le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Eachtraigh Dúinn. 16
Tar éis dúinn roinnt ama a chaitheamh ar an gcarr cliathánach úd, ar deireadh thiar thall, shroicheamar Coláiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, i lár Chontae Mhaigh Eo, agus mura raibh ionadh ormsa ar fheiceáil an Fhoirgnimh ríoga sin dom, bhuel, ní lá go maidin é! Foirgneamh mór, ard, galánta, ba ea é, a raibh cuma an airgid agus an tsaibhris air, ó bhun go barr. Ní call dom a rá, nach bhfaca mise tada dá leithéid riamh cheana. Bhí gáirdíní glan-bhearrtha os a chomhair amach, agus oifigí agus seantáin, de chuile shaghas, timpeall an Tí Mhóir. Níor tógadh an foirgneamh céanna sin le bheith ina Choláiste Sagartachta, ach is amhlaidh a bhí an Teach céanna sin mar Árus cónaiathe ag Críostaí díograiseach, ar theastaigh uaidh a chion fhéin a dhéanamh do na misin choigríocha, agus céard a rinne sé ach idir Theach agus fheilm a bhronnadh, scun scan, ar na Misin chun na hAfraice, nó, an SMA, mar a thugtar, de ghnáth, ar an gCumann miseanach sin. Blácach ba ea an fear sin, agus caithfidh go raibh sparán maith teann aige, le fáltas chomh fial, flaithiúil, a chur ar fáil do na misin choigríocha sin. Is dócha gur de bharr na flaithiúlachta céanna sin a deienadh Cunta den Eaglais Chaitliceach Romhánach de, nó ba Chunta é an Blácach sin, Llewellyn, An Cunta, de Bláca.
Ar deireadh thiar, bhí ár gceann scríbe sroichte againn. Bhí sagart ansin romhainn, le fáilte a chur romham agus le mé a stiúradh chun an tSuainleasa. Tugadh leaba dhom istigh sa suanlios céanna sin, seantán ollmhór ba ea an Suanlios céanna, a raibh leapacha do, thart ar thriocha duine ann. Bhí seantán eile taobh leis, a raibh an fhairsinge chéanna ann. Geallaimse dhuit é, nach raibh mórán spáis le spáráil istigh sa Suanlios sin, nó bhí na leapacha sách cóngarach dá chéile ann. Bhí scaraoid bhán ar chuile leaba acu sin, agus ciumhais scothógach ar chuile scaraoid acu sin. ar na ballaí bhí pictiúir bheannaithe agus cros ollmhór chéasta, agus ar chuile bhinn, bhí fógra ollmhór scríofa i litreacha móra… S i l e n c e …. a bhéic na fógraí sin orainn. Tugadh deis dom cibé éadaigh a bhí im chás taistil agam, a chur i dtaisce i gcórfa speisialta dom fhéin, agus cuireadh an cás fhéin i dtaisce freisin. In áit pitseámaí, bhí léine fhada oíche agam! Nach mór idir inné agus inniu, nó b’in a bhí leagtha amach ar an liosta d’éadaí riachtanacha, a cuireadh chuig chuile dhalta, roimh theacht go Coláiste an Chroí Ró-Naofa dó. Cuireadh an léine chéanna sin i dtaisce faoi mo philiúr. Teaspáineadh an seormra níocháin dom, seomra a bhí in aice láimhe, idir an dá sheanatán mhóra, áit a raibh báisín níocháin curtha in áirithe do chuile ghasúr againn. Teaspáineadh mo bháisín fhéin domsa. Ní gá a rá, nach raibh aon uisce reatha ag dul leis na báisíní sin, ach mura raibh, bhí sconna ag bun an tseomra, agus chuile oíche, tar éis do dhuine é fhéin a ní, agus a fhiacla a ghlanach, líonadh sé an báisín sin don mhaidin dár gcionn. Bhí gá leis an nós céanna sin, nó go minic, i gcroí an Gheimhridh, ní bheadh uisce le fáil sa sconna céanna sin, dá dtarlódh go mbeadh na píopaí reoite. Sea, mh’anam, agus ba mhinic a bhíodh leac oighre ar an uisce fhéin sna bháisíní freisin, agus bheadh ort an leac chéanna sin a bhriseadh agus a bhearnadh, sár a bhféadfá d’aghaidh agus do lámha a ní! Thagadh an soláthar uisce ar fad don Choláiste, ó thobar mór domhain, a bhí suite in aice an Choláiste, agus caidéal láimhe os a chionn. Bhíodh ar chuile ghasúr, ar a sheal, tamall a chaitheamh chuile lá, ag oibriú an chaidéil chéanna sin, le huisce a chur ar fáil don Choláiste.
Nuair a bhí an méid sin déanta ag an sagart, d’iarr sé ar ghasúr, a raibh bliain caite aige sa Choláiste cheana féin, an chuid eile den Choláiste a theaspáint dom. Ní raibh aon soláthar aibhléise ag an gColáiste an t-am sin, agus ba é an bhí acu ina áit, nó lampaí ola pharaifín. Níor chuir sin aon ionadh ormsa, nó ní raibh againne sa bhaile, an t-am sin, ach an cineál céanna solais. Ba é an gléas téite a bí acu nó sorin mhalldóite, sna hallai móra, agus tine ghuail, sna gnáthsheomraí ranga. Chuamar isteach sa Halla Staidéir, agus ba bheag nár bhain sin an chaint díom, nó ní fhaca mise aon rud cosúil leis, ar a mhéad, nó ar a fhairsinge, riamh cheana. Arís, bhi an fógra ollmhór céanna ar an mbinn inairde acu, ag fógairt orainn bheith ciúin……S i l e n c e ……a bhéic an fógra céanna orainn, ach dúirt mo threoraí liom, go raibh cead cainte againn an lá sin, agus nach mbíodh an “Silence” sin i bhfeidhm, ach amháin nuair a bhíodh na mic léinn uilig bailithe ansin, sa tráthnóna, i mbun a staidéir. Bhí na binsí uilig ansin leagtha amach ina ranganna, ó cheann ceann an Halla, faoi mar ba shaighdiúirí iad, agus crochta ina líne dhíreach os a gcionn, síos lár an Halla, bhí rang lampaí ola phairifín ar sileadh ón tsíleáil anuas, le solas a chur ar fáil, nuair a bheadh gá lena leithéid, le linn séasur an dorchadais. Ar ‘chaon taobh den Halla mór sin, bhí rang de shoirn mhalldóite, agus iad ina seasamh ansin, faoi mar a bheadh siad ag fanacht ar laethe fuara, feannaideacha, an Gheimhridh, le teas agus compórd a chur ar fáil dá gcairde óga. D’fhágamar an Halla sin ar ball, agus thugamar aghaidh ar an bProinnteach. A leithéid de sheomra! é mór, fada, leathan, fairsing, boird leathana fhada ag bun an tseomra, agus bord breá leathan, galánta, ag ceann an tseomra, agus é socraithe in airde ar ardán.
