is féidir linn a rá fúithi, sul a n-imí sí uainn? Ní féidir linn dul thar fóir á moladh, ach bíodh nárbh í an bhliain ab fhearr a casadh inár líon, ag an am gcéanna, níorbh í ba mheasa! Is fíor nach raibh cúrsaí polaitíochta anseo agus thar lear thar mholadh beirte le linn saolré na bliana atá ar leaba a báis anois, ach ag an am gcéanna nár chóir dúinn a bheith buíoch, beannachach, go bhfuil muid beo fós, agus muid ag treabhadh linn go rábach i ngort guaireach na beatha.

in Athbhliana

Bhíodh sé de nós agamsa, thar na blianta atá caite, rúin athbhliana a dhéanamh, thart ar an am seo, chuile bhliain, agus mé ag ligint orm, go raibh fúm bheith im naomh ar thalamh san athbhliain! Ar éirigh liom beart de réir mo bhriathair a dhéanamh? Ag rámhaillí atá tú! Níor éirigh muis! Nó bhíodh na rúin chéanna briste basctha agam gan mórán achair. Nílim ag moladh anois go gcuirfí deireadh le déanamh na rún céanna sin, nó is maith ann iad, do dhaoine áirithe, sé sin, do dhaoine a dteastaíonn uathu siúl feasta i dtreo eile ar fad, agus sa chás sin, go hiondúil, éiríonn le fear déanta na rún sin a leas a dhéanamh. Agus arís, nílimse ag maíomh nach bhfuil fúm fhéin cúrsaí ar bith a athrú, teacht na hathbhliana seo. Níl, muis! Mar, déanta na fírinne, tá socraithe agam in intinn leanúint liom ag scríobh na bpíosaí seo, don Kilkenny People, chomh fada is atá Eagarthóir oilte an tsárnuachtáin seo sásta spás a chur ar fáil dom, agus cuir le sin, go bhfuil mé meáite anois ar labhairt amach níos dána agus níos fórsúla ná mar a dhein mé, go nuige seo. Tá socraithe agam freisin, súil ghéar a choinneáil ar chúrsaí na teanga, agus ar chúrsaí polaitíochta, frí chéile, sa bhliain atá romhainn amach.

Cuimhní ar fán

Ní call dom a rá, go dtéann mo chuimhní ag fánaíocht leo, siar thar na blianta atá imithe uainn isteach trí shúil dhroichead an ama, an tráth seo bliana, siar freisin, ar na nósanna a bhíodh againn le linn domsa bheith ag éirí aníos in Iorras na nIontas, sea agus cuimhním freisin, ar na daoine a raibh aithne agam orthu agus atá anois imithe leo ar Shlí na Fírinne. Leaba i measc na Naomh go raibh acu go léir. Agus ó tharla gur chaith mo Dhaid agus a chompánaigh seal ag sclábhaíocht leo in Albain, thugadar leo abhaile go hÉirinn nósanna Albanacha ar nós na “First Footers”, faoi mar a thugtaí ar an gcéad duine a thiocfadh thar do thairseach isteach, Lá Coille. Sea, agus scéalta an “Haggis” freisin. Minic a shiúl mé leo, ina scéalta, trí shráideanna na “Gorabals” faoi mar a thugaidís ar an dúthaigh cathrach sin i gcathair Ghlascú. Ach leor sin don turas seo. Níl le déanamh agamsa anois ach, Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise a ghuí oraibh uilig, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.

.

.

.

gaGaeilge