Tá meachán fianaise doshéanta ann gur tír iar–chaitliceach atá againn sa lá atá inniu ann! Nach bhfuil sé sin dochreidte don tír a thugtar Oileán na Naomh agus na n-Ollúna uirthi le fada. Tá sé dochreidte freisin nuair is cuimhne dúinn go raibh timpeall dhá mhilliún go leith ag freastal ar na hócáidí a bhí ar siúl ar fud na tíre nuair a tháinig an Pápa Jean-Paul II ar chuairt anseo sa bhliain 1979! I mbealach, ba é cuairt an Phápa ansin deireadh ré órga agus tús fíor-mheatha na hEaglaise in Éirinn.
Nuair a tháinig an Pápa Francis ar chuairt go hÉirinn an bhliain seo caite, tháinig sé ar thír athraithe, mar bhí meath mór tagtha ar an Eaglais in Éirinn. Mar shampla, bhí beagnach a deich n-oiread ag freastal ar Aifreann an Phápa sa bhliain 1979 ná mar a bhí sa bhliain 2018!
Cad a tharla?
Toradh é ar go leor rudaí éagsúla a bheith ag teacht le chéile, ní amháin in Éirinn, ach ar fud an domhain freisin. Tá cúiseanna domhandú cultúrtha, geopholaitíochta, eacnamaíochta, déimeagrafaigh agus uirbiú tábhachtach ann, gan dabht. Ach cibé dóigh a n-amharclann tú air, níl mórán dabht ach go ndearna na scannail eaglaisí an drochscéal níos measa, agus bhí sé mar bhuille maraithe na muice. Níl aon ghanntanas anailíse ar an ábhar sin, agus níl mé chun dul siar ar chúiseanna an mheatha eaglaise anseo. Tá an bhéim anseo ar an meath féin agus a thionchar ar ár gcultúr agus ár dteanga.
Cá bhfuil muid anois?
Sna seachtóidí, d’fhreastal níos mó ná nócha faoin gcéad daoine ar an Aifreann, ach anois freastalaíonn timpeall tríocha trí faoin gcéad, agus in Ard-deoise bhaile Átha Cliath, titeann an uimhir sin go níos lú ná fiche faoin gcéad.
Bhí níos mó ná sé míle gnáthchléir i 1979, ach anois níl ach timpeall trí míle, le meánaois os cionn seachtó bliain d’aois acu! Toisc go bhfuil easpa mhór sagairt ann, ní mór don Eaglais ciorraithe géara a dhéanamh gach bliain.
Samplaí Léiriúcháin
Tá cúpla sampla agam a thaispeánann cé chomh tromchúiseach is atá an meath seo do Ghaeilgeoirí in Éirinn.
Dún Laoghaire: Bhí pobal Aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire i ndeisceart Bhaile Átha Cliath míshásta, a deir siad, go bhfuil an Eaglais Chaitliceach ag tabhairt neamhaird ar a n-iarratas Aifreann Gaeilge a chur ar fáil arís sa pharóiste. Bhíodh Aifreann Gaeilge ar siúl gach Domhnach i Séipéal Naomh Micheál ar an mbaile ar feadh leathchéad bliain go dtí arú anuraidh.
Oileáin Árann: Ní raibh ach beirt shagart ag freastal ar na trí oileáin i 2013, ach ag deireadh na bliana fuair sagart amháin bás, agus tar éis sin ní raibh ach sagart amháin fágtha leis an obair sin a dhéanamh. Tar éis sin, bhí air an tAifreann a léamh ar Inis Mór gach Satharn sa tráthnóna agus gach Domhnach ar maidin. Tar éis Aifreann an Domhnaigh, bhí air dul ar bhád go dtí Inis Meán seachtain amháin nó Inis Oírr an tseachtain eile, chun Aifreann eile a léamh.
An Rinn: Bhí alt ag Katherine Foley ón Rinn le déanaí (‘Tuairisc.ie’) ina ndúirt sí: ‘ Deireadh ré a dúirt cuid mhaith daoine nuair a tháinig siad amach ó Aifreann an Domhnaigh i Séipéil San Nioclás i nGaeltacht na Rinne an Domhnach seo caite.’ Agus: ‘Ní léifear an tAifreann anseo gach maidin Domhnaigh feasta.’ Dúirt sí freisin: ‘Beidh sé aisteach dul thar theach an tsagairt i mBaile na nGall sa Rinn agus a fhios againn go bhfuil an teach folamh agus an fear é féin imithe chun cónaí sa bhaile mór in éineacht le meitheal sagart, de réir orduithe na deoise. Mura bhfuil Gaeilge ag gach duine acu, ciallaíonn an t-athrú seo go bhfuil seans ann nach i nGaeilge i gcónaí a léifear an tAifreann sa Rinn amach anseo.’
Conclúidí
Insíonn na fíricí an scéal, agus níl an Eaglais Chaitliceach chun méadú in Éirinn go ceann i bhfad, agus b’fhéidir riamh. Ach maireann ár gcultúr agus ár dteanga, in ainneoin na hathruithe móra a thagann orthu ó am go ham. Chun críoch a chur ar an sceál seo, nach nath é seo a fheileann go maith do na cúinsí ná mar a dúirt Tomás Ó’Criomhthain: ‘Ní bheidh ár leithéidí arís ann!’