“Na sagairt a itheann at an mbord galánta sin” adúirt mo threoraí liom, “agus sinne a bheidh ag ithe ag na boird thíos ansin.”
Chuir radharc úd na mbord céanna sin in iúl domsa, go raibh ocras ag teacht orm fhéin, agus dá mbeinn sa bhaile, go bhfaighinn canta aráin agus braon bainne, dom fhéin, le cúl a chur air, ach ní raibh mé sa bhaile a thuilleadh, agus ní raibh mo Mham, nó mo chlann ansin, le haire a thabhairt dom feasta. Ba bheag nár thosaigh mé ag caoineadh, nuair a smaoinigh mé go raibh an nead tréigthe agam, agus go mbeadh orm maireachtáil i measc strainséirí feasta. Níor chuir mé na smaointe sin in iúl dom threoraí, dár ndóigh! Ach bhí fhios agam, go raibh na crainn curtha, agus go raibh orm mo thoil a chur le toil Dé, feasta. Ar aghaidh linn ansin, go dtí an Séipéal. Ba chosúil le Neamh ar thalamh é, an tAireagal céanna sin. An altóir, na fuinneoga, na suíocháin, na pictiúir. Nárbh álainn go deo an radharc iad, i gcomparáid leis an tsean-séipéal a bhí againne sa bhaile, ach níor dhóigh liom, go raibh sé chomh cairdiúil céanna le Séipéal na Cille Móire Iorrais! Ach, is dócha go bhféadfadh duine dul ina chleachtadh, le himeacht aimsire. Chuamar ar ár nglúine, agus chuir mé fhéin paidir lem’ mhuintir sa bhaile, agus lem’ chairde, ach go háirithe, d’iarr mé ar an bhfear thuas, súil a choinneáil orm fhéin, fad is a bhí mé ag iarraidh mo bhealach a dhéanamh trí dheacrachtaí an tsaoil nua seo a bhí tofa agam.
Ar ball, chuamar ar chuairt timpeall, ag iarraidh chuile shórt a thabhairt faoi deara, ach chuir mé suim, agus dhá shuim, sna cúirteanna breátha liathróid láimhe, a bhí suite cóngarach go maith don scoil. Faoin am seo, bhí na mic léinn ag teacht isteach ina sluaite, agus ba ghearr go raibh siad go léir bailithe le chéile ansin. Bhí sé ina thráthnóna, faoin am sin, agus ar deireadh thiar thall, dúradh linn aghaidh a thabhairt ar an bProinnteach. Bhí cinnirí tofa ansin, agus ba ghearr go raibh chuile dhalta againn seolta acu chun a ionaid fhéin. Nuair a bhí sin déanta, tháinig na sagairt isteach. Sheasadar ag an bpríomhbhord. Dúirt Uachtarán an Choláiste an t-altú roimh bhia, agus ansin, shuigh chuile dhuine ina áit fhéin. Ba ghearr gur leag na cinnirí ár mbéile os ár gcomhair amach. D’itheamar ár gcuid go buíoch, beannachtach, nó, déanta na fírinne, bhí mé fhéin stiúctha leis an ocras, faoin am sin. I ndiaidh ár mbéile, thugamar aghaidh ar an Séipéal arís, le paidir a rá, agus ansin, chuamar amach ar fud na bhfud arís, agus cead againn rud ar bith ba mhaith linn a dhéanamh, ar feadh tamaill. Chuaigh cuid againn ag siúlóid, cuid eile ag imirt liathróid láimhe, agus tuilleadh fós ag imirt peile. Bhí ulloird bhreátha, mhóra, torthúla ag an gColáiste, agus dá bharr sin, cuireadh ár ndóthain úlla ar fáil dúinn, agus gheallaimse dhuit é, go raibh fáilte is fiche againn roimh na húlla céanna sin.
Ar deireadh, buaileadh clog, agus thugamar aghaidh ar an bProinnteach arís, le béile na hoíche a chaitheamh. D’éirigh linn teacht isteach ar chleachtas na scoile, go tapaidh, nó bhí bliain amháin caite ansin, cheana féin, ag lucht an dara bliain, agus bhí siadsan mar threoraithe againne, lucht na chéad bhliana. I ndiaidh an tsuipéir, agus tar éis dúinn seal a chaitheamh san Aireagal, ag rá ár bpaidreacha oíche, thugamar aghaidh ar an Suanlios, áit ar tugadh treoracha dúinn faoi dhea-iompar, agus rialacha éagsúla na háite sin. Bhí sollúntacht faoi leith ag baint le Tost Mór na hoíche, nó an “Grand Silence” faoi mar a thugadh cuid de na sagairt ar thost mór sin na hoíche. Ní raibh cead cainte ag duine ar bith againn sa suanlios céanna sin. Bhí aird chuile dhuine againn ar a ghnó fhéin, agus thug an tost fada sin deis dúinn smaoineamh ar Dhia, agus ar chúrsaí spioradálta. Nach gceapfá go ndéanfadh saol dá leithéid naomh de dhuine ar bith? ach caithfear a smaoineamh freisin, nach raibh ionainne, ag an am, ach gasúir, agus gasúir a bhí tugtha do dhiabhlaíocht, agus do mhioscais, de chuile shórt. Ní dóigh liom áfach, gur mar sin a bhreathnaigh na sagairt a bhí inár mbun ar an scéal, nó dár leosan, ba chóir go mbeadh chuile dhuine againn chomh deaiomprach le manach! Bhí breall orthu sa mhéid sin, áfach, geallaimse dhuit é!
Dúradh linn nach mbeadh orainn éirí ag a sé, an mhaidin dár gcionn, agus ó tharla gurbh í sin an chéad oíche ag cuid againn sa Choláiste, ligfí dúinn codladh go dtí a seacht ar maidin! Mhothaigh mé fhéin go raibh an leaba an-mhíchompórdach, ach dá ainneoin sin, ba ghearr go raibh mé im’ chnap codlata, agus ba é an chead rud eile a mhothaigh mé, nó an clog diabhalta sin ag insint dúinn uilig, go raibh sé in am againn éirí. “Vox Dei”, nó guth Dé, a thugadh siad ar an gclog úd, sa Choláiste, ach geallaimse dhuit é, gur mhinic a cheapamarna go mba gharbh, géar, gránna, an guth a bhí an an gclog céanna sin!!
“Benidicamus Domino”, sílim, adeireadh fear an chloig, mar bheannacht dúinn, ar maidin, agus d’fhreagraímis, d’aon guth slochtach amháin, “Deo gratias!” Nuair a smaoiním siar ar na cúrsaí sin faoi láthair, tuigtear dom, amanta, gur ag brionglóidigh atá mé, ach b’in é díreach mar a bhí cúrsaí againn, i gColáiste an Chroí Ró-Noafa, i mBéal an Átha Fhada, an tráth úd fadó, i dtús dhaichidí na haoise seo caite.
D’éiríomar as na leapacha amach, bhaineamar ár léinte fada oíche dínn, agus chuireamar roinnt éadaí orainn fhéin, agus amach linn chun an tseomra níocháin. Rinneamar a raibh le déanamh againn ansin, agus nuair a bhíomar nite, gléasta, pioctha, thugamar aghaidh ar an Aireaagal, nó ar an Séipéal, agus bhí orainn seal a chaitheamh ag paidreoireacht, agus seal ag machtnamh. Nuair a bhí sin déanta againn, léadh an tAifreann dúinn. Ina dhiaidh sin, agus roimh ár mbricfeasta, cuireadh i mbun oibre sinn, ag ní, agus ag glanadh an tí, nó ní raibh éinne eile ansin leis an gcineál sin oibre a dhéanamh, ach sinne. Thuig na cinnirí, a raibh le déanamh i rith na tréimhse sin, agus chuireadar sinne i mbun oibre láithreach, agus thug a ghnó fhéin le déanamh do chuile dhuine againn. Tar éis leathuair a chloig a chaitheamh i mbun na hoibre sin, bhíodh an áit chomh glan le biorán nua, agus ansin, sheoltaí isteach sa mBialann arís sinn. Thugtaí pláta bracháin do chuile dhuine againn, agus ina dhiaidh sin, bhí cupán tae, arán, agus ruainne margairín againn, le cúl a chur ar an ocras, go ham dinneir. Ní raibh aon ranganna, nó tada dá leithéid, againn an lá sin, nó tugadh lá saoire dúinn, le deis a thabhairt dúinn, dul i gcleachtadh ar an áit, agus le haithne a chur ar a chéile. Rinneamar sin, agus cuireadh comórtas liathróid láimhe sa tsiúl freisin, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar toit agus sásamh as an lá sin, agus léirigh sé dúinn, nach gcaitear an t-am ar fad ag guí, is ag paidreoireacht, i gCliarscoil, ach go mbíonn deis ag gasúir seal a chaitheamh ag spraoi dóibh fhéin freisin. Chuireamar aithne ar na sagairt a bhí i mbun an Choláiste sin, ach dúirt na sinsir linn, nach mairfeadh na laethe saoire sin i bhfad, agus go mbeadh muid gafa in úim na hoibre, an lá dár gcionn, agus nach mbeadh lá saoire dá leithéid againn arís go ceann scathaimh fhada. Bhaineamar sásamh as an lá sin, agus bhí an cearat ag na sinsir, nó an lá dár gcionn, bhéic an clog orainn ag a sé ar maidin, agus b’éigean dúinne an bhéic sin a fhreagairt, ar an toirt, agus buíochas a ghabháil le Dia dá bharr!
“Deo gratias”, a bhéic sinne, agus bhíomar imithe i gcleachtadh ar rithim na naofachta, cheana féin, ach níorbh ionann sin is a rá, go mba naoimh fós sinn!
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Iris, Magazine; scileanna riachtanacha, the necessary skills; tionscadal, project; Réalta Scannán, Film-star; duine dem chomhaois, one of my contemporaries, raon na gcos, within walking distance; Bráithre le Muire, Marist Brothers.
.
.
An Irish Teacher
Peadar Bairéad
.
Life in St. Muredach’s College
Ba mhaith liom alt amháin eile a scríobh faoin gcineál saoil a bhí agam, agus mé im’ mhúinteoir Gaeilge, i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, i gcaogaidí na haoise seo caite. Nuair a thosaigh mé ag múineadh sa Choláiste sin, a chéaduair, bhínn chomh gafa sin leis an obair, gur bheag am saor a bhíodh agam, i ndeireadh an lae thiar, ach mé sáite go dtí na cluasa im chuid oibre, ó mhaidin go hoíche. Rinne mé iarrachtaí áirithe le dul i gcionn ar na daltaí a bhí faoi mo chúram agam, ag an am.
Our own Magazine
Rinne mé iarracht ar Irisleabhar, de chineál eicínt, a chur ar bun inár measc, agus d’fhág sin go raibh ormsa altanna, dánta, agus píosaí scríbhneoireachta, a mhealladh ó dhaltaí, a raibh an iomarca le déanamh acu, cheana féin. Tar éis roinnt mhaith útamála, d’éirigh linn eagrán amháin den Iris chéanna sin a chur i gcló, agus a chur ar díol i measc lucht na scoile, agus fiú amuigh i gcupla siopa sa mbaile mór! Ba mhór an saothar é, i ndáiríre, ach bhí an oiread sin sclábhaíochta ag baint leis an iarracht sin, agus gan chúnamh le fáil ó cheárd ar bith, nár tháinig an dara heagrán ar an saol riamh ina dhiaidh sin. “An Síol”, a bhaist mé ar an Iris chéanna sin, agus creid é, nó ná creid é, tháinig mé ar chóip de, cupla bliain ó shoin, agus déarfainn nárbh aon chailliúint ró-mhór é don Saol Gaelach an Iris chéanna sin a ligint i léig! Ag breathnú siar anois ar na cúrsaí sin, déarfainn gur ar an bPiarsach a bhí mé ag smaoineamh agus an tionscadal céanna sin idir chamáin agam, nó b’in an cineál ruda a dhéanadh seisean, ach níorbh aon Piarsach mise, geallaimse dhuit é.
Play Acting
Rinne mé iarracht freisin dráma a chur ar an ardán, agus phioc mé amach m’fhoireann aisteoirí don ndráma céanna sin, agus chaitheamar cupla ráithe ina bhun, ach faitíos orm, nár léiríodh riamh é, toisc, is dócha, nach raibh na scileanna riachtanacha agam fhéin, ag an am, agus ní raibh éinne eile ansin, a bhí sásta dul i bpáirt liom, sa bhfiontar sin. Arís, is dócha gurbh é an Piarsach ba chúis dom tabhairt faoin ród áirithe sin!
Thugamar faoi thionscadal eile, chomh maith, agus is féidir liom a mhaíomh, gurbh fhearr go mór a d’éirigh linn sa chás sin. Cúrsaí diospóireachta atá i gceist agam anseo. Is dócha go raibh cleachtadh eicínt agam fhéin ar chúrsaí diospóireachta, nó bhíodh roinnt mhaith den chineál sin oibre ar siúl againn sna Cliarscoileanna, ar dhein mé freastal orthu, agus bíodh gur i nGaeilge a ritheadh roinnt áirithe díobh, is é mo thuairim, nár den díogha iad, ach oiread. B’fhéidir nach raibh cuid acu thar mholadh beirte, ach ag an am gcéanna, thug siad deis do na daltaí, iarracht a dhéanamh seasamh suas, agus a smaointe a chur abhaile ar lucht éisteachta, agus ní beag nó suarach an bua é sin, i gcás dalta a bhí cúthalach, nó neirbhíseach, ó nádúir.
On the Stage !
Bhí Club Drámaíochta den scoth i mbun oibre i mBéal an Átha, an t-am sin, agus ó tharla go raibh Gerry Molloy, deartháir an Drámadóra cháiliúil, M.J. Molloy, ina mhúinteoir i gColáiste Mhuireadhaigh, ag an am, níor ró-fhada go raibh mé meallta leis aige, le páirteanna a ghlacadh sna drámaí a bhíodh á léiriú aigeasan. Níor cheap mé fhéin go raibh aon ghaisce ionnam mar aisteoir, ach dhealródh sé, go raibh Gerry sásta lem iarrachtaí ar an ardán, agus thugadh sé páirt dom go rialta, sna drámaí a roghnaíodh sé le cur i láthair an phobail, drámaí ar nós, The Paddy Pedlar, The King of Fridays Men, The Playboy of the Western World, agus The Wood of the Whispering. Drámaí a scríobh a dheartháir ba ea cuid acu. Bhí páirt agam sa Pedlar agus sa Playboy freisin, agus d’éirigh thar barr lenár Playboy, sa chaoi gur sciob sé an chraobh leis i gComórtaisí Drámaíochta, sa timpeallacht, agus sciob sé an chraobh leis freisin, sa Chomórtas Náisiúnta Drámaíochta, i mBaile Átha Luain. Agus nach raibh socruithe á ndéanamh leis an Playboy céanna sin a chur ar an ardán i Londain Shasana, agus nach rabhthas ag caint faoina thógáil chun na Stát Aontaithe, go fiú nár luadh Caesar’s Palace mar sprioc linn freisin. Caithfidh mé a admháil go raibh cuid againn ag smaoineamh ar bheith inár réalta scannán thall i Hollywood, ach ba é críoch na mbeart é nach ndeachamar áit ar bith thar lear leis an ndráma céanna sin, agus nach ’in an saol agat, a mhac! Ar aon nós, b’éigean dom bheith sásta lem phost mar mhúinteoir i mBéal an Átha, agus a bheith buíoch beannachtach go raibh post dá leithéid agam, mar, nárbh iomaí duine dem chomhaois, a bhí díreach chomh cáilithe liom fhéin, agus a raibh air an bád bán a thabhairt air fhéin, sin nó fanacht anseo in Éirinn iathghlas, oileánach, agus é ag brath ar pé cúnamh a thoileodh an Stát s’againne a thál orthu. B’in an cineál saoil a bhí i dtreis in Éirinn, ag an am. Ní raibh trácht fiú, ar Thíogar Ceilteach, ag an am, nó is dócha go bhfaigheadh a leithéid de bheithíoch bás den ghorta dearg abhus againne an tráth úd.
Mar a mhínigh mé cheana, ní raibh carr nó tada dá leithéid agam, an t-am sin, nó súil agam fiú, lena leithéid, mar sin, ba de shiúl na gcos a raghainn ó áit go háit, agus dá dteastódh uaim dul ar aistear ar bith, taobh amuigh de raon na gcos, bhuel, bheadh orm dul ar an mbus, nó ar an dtraein. Sea, mór idir inné agus inniu, gan aon agó!
In the Language Movement
D’éirigh go réasúnta maith liom i mbun mo cheirde, agus bhínn sáite in aon chineál oibre a bhain le gluaiseacht na teanga. Bhí mé im bhall de Chonradh na Gaeilge, agus bhí ag éirí go maith liom san eagraíocht sin, freisin. D’éirigh leis an gCraobh s’againne rún a chur ar chlár na hArdfheise, a tionóladh i gCill Áirne, sna caogaidí. Ba é a bhí i gceist sa rún céanna sin, nó go ndéanfaí chuile iarracht, an Ghaeilge a dhaingniú, agus a chur á labhairt arís, trí dhúichí áirithe a phiocadh amach leis an bpolasaí sin a chur i bhfeidhm iontu i dtosach, agus ansin, agus de réir a chéile, go ndéanfaí teorainneacha na ndúichí sin a leathnú amach, go dtí, sa deireadh, nach mbeadh sa tír ar fad ach críoch ina mbeadh an Ghaeilge faoi réim arís inti. Sea, agus ritheadh an rún sin freisin, ach ní dóigh liom, go raibh aon toradh ar an rún céanna sin, thar lucht na hArdfheise a chur ag caint faoi!
Tar éis cupla bliain áfach, thosaigh mé ag éirí amach, agus ag iarraidh páirt a ghlacadh i saol sóisialta an bhaile mhóir. Chuir mé aithne ar dhaoine, agus thosaigh mé ag dul chuig cluichí, chuig damhsaí agus chuig aon éirí amach a chuirtí ar siúl sa timpeallacht, ag an am. Agus ansin, tar éis dom cúig bliana, nó mar sin, a chaitheamh i mBéal an Átha, pósadh mé fhéin agus Pádraigín Nic Fhinn, in Ardeaglais Mhuireadhaigh i mBéal an Átha. Agus arís, nach mór idir inné agus inniu? nó bhíomar fós gan gluaisteán, gan chóras iompair dár gcuid fhéin. Ach, b’in mar a bhí, an t-am sin.
A new post
Tharla ag an am sin, go raibh mé ag smaoineamh ar thabhairt faoin Ardchathair, agus tharla go raibh duine de na Bráithre le Muire ar m’aithne, ag an am, agus mhol seisean dom cur isteach ar phost ina scoil siúd, i nDroichead na Dothra, i mBaile Átha Cliath. Rinne mé rud air, agus ba é deireadh na mbeart é, nó go bhfuair mé post i gColáiste Mhuire Cois Abhann, ansin, agus arís b’éigean dom mo chip is mo mheánaithe a bhailiú chugam, agus mé fhéin, is mo bhean, agus mo mhac, Micheál, a bhailiú liom chun na cathrach, ach b’fhéidir gur chóir dom an chuid eile den scéal sin a fhágáil go dtí an chéad ghála eile, nuair a chuirfidh mé síos ar an bpost nua, agus ar an scoil nua, agus ar an gcor a chuir sin uilig im chinniúint. Go dtí sin, Slán……
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Sceanadh, Mugáil, agus Marú 2
Peadar Bairéad
.
(This week we continue our consideration of Street Violence.)
.
Níl le déanamh agat ach breathnú ar nuachtán ar bith, na laethe seo, agus feicfidh tú, gur beag oíche a théann thart, nach ndéantar duine eicínt a sceanadh nó a robáil anseo; a mhugáil nó a bhatráil ansiúd, nó faraoir, a bhascadh agus a mharú, fiú, san áit úd eile. In ainm Chroim! Cén cineál sochaí atá á tógáil againn anseo? Nach gceapfá nach mbeadh tada dá leithéid ag tarlú anseo, toisc go bhfuil an tír s’againne chomh beag sin, agus toisc go bhfuil aithne ag chuile dhuine againn ar a chéile, geall leis.
B’fhéidir go gceapfá sin, ach dá gceapfá, bheadh breall ort, nó nuair a éiríonn idir chairde, sin an áit a mbíonn an feannadh, agus nach minic, na laethe seo, a léann muid faoi chairde a chaith an oíche ar an drabhlás, le chéile, agus ansin, ar a mbealach abhaile, toisc, b’fhéidir go sciorrfadh focal ó dhuine acu, go mbeadh an lasair sa bharrach láithreach bonn, agus diabhal stopadh a bheadh orthu go mbeadh duine acu sínte tréith ar lár. Anois, tá sin dona go leor, ach i gcás dá leithéid, ní raibh cloch sa mhainchille ag duine ar bith de na cairde céanna sin dá chéile, nó ní raibh aon drochfhuil eatarthu, ach is amhlaidh a tharla an chaismhirt sin eatarthu, de thaisme. Cad is féidir linn a rá faoi chás dá leithéid, ach nár chóir go dtarlódh sé, olc, maith, nó dona, agus arís, is dócha go bhféadfadh duine a rá, gur toisc go raibh an iomarca óil ar bord ag na cairde céanna sin, a tharla an scliúchas marfach sin eatarthu.
An bhfuil leigheas ar an scéal, an gceapann tú?
Tá, cinnte. Níor chóir an oiread sin dí a dhíol leo, i dteach ósta ar bith, agus i gcás dá leithéid, bheadh cuid den mhilleán ar únéir an tí ósta inar thóg siad an lasta sin ar bord, nó arís, ar an ollmhargadh inar cheannaigh siad ualach asail den stuif meisciúil sin.
Scéal eile ar fad é, nuair a théann dream ruifíní amach ar ar sráideanna, agus gan d’aidhm acu, ach teacht ar dhuine neamhurchóideach eicínt, d’fhonn léasadh maith a bhuaileadh air. De ghnáth, ní bhíonn aithne ná eolas ar bith faoin spéir acu ar an nduine bocht sin. Is amhlaidh a mheallann siad chucu é, trí chipín solais, nó toitín, a iarraidh air, nó rud eicínt dá leithéid, agus ansin, nuair atá sé ina gcóngar, iompaíonn siad air, agus ionsaíonn é, le buidéal, b’fhéidir, nó le scian, nó le ciceanna fiú, go dtí nach mbíonn fágtha ann ach an dé, agus ansin, ritheann siad leo, mar a dhéanfadh cladhairí, gan iarracht ar bith a dhéanamh ar chóir leighis a chur ar fáil dó, nó cúnamh dá laghadh a thabhairt dó. Nach deacair cur suas le hiompar dá leithéid? Agus dá gcuirfeá ceist orm, an raibh leigheas ar bith le fáil ar an gcineál sin barbarthachta, is dócha go mbeadh orm a rá, nach raibh leigheas i ndán d’iompar dá leithéid, ach amháin na coirpigh sin a chaitheamh isteach i gcarcar, sa chaoi nach mbeadh ar a gcumas, a leithéid a dhéanamh d’éinne eile, feasta. Sea, agus níorbh aon mhaith é cupla seachtain príosúntachta a ghearradh orthu, nó thiocfaidís amach, agus dhéanfaidís a leithéid céanna arís, ach dá ngearrfaí seal fada príosúntachta orthu, ansin bheadh seans ann go bhfoghlaimeodh siad fios a mbéas, don todhchaí, agus nach ndéanfadh siad a leithéid arís, agus chomh maith le sin, mhúinfeadh sin ceacht do mhaistíní óga eile, gan iompar dá leithéid a chleachtadh amuigh ar ár sráideanna, ar eagla go ndéanfaí an rud céanna leosan. Sea, mh’anam, is beag rud a thuigeann coirpigh chomh maith le príosúntacht fhada!
Ar an dtaobh eile den scéal, is dócha go gcaithfidh an tsochaí s’againne, chuile iarracht a dhéanamh ar thimpeallacht an phhobail a fheabhsú, sa chaoi nach mbeidh fonn ar ógánaigh, feasta, daoine a ionsaí, nó a bhualadh, in aon chor. Tharla cogaí iomadúla ó cheann ceann na cruinne, agus tá’s ag an lá go gcothaíonn cogaí foréigean, agus fíoch fola, i measc daoine. Íslíonn siad freisin, an luach a leagann daoine ar bheatha an daonnaí.
• Trí leathadh chumhacht na meán, d’éirigh le fórsaí áirithe dul i gcionn ar an bpobal, agus chuir ar a súile dóibh, gur rud ionmholta é, tuilleadh agus tuilleadh saoirse fós, a thabhairt don duine Agus cé gur maith an rud é saoirse a bheith ag duine, ag an am gcéanna, mura bhfuil sé sásta bheith freagrach as a ghníomhartha fhéin, agus géilleadh do chearta a chomhdhaoine, bhuel, ansin millfidh an tsaoirse sin cumas tháithe an phobail, sa chaoi go loitfí, agus go millfí é, ón dtaobh istigh.
• Tá’s ag an lá, go bhfuil i bhfad Éireann níos mó airgid i bpócaí na ndaoine óga, sa lá atá inniu ann, thar mar a bhíodh, Féach freisin, mar a ghlóirtear gnéas, foréigean, agus póit, ar na meáin, sa lá atá inniu ann, go háirithe ar an teilifís, agus nach músclaíonn na scannáin agus na físeáin sin fiosracht na hóige, sa chaoi go mbíonn fonn orthu aithris a dhéanamh ar laochra na scannán.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
triológ, trilogy; ó theach an diabhail go teach an deamhain, from the frying pan into the fire; aoire, minder; ar a gcoimeád, on the run; meath tráchta, the depression (economic); siúr, Sister (religious); ina gcíor thuathail, in confusion.
.
I m B é a l a n P h o b a i l
Peadar Bairéad
From the Bookshelf
.
Léigh mé roinnt leabhar, ar na mallaibh, agus bíodh nár scríobh mé aon léirmheas orthu, tuigeadh dom nárbh olc an smaoineamh é, tagairt a dhéanamh dóibh, anseo i mbéal an phobail. Agus ba é a shocraigh mé a dhéanamh, i ndeireadh na feide, nó píosa a scríobh faoi chupla ceann acu, d’aon iarracht, agus sa tslí sin, ní ligfinn i ndearmad ar fad iad, agus bheadh tagairt dóibh fagtha ar an taifead, mar adéarfá.
Is é an chéad leabhar a ndéanfaidh mé tagairt dó, an tseachtain seo, nó:-
“Oh Play that Thing” by Roddy Doyle
Ní gá dhomsa mórán a rá faoi Roddy Doyle, nó tá an t-údar céanna i mbéal gach éinne. Tá clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach cheana féin aige. agus nach bhfuil scannáin bunaithe ar scéalta áirithe dá chuid. Ní gnáth úrscéal atá i gceist anseo, ach an leabhar láir, de thriológ dá chuid. Is é “A Star Called Henry” an chéad leabhar den tsraith ildánach seo. Agus ní call dom a rá, go leanann an t-údar leis, ag tógail, ag forbairt, agus ag cruthú, idir atmosféar agus carachtair a scéil, ó cheann ceann na triolóige spéisiúla seo. Tosaíonn sé sa chéad chuid den ollsaothar seo, ag cur Henry Smart in aithne dá léitheoirí. Ghlac an Henry céanna sin páirt sna “Trioblóidí” anseo in Éirinn, agus throid sé, agus mharaigh sé, de réir mar a ordaíodh dó a dhéanamh, ach i ndeireadh na dála, b’éigean dó a sheolta a ardú, agus na Stáit Aontaithe agus Ellis Island a thabhairt air fhéin, i ngeall ar a pháirt sna Trioblóidí céanna sin, ach ar bhealach, ba thuras ó theach an diabhail go teach an deamhain aige é, nó chuir coirpigh thall spéis ann, spéis nár chun a leasa é! agus b’éigean dó imeacht ó dheas. D’éirigh leis tamall a chaitheamh ansin, agus le linn na tréimhse sin, chuir sé aithne ar Louis Armstrong, an ceoltóir, agus an t-amhránaí cáiliúil, agus bhí sé ina chineál aoire aige, ar feadh scathaimh, ach ar deireadh, tháinig na coirpigh sa tóir arís air. Casadh a bhean agus a iníon óg air, sa tréimhse sin freisin, nó leanadar ó Éirinn é, agus ba é deireadh an scéil sin é, nó go ndeachaigh an chlann uilig ar a gcoimeád, agus sa chuid deiridh sin den leabhar, “Oh Play That Thing”, éirionn le Roddy Doyle an-chur síos a chur in ár láthair ar an gcineál saoil a bhí ag bochtáin Mheiriceá, le linn an Mheath Tráchta, a tharla thall, i ndeireadh na bhfichidí. An-phíosa scríbhneoireachta againn anseo, ón údar sciliúil, scéalach, saineolach seo. I ndeireadh an scéil thiar, tugann sé leide dúinn faoin tríú chuid den triológ, nuair a chuireann sé in iúl dúinn, go bhfuil socraithe ag Henry, aghaidh a thabhairt ar an tseanfhód arís, le deireadh a laethe a chaitheamh ansin, agus breathnú ar an dtír s’againne, trí shúile an Phuncáin a d’fhill.
An-leabhar, an-scéal, an-phíosa scríbhneoirachta.
Leabhar eile ar mhaith liom tagairt a dhéanamh dó anseo isea beathaisnéis na Siúrach Genevieve, nó is leabhar é a raghadh i gcionn ar dhuine ar bith, a bhfuil suim aige i gcúrsaí an Tuaiscirt le suim de bhlianta anuas.
.
“Sister Genevieve”. by. John Rae
Sa bhliain 1923, ar an dara lá fichead de Mhárta, sa Tulach Mhór i gContae Ua bhFáilí, isea a rugadh Mary O Farrell. Bhí an Saorstát díreach tar éis a bhunaithe, anseo againne, agus ní call a rá, go raibh an saol corraithe go maith in Éirinn na linne sin…….an tráth céanna a raibh Henry Smart ag baint clú agus cáil, de chineál amháin nó de chineál eile, amach dó fhéin, i gCuid a hAon, de thriológ úd Roddy Doyle……. Bhí athair Mháire ina Stíobhard ar fheirm, agus ar gharraithe, Chlochar an Chroí Ró-Naofa, ar le Siúracha na Carthannachta iad, ar imeall an bhaile sin. Ba í Máire an cúigiú, agus an duine ab óige, sa chlann sin. Ní call dom a rá, go mba Chaitlicigh dhíograiseacha iad a muintir, ach mar sin fhéin, níor spéis le Máire saol mhná rialta, olc, maith, nó dona. Ní mar a shíltear a bhítear, go minic, ar an saol seo, ach mar a chinntítear, agus do bharúil, nár chríochnaigh Máire s’againne ina siúr, in Iníonacha na Carthannachta, Seirbhisigh na nOthar Bocht. Féach mar a chuireann an t-údar é………
The Daughters of Charity, Servants of the Sick Poor, was a company of ‘sisters’ founded in Paris in 1633 by Vincent de Paul……Their innovation was to found a religious organisation of women who would serve their vocation on the streets, in the hospitals and in the homes of the poor, not in a convent.
A Difficult Vocation
Glaoch an-chrua ba ea an glaoch a fuair Mary, ach chuir sí chun oibre láithreach len í fhéin a ullmhú, agus a oiliúint, don saol a chuirfeadh an glaoch céanna sin in áirithe di. Bean bhreá, dhathúil, ba ea an tSiúr Genevieve, agus bean a chaith a dúthracht ar fad i mbun na hoibre a tugadh di. Sa bhliain 1956, cuireadh go hIarthar Bhéal Feirste í, le dul i mbun oibre scoile, i gceantar na bhFál. Cupla bliain ina dhiaidh sin, tógadh Meánscoil nua ansin, le freastal ar chailíní cheantar na bhFál, agus ba iad Iníonacha na Carthannachta a cuireadh i mbun na Meánscoile sin, ach bíodh gur iarr na hÚdaráis Eaglasta ar na siúracha céanna sin dul i mbun na Meánscoile nua, níor tugadh cead dóibh tada a dhéanamh, taobh amuigh den Scoil a bhaisteadh, agus Príomhoide agus LeasPhríomhoide a roghnú, agus a ainmniú. ba iad na hÚdaráis thuasluaite a rinne an Foirgneamh a phleanáil agus a thógail, agus ba iad freisin a roghnaigh na múinteoirí! Ní haon ionadh, nach mó ná sásta a bhí na Siúracha leis na cúrsaí sin uilig. Ba é a bhaist siad mar ainm ar an Scoil nua ná….
St. Louise’s Girls Secondary Intermediate School and St Louise’s Comprehensive College.
Ach níor tugadh riamh d’ainm air, i measc na cosmhuintire, ach “St. Louise’s”. Tógadh an scoil le freastal ar thart ar 740 dalta, ach nuair a osclaíodh an scoil sin, ar an 8ú Eanair, sa bhliain 1958, tharla go raibh 850 dalta ar an bhfód le tosú ar a gcúrsaí léinn, sa scoil nua. Trua nár fágadh pleanáil na scoile, agus na hullmhúcháin, i lámha na Siúracha.
A Worthy Headmistress
Ar aon chuma, deineadh a raibh le déanamh, agus i gceann roinnt blianta, sa bhliain 1963, ainmníodh an tSiúr Genevieve mar ardmháistreas ar St. Louise’s, agus uaidh sin amach, chaith sí a saol agus a dúthracht ar son na ndaltaí uilig a tháinig faoina cúram, bíodh go raibh uirthi troid go dian ar a son, nó bhí an Tuaisceart, agus go háirithe an ceantar ina raibh St. Louise’s suite, ina gcíor thuathail an tráth sin, toisc na dTrioblóidí bheith in ard a réime ag an am. Ach níor ghéill an tSiúr Genevieve do cheann ar bith de na fórsaí, a rinne iarracht ar bith aon chur isteach a dhéanamh ar an scoil, nó ar a daltaí. D’éirigh sí as a post, ag deireadh na scoilbhliana 1987-’88, agus sé bliana ina dhiaidh sin, d’fhág stróc gan lúth na ngéag agus gan urlabhra í, rud a chuir críoch lena cuid oibre, nó bíodh go raibh sí sé bliana ar scor, lean sí lei, ag obair go dian, dícheallach, dúthrachtach, i rith an ama sin. An-scéal don té a bhfuil spéis aige, nó aice, i gcúrsaí oideachais, agus spioradálta, gan trácht in aon chor ar thioncar na dtrioblóidí ar na cúrsaí céanna sin. An-léamh, an-scéal, an-bheathaisnéis.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
G a e l – T a c a .
Peadar Bairéad
.
(This week I review a letter received some years ago)
.
Litir a fuair mé, tamall ó shin, a chuir ag tochrais ar an gceirtlín seo mé. Pádraig Ó Cuanacháin, Oifigeach Poiblí, Ghael-Taca Chorcaí, a scríobh an litir sin chugam, agus ó tharla go raibh sé ag cur síos ar ábhar atá gar go maith dom chroíse freisin, cheap mé nárbh aon dochar é, alt a thógail thart ar an litir chéanna sin. Ba é an chaoi a bhfuair sé mo sheoladh, nó gur léigh sé “I mBéal an Phobail”, sa Kilkenny People, ar na mallaibh, díreach mar a dhéanann na mílte eile, chuile sheachtain! Anois, míníonn sé dúinn, gur de thaisme a tharla gur tháinig sé ar chóip den Nuachtán céanna sin, nó deir Pádraig liom, ar an drochuair, nach mbíonn an Kilkenny People ar díol i gCorcaigh, de ghnáth. Nach mór an trua é sin, nó cá bhfaighfeá páipéar chomh spleodrach, suimiúil, spéisiúil, leis, faoi luí na gréine. Ach sin scéal eile, do lá eicínt eile, nó d’oíche eile fiú!
Maíonn Pádraig, ina litir, go bhfuil an-dul chun cinn déanta acu i gCorcaigh, chomh fada is a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge, agus deir sé, go bhfuil a bhuíochas sin ag dul, tríd is tríd, do chóras margaíochta Ghael-Taca, nó téann an eagraíocht sin amach ag craobhscaoileadh scéal na teanga, i measc lucht gnó, agus tógálaithe na Cathrach, agus ar fud an Chontae freisin, ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine, go bhfuil aitheantas tuillte ag an nGaeilge i bhFaiche an Mhargaidh, mar adéarfá.
Deir sé freisin, go bhfuil breis is caoga tógálaithe anois, ag úsáid ainmneacha i nGaeilge, ar eastáit nua tithíochta, ainmneacha ar nós ‘Ard na Mara’, ‘Cois Cuain’, ‘Bruach na hAbhann’, ‘Dún na Séad’, ‘Ceol na Mara, agus tuilleadh. Ansin deir sé liom, gur mór an trua é nach bhfuil grúpa dá leithéid ag feidhmiú inár measc-na, anseo sa Chathair Álainn. Chomh maith le sin, chuir sé chugam freisin, roinnt gearrthóga as páipéir áirithe, ina moltar a bhfuil déanta ag an gCóras Margaíochta, Gael-Taca, i gcur chun cinn na Gaeilge, i measc tógálaithe na dúiche.
Caithfidh mé a admháil, gur mhinic a bhuail an smaoineamh céanna mé fhéin, le tamall de bhlianta anuas, agus bí cinnte, gur mhinic a leag mé an smaoineamh céanna sin os comhair an phobail, sa cholún seo, ach ba bheag aird a tugadh orm! Agus rud eile, tharla roinnt blianta ó shoin, gur labhair an tIarMhéara, agus an Comhairleoir, Tomás Uasal Ó Dubhshláine, grásta ó Dhia air, labhair sé liom, agus d’fhiafraigh sé díom, an mbeinn sásta mo thuairim a thabhairt faoi oiriúnacht ainmneacha sráideanna, agus eastáit tithíochta, sa chathair seo, agus thart uirthi? Dúras go mbeinn sásta a leithéid a dhéanamh, ach ar an drochuair, fuair Tomás bocht bás, sár ar deineadh aon socrú cinnte faoi na cúrsaí sin, agus níor chuala mé tada faoi, ó shoin i leith, ach, caithfear a admháil, go raibh Tomás den tuairim, nach mó ná oiriúnach a bhí cuid de na hainmneacha a bhí dá mbaisteadh ar Eastáit, nó ar Shráideanna, sna bólaí seo, le tamall de bhlianta anuas.
Ach le filleadh ar litir úd Phádraig Uí Chuanacháin………Féach ar an bpíosa seo, agus tuigfidh tú ansin, céard tá ar bun ag Gael-Taca………
“The Irish language marketing organisation, Gael-Taca, has welcomed the decision by the West Cork builder, Mr. Tim Looney, to use the Irish name in his new housing estate in Baltimore.
Speaking on behalf of the organisation which is trying to stamp out the use of inappropriate names such as “Tiffany Downs” etc, Mr Pádraig Ó Cuanacháin said “Dún na Séad” was a perfect choice.
The name of the new seventeen house estate at the edge of the village is actually Irish for Baltimore.
He said Gael-Taca was interested in promoting “the economic and cultural benefits of using the Irish language for new buildings and developments throughout the country.”
Bhuel, tugann sin leide dúinn faoin gcineál oibre atá á dhéanamh ag an eagraíocht margaíochta seo, agus féach mar a chuireann Pádraig fhéin é…
“For a number of years”, he said, “there has been public concern about the use of inappropriate names, such as Buckingham Mews, Windsor Estate, and Chelmsford Villas.
Sea, mh’anam, nach breá, gradamach, iad na seoltaí céanna sin ar eastáit tithíochta i mbaile iargúlta ar bith! Bí ag caint ar éirí in airde, agus mustar gan ghustal, gan taca! Ach ná habair liom nach dtarlaíonn a leithéid, nó tá’s ag chuile dhuine againn go dtarlaíonn, agus níos measa fós, tharlaíonn a leithéid nuair a bhíonn ainm álainn, oiriúnach Gaeilge ansin cheana, agus gan le déanamh, ach é a chur in airde ar chuaille, le hanáil na beatha a shéideadh isteach ann athuair, nó mhair an t-ainm céanna úd in éintíos leis an dúiche sin, le sinsearacht.
Baineadh gearrthóg eile as eagrán 24 Meitheamh 2001 den Sunday Tribune, leathanach 13. Seo mar a chuirtear sa ghearrthóg sin é……..
Short Cuts.
Not another Windsor Lawns in Galway.
Buckingham Mews, Rovington, Windsor Downs, Tuscany Downs, Weatherton, Chesterfield, Radclyffe Hall – small wonder people are irritated and astounded by the peculiar foreign names given by developers to new estates around the country.
Tomhas cé scríobh an píosa sin thuas?
Cé eile ach ár bPádraig Ó Cuanacháin fhéin. Sea, agus chuaigh sé níos fuide leis mar scéal, nuair a mhaígh sé gur ainmníodh eastát áirithe i gCorcaigh na Long as Crochadóir, a chleacht a cheird i ré Victoria, thall, agus a bhfus, freisin, b’fhéidir! “Marwood” an t-ainm atá i gceist aige, agus ansin deir sé go bhfuil seans ann, go gcuirfidh sin tús le sraith nua ainmneacha, i gcuimhne na gCrochadóirí Sasanacha, ainmneacha ar nós…Ellis Mews, Billington Estates, Calcraft Close, agus dár ndóigh, Pierrepoint View…Tuige a ndéantar a leithéid de bhaisteadh ar ár n-eastáit, a fhiafraíonn sé ansin…Fágfaidh mé fútsa freagra a thabhairt ar an gceist sin, ach ritheann focail ar nós, mór is fiú, éirí in airde, agus ag cur madraí i bhfuinneoga, agus mórtas thóin gan taca, le duine, ach dhealródh sé, nach raibh cumhacht ar bith ag na hÚdaráis Áitiúla sna cúrsaí seo, agus go bhfágtar an scéal uilig faoi na tógálaithe fhéin, a n-eastáit a bhaisteadh, faoi mar is toil leosan. An maith an socrú é sin, i dtír a throideann iarrataisí pleanála chuile chéim go binse na Cúirte Uachtaraí fhéin, ach a thugann cead don tógálaí ainm ar bith a bhaisteadh ar eastát nua tithíochta ?
Seo gearrthóg suimiúil eile. Níl a fhios agam cá bhfuarthas é, ach tá baint aige le Cill Chainnigh, agus sin an chúis gur mhaith liom í úsáid anseo. John Lee a scríobh…
It is the end of the road for Tiffany Downs and fáilte romhat to Linn Chiúin. From next year, the environment department is to allow Councils to veto Anglicised pretentious names for Irish housing estates.
Three years ago the department asked builders to stop giving developments names that bore no relation to the history or geography of the area. But the request was ignored and the appetite of the nouveaux riches for fancy sobriquets remained undiminished.
Sea, mh’anam, níor chuir an t-údar fiacail ann, sa mhéid sin. Ach deir John Lee linn, go mbeidh cead feasta ag an Údarás Áitiúil iachall a chur ar an dtógálaí ainmneacha mí-oiriúnacha a athrú, agus ainmneacha oiriúnacha a chur isteach ina n-áit. Sea, agus más maith fhéin, nach ro-mhithid?
The environment department hopes this will end the “Tuscany Downs syndrome” that has spread throughout Ireland.
Some local authorities had already begun to take the law into their own hands. Kilkenny County Council, after the recent construction of Tiffany Downs, passed a bylaw to “wipe out meaningless and vulgar place names”, as one councillor put it.
Michael Lanigan, a councillor who championed the cause in Kilkenny, said; “We are losing out by not putting a stamp on names with local meaning….The history of Kilkenny gives us enough opportunities to reflect our heritage in naming new estates”
Mar adúirt mé, níl a fhios agam cá bhfuarthas an ghearrthóg céanna sin.
Ní bhainfidh mé úsáid ach as gearrthóg amháin eile, agus tógadh an ceann seo as an Southern Star, dár dáta 14/9/’02. Seo mar a thosaíonn an ceann seo….
Many changes have taken place in Ballygarvan in the past year but the people are not forgetting its heritage and culture as demonstrated at a pleasant outdoor ceremony recently organised by the local history society, where a tree was planted to mark National Heirtage Week and Gael-Taca made a presentation, acknowledging the use of Irish in the impressive new Gleann Álainn housing development.
Fair Play dhóibh, tá Gael-Taca i mbun oibre ansin freisin, agus an-éacht á dhéanamh acu sa limistéar sin, nó ní hamháin go bhfuil Gleann Álainn baiste ar chuid den scéim tithíocha sin, ach tá freisin, i mbéal an dorais ag an nGleann Álainn sin, an cupla álainn eile úd, Gleann Dara, agus Gleann Rua.
Ag an searmanas tíolactha sin, labhair Pádraig Ó Cuanacháin, as Gaeilge, faoi thábhacht na Gaeilge, teanga a bhí á labhairt sa tír seo “roimh éag do Chríost” mar a chuir an file fadó é, go háirithe, nuair a chuirtear san áireamh, go raibh ainmneacha Gaeilge ar ár mbailte le sinsearacht. Ach, b’fhéidir gur leor seo, do thuras na huaire seo, ach amháin a rá, gur chóir dúinne freisin, anseo i Ríocht ársa Osraí, smaoineamh ar ár n-oidhreacht uasal logainmneacha, nuair a théann muid ag baisteadh eastát agus sráideanna inár ndúiche fhéin.
Mo bhuíochas do Phádraig Ó Cuanacháin, as mé a chur ag tochrais ar an gceirtlín sin, in alt na seachtaine seo. Ní fhéadfadh éinne leisce a chur ina leith, chomh fada is a bhaineann sé le cur chun cinn na teanga, i measc tógálaithe, agus lucht gnó, sa Chathair chorraitheach úd, cois Laoi na Long. Gura seacht fearr a bheidh siad, bliain ó inniu!
.
.